Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Babhta Ceannais Junk Kouture le craoladh ar an teilifís den chéad uair riamh

Scroll
4 min read

Babhta Ceannais Junk Kouture le craoladh ar an teilifís den chéad uair riamh

4 min read

3/02/21

Babhta Ceannais Junk Kouture le craoladh ar an teilifís den chéad uair riamh

Soilse, ceamara, aicsean a chloisfear an Déardaoin beag seo 4 Feabhra ag 7pm ar RTÉ2 agus mic léinn as gach cearn d’ Éirinn i gcoimhlint le chéile le Babhta Ceannais Junk Kouture 2020, á Sholáthar ag RTÉ, a bhuachan an Déardaoin beag seo, 4 Feabhra ag 7pm ar RTÉ2.

Agus anois den chéad uair riamh, déanfar Babhta Ceannais Junk Kouture, le tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach a chraoladh ar an teilifís, agus dearaí dochreidte na ndaltaí á gcraoladh díreach chuig tithe na tíre, ag léiriú talann na ndaoine óga cumasacha seo a d’fhan chomh foighneach sin i rith na paindéime leis an ngaisce seo a dhéanamh. Bí ag faire ar aicsean ar fad ar RTÉ2 agus ar Sheinnteoir RTÉ  chun a fháil amach cé ar a mbronnfar an chéad ghradam eile de Junk Kouture.

Babhta Ceannais JunkKouture 2021

Open Video

Tá an Babhta Ceannais, a ndearnadh scannánú air in ionaid nua, iontacha, áille ar fud na hÉireann, curtha in oiriúint don saol ina mairimid. Ní hamháin go dtugtar deis do na mic léinn a saothair a léiriú ar bhealach sábháilte ach faigheann siad taithí freisin ar a bheith ar dhuine de na réaltaí i léiriúcháin teilifíse. Arna óstáil ag láithreoirí 2FM Laura Fox agus Emma Power, is féidir le lucht féachana sa bhaile a bheith ag súil le seó mór léiriúcháin, ealaíne, dearadh, inbhuanaitheacht agus faisean ardleibhéil ar an oíche, agus na mic léinn ar a seacht ndícheall ag iarraidh dul i bhfeidhm ar phainéal saineolach de mholtóirí, lena n-áirítear moltóir X-Factor Louis Walsh agus moltóir RuPaul’s Drag Race, Michelle Visage. Beidh léiriú speisialta ceoil ann freisin ón mbanphrionsa pop agus amhrání ar 2FM Rising, Aimée, a chasfaidh a singil nua, Bulletproof.

Siúlfaidh gach mac léinn go móiréiseach i ndearaí a bheidh déanta go hiomlán as gnáth mhangarae: is cuma an seanbhoinn, scuaba fiacla nó tósta dóite atá ann, tá gach rud ceadaithe chomh fada is a bhaineann le Junk Kouture. Is í an bhunriail ná go gcaithfidh an feisteas a bheith déanta as ábhair atá athchúrsáilte 100%.

Ag deireadh na hoíche beidh €1,000 á bhronnadh ar Bhuaiteoir Junk Kouture 2020 agus €2,000 eile ar an scoil bhuacach. Beidh neart duaiseanna eile le gnóthú ar an oíche freisin ag Cóisir na mBuaiteoirí, a chraolfar ar junkkouture.com díreach tar éis an phríomhthaispeántais, lena n-áirítear The Bright Enterprise Award agus an Gradam Cruthaitheach do Chúis, Waste2Wear.

Dúirt breitheamh Junk Kouture Michelle Visage: Bhí go leor thuas seal thíos seal i gceist i mbliana do gach duine ach ar chaoi éigin tá bealach aimsithe ag Junk Kouture chun dul in oiriúint do chúrsaí  agus is mar fheall ar an teacht aniar sin go bhfuil mé ar bís le bheith páirteach sa deichiú Babhta Ceannais den chomórtas iontach seo. Ní ligfear ár mbuaiteoirí i ndearmad  toisc go mbeidh an Babhta Ceannais á chraoladh ar an teilifís den chéad uair – nach iontach go deo an rud é sin? Is breá liom gach rud a bhaineann leis an gcomórtas seo as ní hamháin toisc go dtaispeánann sé an chruthaitheacht neamhghnách atá ag an gcéad ghlúin eile, ach go bhfuil teachtaireacht thábhachtach ann dúinn go léir freisin: aire a thabhairt don domhan ina mairimid. Ba mhaith liom go dtapódh na hiomaitheoirí ar fad an deis agus gach a bhfuil acu a thaispeáint. Is fada liom go bhfeicfidh mé an tallann iontach, atá mé cinnte a bheith ar taispeáint. Agus tá mé thar a bheith sásta bualadh arís leis an Uasal Louis Walsh agus cabhrú leis an gcraobh a bhronnadh ar an gcéad bhuaiteoir eile de Junk Kouture.

Junk Kouture Judge Louis Walsh said: Tá mé i mbun moltóireacht ar Junk Kouture le deich mbliana anois agus caithfidh mé a admháil, go raibh faitíos mo chroí orm nach bhféadfadh an deichiú cluiche ceannais dul ar aghaidh. Bhí uaireannta ann nuair a smaoinigh  muid ar fad, ‘conas is féidir linn é seo a chur i gcrích?ach tá mé an-sásta gur éirigh le Junk Kouture gach constaic a shárú agus seó iontach ar fad a eagrú do gach duine. Tá sé dochreidte an chaoi ar casadh rudaí timpeall Agus anois beidh an babhta ceannais ar an teilifís den chéad uair! Is í seo an deichiú bliain ag Junk Kouture agus is cinnte go bhfuil rudaí níos mó agus níos fearr ná riamh. Agus rud níos iontaí fós, in ainneoin go bhfuil Michelle ar an taobh eile den domhan, beimid in ann moltóireacht a dhéanamh  ar an gcomórtas seo le taobh a chéile, a bhuíochas sin don teicneolaíocht. Tá mé thar a bheith  sásta a bheith páirteach agus in ann a bhfuil réitithe ag na mic léinn dúinn a fheiceáil. Baineann Junk Kouture go hiomlán leosan agus is fada liom go bhfeicfidh mé cé a bheidh ar an gcéad scéal mór eile!”

Dúirt Tania Banotti Stiúrthóir Éire Ildánach : “Tá ríméad orainn a bheith ag tacú le Junk Kouture in 2021, tar éis dúinn sárchruthaitheach na ndaoine óga seo a fheiceáil ag seónna beo thar na blianta. Nuair a rinne siad an gclár a athshamhlú, léirigh Junk Kouture tiomantas dá phobal cruthaitheachta agus múinteoirí agus deis á thabhairt dóibh leanúint leis an gceiliúradh bliantúil seo ar chúrsaí faisin agus uaschúrsála. Táimid bródúil as ról a imirt, ní hamháin ag tabhairt chlár 2020 chun críche, ach freisin i bhforbairt ardán oideachais agus sroicheadh Junk Koure in 2021.

 

Stay up to date

×