Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Leantar den chruthaitheacht: Síneadh ar an gClár Éire Ildánach go dtí 2027

Scroll
4 min read

Leantar den chruthaitheacht: Síneadh ar an gClár Éire Ildánach go dtí 2027

4 min read

8/02/22

Leantar den chruthaitheacht: Síneadh ar an gClár Éire Ildánach go dtí 2027

I bhfianaise an tiomantais don fhís gur cheart go mbeadh deis ag an uile dhuine a lánacmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach, táthar leis an gclár nuálach uile-rialtais cultúir agus folláine a shíneadh, i bprionsabal, go ceann cúig bliana eile.

Ba í an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, a d’fhógair síneadh spleodrach an chláir inniu (an 8ú Feabhra).

Ó bunaíodh é ina thionscnamh oidhreachta de chuid Éire 2016, Clár Comórtha Céad Bliain ar éirigh go geal leis, tá sé de chlú ar an gClár Éire Ildánach gurb é an t-aon chlár amháin dá leithéid áit ar bith ar domhan.

Cruthaitheacht don duine aonair, don phobal agus don náisiún

Ag croí an chláir, tá an fhís bhunaidh gur cheart an chruthaitheacht a bheith ag croílár an bheartais phoiblí agus go gcuirtear folláine an duine, an phobail agus an náisiúin i gcoitinne chun cinn go héifeachtach trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha.

Ag comhoibriú le gach cuid den rialtas agus ag obair in éineacht le heagraíochtaí ealaíon, pobail agus deonacha, úsáideann Clár Éire Ildánach an chruthaitheacht mar straitéis ríthábhachtach le haghaidh folláine, comhtháthú sóisialta agus rath eacnamaíoch.

Mar aon le hÓige Ildánach, tionscnamh ar éirigh go seoigh leis, bhí ról lárnach ag comhpháirtíocht Pobail Chruthaitheacha an Chláir le 31 d’údaráis áitiúla – lenar cuireadh i gcrích 5,700+ tionscadal cruthaitheach go dtí seo – i dtaca le rannpháirtíocht ríthábhachtach an phobail a éascú ar bhonn náisiúnta.

""Tá Clár Éire Ildánach ar an aon chlár dá leithéid ar chlár na cruinne""

Nuálach, éifeachtach, cruthaitheach

Ag labhairt di ar an síneadh cúig bliana seo atá beartaithe, dúirt an tAire Martin:

“Cuirimse fáilte chroíúil roimh chinneadh an Rialtais an Clár uile-rialtais, Éire Ildánach, a fheidhmiú go ceann cúig bliana eile, agus a bheith ag comhoibriú liomsa sna míonna beaga atá romhainn chun a chreat a fhorbairt. Is amhlaidh go raibh an clár nuálach éifeachtach i dtaca le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine lena n-acmhainneacht chruthaitheach a fhiosrú. Táthar tar éis croí-thionscnaimh amhail Cruinniú na nÓg agus Scoileanna Ildánacha a neadú i mbonneagar cultúrtha na tíre. Tá tionscadail úra atá ag freagairt do cheisteanna sóisialta comhaimseartha amhail gníomhú ar son na haeráide agus an t-uaigneas tar éis teacht chun cinn. Le tacaíocht ó mo chuid comhghleacaithe Comh-Aireachta, tá mé ag dúil le Clár Éire Ildánach a fhorbairt a leanfaidh de bheith ag feabhsú saol daoine sna blianta atá romhainn.”

Agus é lena shíneadh go ceann cúig bliana eile le go gcuimseoidh sé an tréimhse 2023-2027, díreofar Clár Éire Ildánach ar na réimsí seo a leanas:

  • Óige Ildánach
  • Pobail Chruthaitheacha
  • Tionscail Chruthaitheacha
  • Sláinte agus Folláine Chruthaitheach
  • Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Chruthaitheach

Táthar ag súil le go gcuirfear creat deiridh de Chlár Éire Ildánach 2023-2027 faoi bhráid an Rialtais lena fhaomhadh go críochnúil san fhómhar in 2022. Ina dhiaidh sin, foilseofar, seolfar agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn uile-rialtais.

Léigh níos mó faoi Phobail Chruthaitheacha Éire Ildánach | Fógraíodh €6.6m le haghaidh tionscadail údaráis áitiúil Éire Ildánach in 2022

Stay up to date

×