Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cruthaíonn tionscadal um ghníomhú ar son na haeráide Chiarraí “móiminteam maidir le gníomh”

Scroll
min read

Cruthaíonn tionscadal um ghníomhú ar son na haeráide Chiarraí “móiminteam maidir le gníomh”

min read

20/04/23

Cruthaíonn tionscadal um ghníomhú ar son na haeráide Chiarraí “móiminteam maidir le gníomh”

Seo ceann de chúig thionscadal déag (15) a fuair maoiniú trí thionscnamh um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide Éire Ildánach sa bhliain 2021, Corca Dhuibhne Inbhuanaithe – Samhlúchán Cruthaitheach a tháinig chun críche le gairid.

Ar feadh na bliana 2022, rinne Leithinis an Daingin óstach ar Lisa Fingleton, ealaíontóir leabaithe an tionscadail, agus Lisa i mbun oibre leis an bpobal feirmeoireachta áitiúil ó thaobh féachaint go cruthaitheach ar bhealaí ina bhféadfadh feirmeoirí ar an leithinis tabhairt faoin éagsúlú chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide.

Agus é mar aidhm le Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide an Rialtais 2022 laghdú 50% a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin faoin mbliain 2030, beidh tionchar ag baint amach na sprice seo ar gach saoránach – go háirithe ar earnáil na talmhaíochta seachas aon earnáil eile. Mar gurb ionann earnáil na talmhaíochta agus breis is 30% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann agus an brú ag méadú ar na hearnálacha feirmeoireachta a lorg carbóin foriomlán a laghdú, tá obair Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe agus Lisa Fingleton in Iarthar Chiarraí thar a bheith fadbhreathnaitheach.

Lisa Fingleton. Photo: Manuela Dei Grandi

“Amhail is fearr atáimid ag oibriú as lámha a chéile, amhail is fearr a bheimid feistithe do na dúshláin atá romhainn”

Oibríodh tríd an tionscadal le 10 dteaghlach feirmeoireachta ó Leithinis an Daingin chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí le tabhairt faoi éagsúlú lena gcuid cleachtas feirmeoireachta a dhéanamh níos inbhuanaithe.

“Roghnaíomar, ag tús an tionscadal, grúpa feirmeoirí agus ealaíontóir ‘leabaithe’ tionscadail chun iniúchadh a dhéanamh agus réitigh um ghníomhú ar son na haeráide a aithint a oibríonn don phobal feirmeoireachta áitiúil agus don tsochaí níos leithne,” a deir Caitríona Fallon, bainisteoir tionscadail Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe.

“D’fhan an uile dhuine a chláraigh leis an tionscadal i dteagmháil agus tá sé chomh sásúil an caidreamh atá á chruthú idir na rannpháirtithe ar feadh na bliana a fheiceáil. Tá cur le hacmhainneacht chun tabhairt faoin éagsúlú, agus dul in oiriúint do agus an ceann is fearr a fháil ar athrú aeráide ríthábhachtach, amhail is fearr atáimid ag oibriú as lámha a chéile, amhail is fearr a bheimid feistithe do na dúshláin atá romhainn.”

Thug Lisa Fingleton, ealaíontóir, scríbhneoir, feirmeoir orgánach agus ealaíontóir leabaithe an tionscadail, aghaidh ar shaincheisteanna timpeallachta ar nós athrú aeráide, cailliúint bithéagsúlachta agus slándáil bia ina cleachtadh cruthaitheach le roinnt mhaith blianta. Rinne Lisa cur síos ar a ról sa phróiseas mar ‘dhuine cruthaitheach’, agus tá sí ag obair go dlúth le teaghlaigh feirmeoireachta agus chabhraigh sí le bealaí nua smaointeoireachta, tuairimí nua agus cur chuige nuálach a chruthú:

“Is mór an phribhléid dom oibriú go dlúth le feirmeoirí ó Leithinis an Daingin le bliain anuas agus cuairt a thabhairt ar gach aon fheirm cúpla uair. Thug an méid seo deis uathúil dom tuiscint a fháil ar an gceangal domhain atá acu leis an talamh agus a n-údar imní maidir le hathrú aeráide atá ag méadú. Le chéile, rinneamar cíoradh go cruthaitheach ar a dtaithí agus ar a gcuid smaointe don todhchaí ó thaobh ghníomhú ar son na haeráide agus bithéagsúlacht a chosaint. Bhí sé iontach rannpháirtíocht na dteaghlach feirme níos leithne a fheiceáil, lena n-áirítear, leanaí agus comhpháirtithe. Chruthaigh an tionscadal ceangal cairdis idir na teaghlaigh agus móiminteam dáiríre maidir le gníomh.”

Mhothaigh Lisa agus an fhoireann tionscadail go raibh léargas uathúil maidir le hathrú aeráide na bhfeirmeoirí a bhí rannpháirteach grinn. “Tá sé soiléir go bhfuil siad ina chroílár. Tá ar a gcumas é a fheiceáil ag tarlú os a gcomhair amach” a dúirt Lisa. “Chuaigh na híomhánna a thug siad dúinn maidir le hainmhithe a bheith ag cur allais i seideanna lataí mar gheall ar mhí Eanáir a bheith ró-the, nó polatholláin á séideadh san aer, nó ag leathnú draenacha chun déileáil leis an oiread sin báistí, rósanna atá ag fás faoi Nollaig nó saoirseacht chloiche, go mór i bhfeidhm orainn.”

Ealaíontóir leabaithe Lisa Fingleton

"“Chuaigh na híomhánna a thug siad dúinn maidir le hainmhithe a bheith ag cur allais i seideanna lataí mar gheall ar mhí Eanáir a bheith ró-the, nó polatholláin á séideadh san aer, rósanna atá ag fás faoi Nollaig ... go mór i bhfeidhm orainn”"

A Shamhlú Cruthaitheach | Clár faisnéise 2023 - Lisa Fingleton

Open Video

An Chruthaitheacht agus an Fheirmeoireacht – cad é an ceangal?

D’admhaigh go leor de na feirmeoirí, ar fhéachaint siar dóibh, go raibh siad ag streachailt ag tús an tionscadail maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an chruthaitheacht agus an fheirmeoireacht nascadh le chéile. Mar a mhínigh an feirmeoir caorach John Joe Fitzgerald:

“Nuair a bhíomar ag caint faoi ealaíontóirí ag an tús, dúirt mé féin, ‘cén bhaint atá ag an ealaín seo le feirmeoireacht?’ Tagann sé rite linn uaireanta sinn féin a chur in iúl nó ní thagann na focail linn. Cad atá i gceist againn? Cén bealach a ndéanfaidh mé cur síos air seo? Ach nuair a bhíonn tú ag caint le Lisa, bhí ar a cumas sceitse a chur le chéile agus féachann tú ar na sceitsí agus tuigeann tú go díreach cad a bhí tú ag iarraidh a rá.”

I mí Mheán Fómhair 2022, thug roinnt de na feirmeoirí cuairt agus chuir siad leis an mBalla Aeráide Cruthaitheach éachtach a bhí cruthaithe ag an bhfoireann ar láthair an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta i gContae Laoise. Agus úsáid á baint as an ngrafach a bhí curtha le chéile ag Lisa maidir le saothrú agus saineolas comhoibríoch, chuidigh láithreacht an bhalla leathnú a dhéanamh ar an bpróiseas ag an imeacht agus cur le rannpháirtíocht níos mó feirmeoirí.

“Bhí an líon feirmeoirí a bhí ag stopadh agus ag féachaint ar an obair a bhí idir lámha againn agus iad ag gabháil thar bráid dochreidte. Agus chloisfeá iad ag rá, ‘sin go díreach a theastaigh uainne a rá, agus tá an méid sin á rá againn leis na blianta’, agus chuir sé sin dlús le díospóireacht agus thosaigh daoine ag comhrá le chéile.”

Níl aon dabht ann ach gur uirlis inláimhsithe a bhí i gceist leis an mballa, a raibh sé mar aidhm leis an tsamhlaíocht laistigh den phobal feirmeoireachta a spreagadh agus maidir leis an méid is féidir leis na feirmeoirí a dhéanamh chun dul i ngleic le hathrú aeráid agus athrú a chur ar chailliúint bithéagsúlachta agus an comhrá maidir le gníomhú ar son na hAeráide a thabhairt chun lucht féachana talmhaíochta níos leithne an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, a d’oibrigh thar barr leis an scéal a insint ar bhealach tarraingteach agus físeach.

“Bhí sé dochreidte, nuair a d’fhill daoine chun a dtuairim a thabhairt agus an tuairim sin a fheiceáil ar an mballa. Agus táim den tuairim gurbh í sin a chúis a raibh an oiread sin tóir air. Mar is eol duit, ní doiciméad páipéir a bhí i gceist leis. Bhí sé leagtha amach, bhí sé ar chumas daoine é a fheiceáil … ní raibh ceart nó mícheart ann.” – Niamh Foley, feirmeoir mairteola, Cathair Uí Mhóráin.

“Thug sé ugach dom athruithe a dhéanamh nár mheas mé a bheith indéanta”

Le bailiú agus comhroinnt faisnéise i gcroílár an tionscadail, thug na rannpháirtithe cuairt ar roinnt feirmeacha nuálacha, ar shaoráidí fuinnimh in-athnuaite agus ar thionscnaimh a bhí dírithe ar inbhuanaitheacht ar nós Gás Glas, saoráid díleá anaeróbach i gContae Luimnigh: agus ar Mhuileann Ola Chiarraí i Lios Treighe, áit a gcuirtear fuinneamh in athnuaite ar fáil trí scéim hidrea-mhicrea a suiteáladh le gairid chun an muileann ola a chur ag obair, a chiallaíonn laghdú ar lorg carbóin an fhiontair.

“Tá an tionscadal thar barr ar fad. Ar cheann de na príomhbhuntáistí tá comhroinnt faisnéise – agus tá go leor faisnéise á comhroinnt. Chuamar ar go leor cuairteanna iontacha ar fheirmeacha nuálacha agus ar thionscnaimh ghlasa nach mbeadh cuairt tugtha agam orthu murach sin, mar go rabhthas den tuairim nach bhféadfainn na cleachtais sin a fheidhmiú ar m’fheirm féin. An mhí seo chugainn, táim chun suas le 500 crann dúchasach a phlandáil chun na fálta sceach a dhéanamh níos tibhe. Thug sé ugach dom athruithe a dhéanamh ar m’fheirm féin nár mheas mé a bheith indéanta.” – Niamh Foley

Seamus agus Lís Uí Chiobháin. Photo: Lisa Fingleton

Guthanna ón nGort / Voices from the Fields

Tugadh an tionscadal chun críche i mí Eanáir 2023 leis an gcéad chur i láthair de shraith scannáin ghearra – Guthanna ón nGort / Voices from the Fields – inar tugadh cuntas ar thaithí agus ar smaointe na bhfeirmeoirí a bhí rannpháirteach sa tionscadal. Is í Fingleton a bhí i mbun stiúrtha ar na scannáin agus is é Chris Garrett a rinne an scannánaíocht agus bhí Clint Fitzgerald i mbun eagarthóireachta.

Táthar ag súil go dtabharfaidh oidhreacht Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe – Samhlúchán Chruthaitheach, inspioráid do phobail feirmeoireachta eile lasmuigh de Leithinis an Daingin le hathruithe a dhéanamh ar a gcleachtais feirmeoireachta ar bhealaí a rachaidh i ngleic go stuama le hathrú aeráide agus a chuirfidh laghdú ar astaíochtaí.

Faigh tuilleadh faisnéise maidir le tionscadail an Chiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Léigh tuilleadh i ndáil le hathbhreithniú domhain maidir le taithí na foirne tionscadail anseo agus faoi smaointe na dteaghlach feirmeoireachta a bhí rannpháirteach anseo.

Stay up to date

×