Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cleamairí

Scroll
2 min read

Cleamairí

2 min read

14/10/20

Cleamairí

II dtús mhí Meithimh, thug Edwina Guckian, damhsóir, Fionnuala Maxwell, amhránaí, agus Brian Mostyn, ceoltóir, cuairt sa bhaile ina gcuid tithe féin ar 32 duine aosta i nDroim ar Snámh, i Liatroim agus i gCora Droma Rúisc i gContae Liatroma.

Bhí ceannbhearta orthu de réir an tsean-nóis agus rinne siad an chleamaireacht a mbeadh cuimhne ag cuid mhór de na seandaoine seo air ó laethanta a n-óige.  Ag an am céanna, rinne an gníomh simplí, cuairt a thabhairt ag an teach, maith maidir le hathrú ón scoiteacht shóisialta a bhí á fhulaingt ag cuid mhór dár taobhaíodh.

I gcomhar le seirbhísí Béilí ag an Doras a haimsíodh liosta na ndaoine a bhí ag déanamh cocúin agus bhain an togra ar fad le clár taighde níos forleithne atá dírithe ar an gcleamaireacht mar ghné den oidhreacht cultúir agus ar an leas a bheadh as sa lá atá inniu ann.

Cé go raibh tábhacht leis an gcuid seo den togra, is léir gurbh é an t-aiteas agus an caidreamh sóisialta an toradh ab fhiúntaí ar obair na gCleamairí seo.  Ní scéal nua ar bith iargúil faoin tuath i saol na hÉireann ach is géire an cás mar gheall ar an bpaindéim faoi láthair agus, dá réir sin, is mór is fiú le hÉire Ildánach an deis páirtnéireachta seo le Comhairle Chontae Liatroma d’fhonn treisiú le beocht roinnt de na saoránaigh is mó a bheadh i mbaol.

Leanfaidh an togra iontach seo go deireadh na bliana in áiteanna éagsúla ar fud Chontae Liatroma. 

 

Stay up to date

×