Skip to main content

Náisiún
Ildánach

"Tá athrú ó bhonn curtha ag Kinia ar an mbealach a n-oibrím le daoine óga "

Scroll
min read

"Tá athrú ó bhonn curtha ag Kinia ar an mbealach a n-oibrím le daoine óga "

min read

19/05/23

"Tá athrú ó bhonn curtha ag Kinia ar an mbealach a n-oibrím le daoine óga "

Tá sé mar aidhm ag Kinia, carthanacht sheachbhrabúsach agus fiontar sóisialta atá dírithe ar oideachas, a chinntiú go mbeidh scileanna agus deiseanna oideachais atá dírithe ar an todhchaí ar fáil do gach leanbh agus do gach ógánach.

Trí thacaíocht ó Chlár Éire Ildánach, tugann tionscadal Cruthaitheach Teicneolaíochtaí Kinia tacaíocht d’oiliúint foirne agus oibrithe deonacha atá ag obair le daoine óga ar fud réimse teicneolaíochtaí, lena n-áirítear róbataic, beochan, códú, scannánaíocht shoghluaiste, táirgeadh fuaime, dearadh amhairc, réaltacht mhéadaithe / fhíorúil agus spásanna déantúsóirí. 

Déanann Éire Ildánach, i gcomhpháirtíocht le Kinia, urraíocht ar oiliúint teicneolaíochta cruthaithí d’oibrithe don aos óg, d’oibrithe deonacha don aos óg agus do lucht oideachais eile a oibríonn le daoine óga.  I gcroílár an tionscadail, tá tacaíocht a thabhairt don spéis sna teicneolaíochtaí agus i bhforbairt scileanna sa todhchaí do dhaoine óga lasmuigh de shocrúchán scoile, agus ag an am céanna a ullmhaíonn a gcuid meantóirí fásta leis na scileanna agus leis na huirlisí leis an bhfoghlaim ríthábhachtach seo a éascú.  

Le cúpla bliain anuas, d’oibrigh Kinia le Antoinette Pentony, Oifigeach Tionscadail Críochnaithe Scoile san Uaimh. Le breis is 35 bliain taithí ag obair le daoine óga, oibríonn Antoinette le daltaí meánscoile atá i mbaol éirí as an scoil go luath, nó a bhfuil deacrachtaí acu le rannpháirtíocht i gcuraclam na scoile. 

 Tugadh an deis d’Antoinette a bheith rannpháirteach i gclár Kinia le linn dhianghlasáil COVID-19, agus chríochnaigh sí Cruthaitheacht Dhigiteach; modúl scannánaíochta soghluaiste sa bhliain 2021, agus Eolaíocht Ríomhaireachta: Modúl Códúcháin ina dhiaidh sin.

 Mar chuid d’oiliúint Kinia, faigheann gach rannpháirtí Paca Kinia, agus cuirtear an trealamh go léir ar fáil, ionas go mbeadh sé ar chumas an lucht freastail taithí phraiticiúil theagmhálach a fháil, ach freisin ionas gur féidir leis na daoine óga leanúint leis an trealamh a úsáid nuair a bhíonn na seisiúin oiliúna críochnaithe acu agus i bhfad ina dhiaidh sin.

“Bainim úsáid as Kinia Kits mar mhodheolaíocht le bheith rannpháirteach leis na daltaí a bhfuilim ag obair leo”, a mhínigh Antoinette. “Is breá leo trealamh a dhéanamh agus measaim gur fóram foirfe atá ann ina bhfaigheann siad scileanna atá bunaithe ar theicneolaíocht agus déanaim forbairt ar chaidreamh fadtéarmach leo, agus tá tionchar ollmhór aige sin ar a bhfreastal, a dteagmháil agus a rannpháirtíocht sa scoil.”

“Is breá leis na daoine óga lena bhfuilim i dteagmháil a bheith ag obair le Kinia Kits. Déanta na fírinne, tá siad an-tógtha leis. Is breá leo a bheith cruthaitheach freisin agus an trealamh a chur in oiriúint / a mhaisiú mar is mian leo. Tosaíonn siad ag fáil tuiscint ar an mbunú atá leis na ciorcaid, srl., agus téann siad chun cinn le níos mó trealamh a dhéanamh agus is féidir leat iad a fheiceáil agus iad ag aistriú na scileanna atá foghlamtha acu cheana féin.”

Fiú agus an oiliúint tugtha chun críche, soláthraíonn Kinia tacaíocht leanúnach ionas go mbeidh ar chumas gach rannpháirtí a bheith muiníneach agus compordach leis scileanna nua atá foghlamtha acu a chur i bhfeidhm leis na daoine óga lena bhfuil siad ag obair agus i mbun idirghníomhaithe leo.

 Rinne Antoinette cur síos ar an tionchar dearfach atá ag Cláir Kinia ar chaighdeán na hoibre atá á dhéanamh aici le daoine óga: 

“D’oscail Kinia bealach nua iomlán dom le bheith rannpháirteach le daoine óga. Faighim thar a bheith úsáideach é i mo chuid oibre go laethúil agus tá tionchar ollmhór aige ar an gcaidreamh atá agam le daoine óga agus ar an gcomhoibriú atá idir daoine óga ó thaobh caidreamh agus cairdeas nua a fhorbairt.

Antoinette Pentony, Oifigeach Tionscadal Críochnaithe Scoile na hUaimhe

"D'oscail Kinia bealach iomlán nua dom le dul i dteagmháil le daoine óga... chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an gcaidreamh atá agam le daoine óga"

“Táim cinnte gur cheart staidéar a dhéanamh ar an tionchar dearfach a bhaineann le bheith ag obair le Kinia Kits agus leis na hacmhainní mar mhodheolaíocht oideolaíochta do dhaoine óga atá ar an imeall agus atá faoi mhíbhuntáiste”, a dúirt Antoinette agus í ag cur leis an méid sin. “Táim i mbun comhráite i láthair na huaire ó thaobh grúpa teicneolaíochta a bhunú do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste bunaithe ar shocrúchán pobail.”

I mí Dheireadh Fómhair 2022, thug foireann Kinia agus Clár Éire Ildánach cuairt ar scoil Naomh Seosaimh san Uaimh, áit a bhfuil Antoinette Pentony ag obair.

Mhínigh Antoinette, le linn na cuairte, go bhfuil an úsáid is fearr is féidir bainte aici as oiliúint, trealamh agus tacaíocht Kinia ina cuid oibre le daoine óga leochaileacha, ag cuidiú leis an tionchar dearfach atá ag oiliúint Kinia ar an talamh a léiriú:

“Tá athrú ó bhonn déanta ag Kinia ar bhealach dearfach ar an gcaoi a n-oibrím le daoine óga. Chuidigh a gcuid oiliúna go mór le taithí dhearfach foghlama a chur chun cinn do dhaoine óga.”

Coinnigh súil amach d’oiliúint Teicneolaíochta Cruthaithí ag  kinia.ie agus foghlaim tuilleadh maidir le comhoibriú Kinia agus Éire Ildánach anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×