Skip to main content
Picture: Alf Harvey.

Náisiún
Ildánach

Éispéiris na ndaoine scothaosta á cheiliúradh ag taispeántas i Laois

Scroll
3 min read

Éispéiris na ndaoine scothaosta á cheiliúradh ag taispeántas i Laois

3 min read

9/09/22

Éispéiris na ndaoine scothaosta á cheiliúradh ag taispeántas i Laois

Osclaíodh an taispeántas Fadó Faces le déanaí in Ionad Ealaíon Dhún Másc i bPort Laoise, agus é ag ceiliúradh saol agus scéalta na ndaoine scothaosta i gContae Laoise.

Agus é ag taispeáint péintéireacht portráidí traidisiúnta agus ealaín dhigiteach a rinne rogha d’ealaíontóirí áitiúla cumasacha – Bronagh ConroyAishling HennessyRay MurphyKevin McCannMike RafterPauline ConroyAntoinette BreenKate DeeganAllen Scully, agus Mark Fisher – tá an taispeántas mar chuid den tionscnamh An Chruthaitheacht i measc Daoine Scothaosta de chuid Éire Ildánach i Laois 2022.

Ag labhairt dó faoin tionscadal cuimsitheach seo, dúirt an t-ealaíontóir agus an té a chruthaigh an taispeántas Kevin McCann:

“Tugann Fadó Faces aghaidheanna na ndaoine scothaosta inár gcontae le chéile agus táim an-sásta go bhfuil mé féin agus an naonúr ealaíontóirí eile atá i dtaispeántas na bliana 2022 in ann ómós a thabhairt arís do shaol ár suiteoirí, agus an portráidíocht mar sheánra ag ceangal na n-ealaíontóirí lena n-ábhair.”

Thosaigh sé amach sa bhliain 2021 mar thaispeántas ealaíne ‘tiomáin thairis’ amuigh faoin aer agus tá sé i gceist go leanfadh an tsraith Fadó Faces ar aghaidh ar feadh tréimhse chúig bliana go dtí 2025. Faoin am sin, beidh an tionscadal tar éis a bheith ag plé le 100 duine scothaosta i Laois – agus tabharfaidh sé seo cartlann shaibhir éagsúil dúinn sa deireadh le ceiliúradh a dhéanamh ar an saol agus ar na scéalta fíorluachmhara atá ag na daoine laistigh de phobal an chontae.

Ní tionscadal amharc-ealaíne amháin atá anseo toisc go gcaomhnaíonn Fadó Faces freisin an stair thábhachtacha béil atá ar fáil go háitiúil agus na healaíontóirí ag tógáil grianghraif agus ag taifeadadh scéalta pearsanta ó gach duine de na suiteoirí ag an am céanna. De bharr go dtugtar léargas ann ar na heispéiris uathúla a bhí ag daoine a d’fhás aníos sna 1930idí, sna 1940idí agus sna 1950idí, cuireann na taifeadtaí seo ar an eolas muid faoi na difríochtaí ollmhóra atá idir an saol a bhí ann ag an am sin agus saol an lae inniu. Oibríonn an taispeántas mar bhealach cruthaitheach leis na scéalta seo a insint agus, níos tábhachtaí fós, iad a chaomhnú.

Dúirt Oifigeach Ealaíon Laoise agus Comhordaitheoir Éire Ildánach, Muireann Ní Chonaill agus í ag cur síos ar an taispeántas gurb é atá ann “eispéireas ar leith ina bhféadfá teacht ar dhuine de do chomharsana nó b’fhéidir duine ar a bhfuil aithne súl agat, nó ar strainséir iomlán ó chuid eile den chontae. Tá brí ag baint leis nuair a bhíonn tú ag breathnú ar a bportráidí agus ag léamh a gcuid scéalta agus bíonn ceangail agat leo trína dtaithí bheo, bíodh siad ag caint faoi aoibhneas, faoi chailliúint nó cuimhní cinn.”

Artist Pauline Conroy with Eileen McFadden and Eileen’s portrait. Pic: Alf Harvey

Fadó Faces: Oíche Chultúir

Chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh, beidh ceardlann sceitseála bheo le duine / suiteoir scothaosta á héascú ag an ealaíontóir Allen Scully ó Fadó Faces. Beidh sé ar siúl sa Ghailearaí in Ionad Ealaíon Dhún Másc Dé hAoine an 23 Meán Fómhair, 6pm-7.30pm.

Tá sé oiriúnach d’ealaíontóirí/do dhaoine cruthaitheacha i ngach aoisghrúpa agus le gach leibhéal taithí, níl le déanamh agat ach d’ábhar agus d’uirlisí féin a thabhairt leat, m.sh. leabhar sceitseála, páipéar, pinn luaidhe, srl, agus sásamh a bhaint as 90 nóiméad de sceitseáil bheo agus na suiteoirí ag cur staidiúir éagsúla orthu féin a mbeidh tú in ann breathnú orthu agus dul i mbun oibre leo.

Tá áirithint riachtanach toisc go bhfuil áiteanna teoranta, glaoigh ar Ionad Ealaíon Dhún Másc ar 057 866 3355 nó seol ríomhphost chuig info@dunamaise.ie

Beidh Fadó Faces ar siúl in Ionad Ealaíon Dhún Másc ón 19 Lúnasa – 30 Meán Fómhair 2022, Dé Máirt – Dé Sathairn, 10am – 5pm.

Stay up to date

×