Skip to main content
Aches Final Piece, Ardú Street Art Initiative, supported by Cork City Council Arts Office and Creative Ireland. Credit: Clare Keogh

Náisiún
Ildánach

Léargas ar na tionscadail ealaín na sráide a bhfuil ag cothú dathanna agus samhlaíocht dár bpobail

Scroll
6 min read

Léargas ar na tionscadail ealaín na sráide a bhfuil ag cothú dathanna agus samhlaíocht dár bpobail

6 min read

11/02/21

Léargas ar na tionscadail ealaín na sráide a bhfuil ag cothú dathanna agus samhlaíocht dár bpobail

Le linn 2020, mhuscail sraith tionscadail ealaín sráide dathanna, spraoi agus samhlaíocht ar sráideanna na mbailte agus cathracha trasna na tíre, le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach ó chroílár Chorcaí go lánaí ciúine Chloch na Rón, Co na Gaillimhe.

I rith na n-amanna is deacra, ba í ealaín na sráide an t-aon fhoirm ealaíne a raibh rochtain go fóill uirthi toisc go raibh muintir an phobail in ann sásamh a bhaint as na píosaí ealaíne seo taobh amuigh agus iad i mbun scaradh sóisialta ceart go fóill. Agus an bhliain ag teacht chun deiridh, glacaimid sracfhéacaint ar na tionscadail agus labhraimid leis na healaíontóirí a chruthaigh an draíocht ar ár sráideanna.

Tionscnamh Ealaín Sráide Ardú – Cathair Chorcaí

Seoladh Ardú mí Dheireadh Fómhair 2020 le píosaí ealaíne sráide i rith áiteanna timpeall chathair Chorcaí Sráid Anraí, Sráid Anglesea agus Sráid Harley ó roinnt de na healaíontóirí sráide is fearr, Aches, Maser agus Shane O’Driscoll ina measc. Ba í Deirdre Breen ceann de na healaíontóirí a raibh baint acu leis an tionscadal agus ba léi an Múrphictiúr Placemaking ar Ché Wandesford. Labhrann sí anseo faoin nasc atá aici leis an bpíosa agus cé chomh sásta is a raibh sí le freagra dearfach an phobail.

Deirdre Breen: “Bhíodh spás tionscnaimh agam ag Backwater agus is ball mé de Cork Printmakers agus oibrim go rialta ón ionad, mar sin tá brí mhór leis domsa go pearsanta. Is spás iontach tábhachtach, beoga atá ann i lár ár gcathrach.

Mhair an obair coicís ina iomlán. Ar dtús bhí orainn na ballaí a ullmhú agus prímeáil. Agus sin críochnaithe, rinneadh cearnóga méadaracha a tharraingt ar an mballa. D’úsáid mé aiseanna X agus Y gach cearnóg le pointí líne a bhreacadh síos agus bhí mé in ann na línte a nascadh ansin, B’shin an píosa is casta, go háirithe sna háiteanna a raibh cruthanna agus aingil níos lú ann. Agus an dearadh breactha go maith ar an mball, níorbh ann ach an balla a pheinteáil, píosa ar phíosa, agus a bheith cinnte go raibh na línte go deas neata. Bhí an-aimsir againn ar feadh na coicíse agus an t-adh orainn leis sin. Críochnaíodh an múrphictiúr díreach in am d’Oíche Chultúir, mar sin ba dheas go raibh daoine in ann sos a ghlacadh ar an mballa taobh eile na habhainn agus breathnú air.

Ba iontach an freagra go dtí seo. Fuair mé an-chuid aiseolais álainn ó na híomhánna agus físeáin de ar líne, sheol roinnt daoine pictiúir dóibh ag idirghníomhú leis an bpictiúr. Leis na srianta reatha, bhí ar mhúsaeim, iarsmalanna agus eagraíochtaí ealaíne a dhorais a dhúnadh agus cuireadh neart taispeántais ar athló. Ba tionscnamh iontach an fhéile Ardú a ghlacann an ealaín taobh amuigh. Bhain daoine an-sult as slí na féile, agus bhí tionchar dearfach aige ar ár bpobail áitiúla agus é ag tabhairt spraoi do dhaoine le linn an ama dheacair seo.”

Above:

Tionscadal Bhallaí Phort Láirge

Tá Féile Ealaín Sráide Bhallaí Phort Láirge ag tabhairt iontais do lucht féachana ar feadh blianta anois ag áiteanna éagsúla trasna na cathrach, in 2020 áfach bhí na múrphictiúir níos speisialta arís. Nochtadh múrphictiúr clógrafaíoch Vanessa Power agus roineann sí scéal chruthú an phíosa thíos.

Vanessa Power: Rinne siopa Ardkeen urraíocht ar mo phíosa mar chuid de Bhallaí Phort Láirge i mbliana agus theastaigh uaim rud éigin a pheinteáil leis sin a thaispeáint. Tá an teideal SO FRESH ag súgradh le tairgí an tsiopa agus téarma ó na 80idí a raibh brí leis go raibh rud éigin nua nó go deas. Is é slab serif an stíl litreoireachta agus tá an SO sa stíl scripte, lean mé leis na teicníce traidisiúnta scríbhneoireachta ar fhógraí don bhfocal FRESH. Theastaigh uaim go mbeidh tionchar mór ag an litreoireacht agus go gcuirfidh sí leis na teorainn spáis. B’iad na litreacha ba mho a pheinteáil mé go dtí an lá inniu agus ba dhúshlán iontach cruthaitheach domsa é. Bhí mé ar chliabhán ardaithe ar feadh cúig lá ag obair air, tharraing mé an dearadh ar fad le cailc agus leachtleibhéal ar dtús.

Is í an chuid líníochta den mhurphictiúr an chuid is deacra ó thaobh ama de agus bíonn orm díriú go mór uirthi ionas go mbíonn an litreoireacht chomh foirfe agus is féidir. Is é an péinteáil an chuid is taitneamhaí den phróiseas. Is breá liom murphictiúir a phéinteáil agus ba bhreá liom tuilleadh deiseanna le litreoireacht mhór a phéinteáil in 2021. Táim ag súil le dul i mbun péinteála arís ag Ballaí Phort Láirge an bhliain seo chugainn.

Above: Vanessa Power

Murphictiúr Maser ag Féile ar an Imeall Bhéal an Átha – Béal an Átha, Co Mhaigh Eo

Spreagtha ag an tuath bláthach timpeall ar thírdhreach Mhaigh Eo, d’athraigh murphictiúr Maser aghaidh an fhoirgnimh ar Sráid an Chnoic, Béal an Átha i mí Dheireadh Fómhair le inn Féile ar an Imeall Bhéal an Átha. Tugann an meascán de thimpeallacht uirbeach agus inspioráid nádúrtha na mbláthanna agus fána ardú meanma don bhaile ar fad.

Above: Maser

Murphictiúr Maser ag Féile ar an Imeall Bhéal an Áth

Open Video

Croí Rónaofa an Altra le Siobhan Harton – Cloch na Rón, Co na Gaillimhe

Nochtadh Croí Rónaofa an Altra le Stiúideó Siobhan Harton i mí na Samhna 2020 mar chuid de Samhlú, clár speisialta teilifíse 90-nóiméad le TG4. Bhí sé in ómós do na hoibrithe ar an bhfronta tosaigh a chosain muid le linn na bliana agus d’ardaigh sé sráideanna Chloch na Rón lena dhathanna áille.

Above: Siobhan Harton

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×