Skip to main content
Aideen McCole IAF

Náisiún
Ildánach

Map Irish Design – Iniúchadh den chéad uair

Scroll
4 min read

Map Irish Design – Iniúchadh den chéad uair

4 min read

16/09/20

Map Irish Design – Iniúchadh den chéad uair

Míníonn Aideen McCole, coimeádaí agus léiritheoir cultúrtha, an tábhacht a bhaineann le Cartlann 100 agus an tionscadal Map Irish Design.

“Ó bunaíodh muid in 2012, d’oibrigh Cartlann 100 — tionscnamh ar líne de chuid phobal deartha na hÉireann — chun an dearadh comhaimseartha in Éirinn a chur i láthair agus na daoine aonair, na stiúideonna agus na cliaint atá taobh thiar de a phlé. Gach bliain ó 2010 ar aghaidh chruthaigh ár nglao oscailte bliantúil rogha de 100 tionscadal dearaidh cumarsáide arbh fhiú cartlannú a dhéanamh orthu. Cuimsíonn an t-ábhar a roghnaítear don chartlann gach bliain dearadh cumarsáide as go leor meán, aschuir agus comhthéacsanna, ó phóstaeir do chlubanna oíche go dtí athbhrandáil le haghaidh comhlachtaí corparáideacha idirnáisiúnta agus ó fhéiniúlachtaí do ghnólachtaí beaga go dtí feachtais ar son mórghluaiseachtaí sóisialta.

Mar thoradh ar ár nglaonna oscailte bliantúla tá bailiúchán ar líne curtha le chéile ina bhfuil os cionn 2300 tionscadal dearaidh a rinne na céadta dearthóirí atá lonnaithe fud fad na hÉireann, chomh maith le scata dearthóirí Éireannacha atá ina gcónaí agus ag obair thar lear. Cé go bhfuil an-lear ábhar agus na sonraí a bhaineann leo bailithe againn, ní raibh an t-am againn riamh breathnú ar an ábhar sin ná nasc a chruthú idir na tionscadail, na háiteanna agus na daoine. Nuair a d’fhógair Clár Éire Ildánach a gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta in 2018, thapaigh muid an deis le hacmhainní a chur i dtreo an chéad scrúdú dá leithéid a dhéanamh ar ár mbailiúcháin: mórthionscadal taighde agus cumarsáide, ar thugamar Map Irish Design air.

Taispeántas Beochana Map Irish Design

Open Video

Map Irish Design Animation Showcase

Open Video

Tá sé mar aidhm ag Map Irish Design an turas a chuir dearadh cumarsáide na hÉireann de, ó bunaíodh Cartlann 100, a leanúint. Le cabhair ó Chlár Éire Ildánach, rinneamar scrúdú ar na tionscadail a cuireadh isteach chun pictiúr a fháil den dearadh in Éirinn: cé a dhéanann é, cá háit, cé leis agus cén fáth. Thosaigh muid ag tabhairt faoi deara an tionchar a bhí ag dearadh na hÉireann ar an tráchtáil, an cultúr agus an tsochaí anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Trí dhearadh a úsáid mar lionsa, d’fhoghlaimíomar an chaoi a leanann cúrsaí gnó in Éirinn ag athrú, na saincheisteanna sóisialta a bhfuil spéis againn iontu agus an bealach a gcuirimid muid féin in iúl go cruthaitheach agus go cultúrtha.

I mí Eanáir 2019 chuireamar foireann le chéile chun oibriú ar Map Irish Design: an taighdeoir Elaine McDevitt, an dearthóir Keelin Coyle ón nGrúpa Oibre, an forbróir James Delaney agus na beochantóirí Joe Coveney agus John O’Connell ó Stiúideo 9. Thar ceann Chartlann 100, rinne mé féin an tionscadal a stiúradh le tacaíocht ó Stephen Ledwidge. Taobh amuigh den croífhoireann, chuaigh muid i gcomhairle le scata daoine eile agus chomhoibrigh muid leo. Tá lear mór daoine cruthaitheacha againn in Éirinn agus creidimid go léiríonn an próiseas agus toradh an tionscadail seo é sin.

Tá súil againn léargas a thabhairt tríd an tionscadal seo ar an tionchar forleathan atá ag an dearadh ar shaol na Éireann. Tosaigh ag iniúchadh an tsuímh — atá roinnte againn sna téamaí Building Culture, Changing Values, Shaping the Everyday and Expanding our Horizons — chun tuiscint a fháil ó agallaimh físe, ailt scríofa, bailiúcháin amhairc agus léirshamhluithe sonraí, ar a mbíonn ar siúl sa dearadh cumarsáide in Éirinn. Creidimid go n-insíonn an t-ábhar atá i gCartlann 100 scéal an dearaidh, agus go n-insíonn an dearadh an scéal s’againne.  Cad faoi spléachadh a thabhairt air?!”

Tabhair Cuairt ar Cartlann 100 ar http://100archive.com 

Stay up to date

×