Skip to main content
Photo: Barry Morgan

Náisiún
Ildánach

Plean Óige Ildánach nua chun leanúint ar aghaidh ag tacú le hAmharclann Óige na hÉireann chun rochtain a thabhairt do dhaoine óga in 2023

Scroll
min read

Plean Óige Ildánach nua chun leanúint ar aghaidh ag tacú le hAmharclann Óige na hÉireann chun rochtain a thabhairt do dhaoine óga in 2023

min read

3/07/23

Plean Óige Ildánach nua chun leanúint ar aghaidh ag tacú le hAmharclann Óige na hÉireann chun rochtain a thabhairt do dhaoine óga in 2023

Tá sé mar fhís ag Amharclann Óige na hÉireann rochtain ar amharclann óige a thabhairt do gach duine óg in Éirinn agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga trí amharclann óige.

Is é Amharclann Óige na hÉireann an eagraíocht forbartha náisiúnta le haghaidh amharclainne óige. Tacaíonn siad le líonra amharclann óige a chuireann cláir cheardlann drámaíochta agus deiseanna léirithe ar fáil do dhaoine óga i rith na bliana i bpobail ar fud na hÉireann. Tá Amharclann Óige na hÉireann tiomanta do chleachtas dramaíochta atá dírithe ar an aos óg, arb aidhm dó feabhas a chur ar thorthaí do dhaoine óga trí thacaíocht a thabhairt dá bhforbairt chruthaitheach, phearsanta agus shóisialta.

Faoi láthair tá 56 amharclann óige in 25 chontae, ag freastal ar 2,700 duine óg.

Faoin chéad Chlár Óige Ildánach, thacaigh an chomhpháirtíocht le hAmharclann Óige na hÉireann le:

  • Forbairt amharclann óige i gceantair nach ndéantar freastal ceart orthu;
  • Earcaíocht amharclainne óige fheabhsaithe;
  • Cur i bhfeidhm cláir folláine do dhaoine óga agus do cheannairí;
  • Seachadadh Cláir Chúnaimh d’Fhostaithe a freastalaíonn ar 350 ceannaire amharclainne óige; agus
  • Oiliúint chreidiúnaithe do cheannairí.

I ndiaidh an ról rathúil a bhí acu i gCruinniú na nÓg in 2022, cuirfidh Amharclann Óige na hÉireann ceardlanna saor in aisce ar fáil do dhaoine óga i rith na himeachta 2023 chun daoine nua a spreagadh le páirt a ghlacadh in amharclann óige. Díreofar níos mó tacaíochta in 2023 ar rochtain ar amharclann óige a leathnú, go háirithe do pháistí agus daoine óga nach gcloistear go minic.

Díreofar fosta ar leanúint ar aghaidh le hoiliúint atá creidiúnaithe ag QQI d’éascaitheoirí, agus tacaíocht don Chlár Náisiúnta Amharclainne Óige.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×