Skip to main content
NO REPRO FEE 14/12/2022 New research highlights importance of vibrant creative economy for Dún Laoghaire. Pictured at the Dún Laoghaire Institute for Visual Arts (DIVA) for the launch of the ‘Towards a Creative’ report are IADT graduates, managing director of DIVA, Tilly Morris, and visual effects artist at EGG VFX, Daniel Powell drawing a portrait of Susan the rabbit. The publication of the report marks the culmination of a six-month research initiative undertaken by Dún Laoghaire-Rathdown County Council’s Economic Development Unit and Arts Office, together with the Public Design Lab at the Institute of Art, Design and Technology (IADT). ‘Towards a Creative Dún Laoghaire’ was designed to explore opportunities for the development of a vibrant, inclusive and sustainable creative economy in Dún Laoghaire. The research involved close to 200 members of the local creative, business and student communities and received funding under the Government’s Creative Communities Economic Action Fund. PHOTO: Mark Stedman

Náisiún
Ildánach

Léiríonn taighde nua an tábhacht a bhaineann le geilleagar cruthaitheach bríomhar a bheith i nDún Laoghaire

Scroll
min read

Léiríonn taighde nua an tábhacht a bhaineann le geilleagar cruthaitheach bríomhar a bheith i nDún Laoghaire

min read

10/01/23

Léiríonn taighde nua an tábhacht a bhaineann le geilleagar cruthaitheach bríomhar a bheith i nDún Laoghaire

Bhailigh an tionscnamh taighde 'Towards a Creative Dún Laoghaire' tuairimí ó phobail áitiúla na cruthaitheachta, an ghnó agus na mac léinn.

D’fhéadfaí borradh suntasach a chur faoi gheilleagar cruthaitheach Dhún Laoghaire dá mbeadh spásanna tiomnaithe ann, lena n-áirítear ‘mol cruthaitheach’, le gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chur ar bun agus a roinnt; an Institiúid Ealaíne, dá mba rud é go raibh IADT níos feiceálaí i lár an bhaile; agus dá dtabharfaí tacaíochtaí spriocdhírithe ó thaobh gnó agus gairme do na fiontraithe cruthaitheacha. Tá siad seo i measc na bpríomhthorthaí a d’eascair as tionscnamh nua taighde idirdhisciplíneach a rinne Aonad Forbartha Geilleagraí agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, in éineacht leis an Saotharlann Dearaidh Phoiblí san Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta (IADT).

Dearadh an tionscnamh dar teideal ‘Towards a Creative Dún Laoghaire’, agus a fuair maoiniú faoi Chiste Gníomhaíochta Eacnamaíochta Phobal Ildánach, d’fhonn féachaint ar na deiseanna a bhaineann le geilleagar cruthaitheach a bheadh bríomhar, cuimsitheach agus inbhuanaithe a fhorbairt i nDún Laoghaire. D’fhoilsigh comhpháirtithe an tionscadail tuarascáil inniu ina leagtar amach na torthaí agus na smaointe a tháinig chun cinn.

Bhí taighde an tionscadail dírithe ar suas le 200 ball den phobal cruthaitheach, lucht gnó agus mic léinn, chomh maith le feidhmeannaigh agus baill foirne IADT agus DLR. Chuathas i gcomhairle leo siúd a bhí páirteach sa taighde trí réimse modhanna comhdhearaidh, lena n-áirítear agallaimh aonair, ceardlann seachtaine ‘charette’ arna óstáil ag IADT, agus sraith d’imeachtaí breise.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an Comhairleoir Mary Hanafin: “Thug an tionscnamh taighde deis iniúchadh a dhéanamh ar an ról tábhachtach atá ag an ngeilleagar cruthaitheach i nDún Laoghaire agus an luach agus an tábhacht bhunúsach a bhaineann le caidreamh níos fearr a chruthú idir an Chomhairle agus IADT. Trí chlár fairsing rannpháirtíochta, thug an tionscadal deis do mhic léinn, do ghairmithe cruthaitheacha, d’ealaíontóirí agus do ghnólachtaí a gcuid uaillmhianta i dtaca le ‘Dún Laoghaire Cruthaitheach’ a chur in iúl agus tá na huaillmhianta sin léirithe sa staidéar seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Frank Curran: “Léiríonn an taighde an tábhacht a bhaineann le geilleagar cruthaitheach bríomhar do bhaile cosúil le Dún Laoghaire agus tugann sé go leor léargas agus smaointe úsáideacha dúinn a tháinig ó phobail áitiúla na cruthaitheachta, an ghnó agus na mac léinn. Níos luaithe an mhí seo, d’fhógair muid comhaontú le IADT faoina mbeidh bunáit nua curtha ar fáil don choláiste i mbaile Dhún Laoghaire agus cé gur tharla sé seo mar thoradh ar phlé fadtéarmach, is léir ón taighde go bhfuil daoine meáite ar chomhoibriú idir an dá institiúid, go mbeadh nuálaíocht chruthaitheach tugtha isteach i lár an bhaile agus go ndeanfaí geilleagar cruthaitheach a fhorbairt i nDún Laoghaire i gcoitinne.

Cllr Mary Hanafin

Trí chlár fairsing rannpháirtíochta, thug an tionscadal deis do mhic léinn, do ghairmithe cruthaitheacha, d'ealaíontóirí agus do ghnólachtaí a gcuid uaillmhianta i dtaca le 'Dún Laoghaire Cruthaitheach'...

“Léiríonn an taighde go dteastaíonn ó dhaoine go gcruthófaí deiseanna nua ionas go mbeidh daoine agus eagraíochtaí cruthaitheacha in ann bualadh le chéile agus comhoibriú le chéile, smaointe a roinnt agus tacú lena chéile, mar shampla trí mhol cruthaitheach tiomnaithe a fhorbairt. Is léir freisin go bhfuil an-éileamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe gnó agus gairme, deiseanna forbartha gairmiúla, gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha idirghlúine agus tuilleadh nach iad. Tá spreagadh agus ábhar machnaimh á thabhairt ag an tionscadal mar a bhaineann le Dún Laoghaire a fhorbairt mar áit cruthaitheach agus bríomhar agus beidh sé thar a bheith úsáideach ó thaobh eolas a dhéanamh dár bpleananna straitéiseacha.”

Dúirt Emma Leahy atá ina Leas-Uachtarán Taighde, Forbartha & Nuálaíochta in IADT,  “D’oibrigh Saotharlann Dearaidh Phoiblí IADT go dlúth lenár gcomhpháirtithe i DLR chun clár taighde taiscéalaíochta nuálach, a chuaigh i dteagmháil le réimse leathan de pháirtithe leasmhara, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Trí uirlisí comhdhearaidh agus straitéisí smaointeoireachta dearaidh a úsáid, bhí na taighdeoirí in ann plé fiúntach a éascú le páirtithe leasmhara atá lonnaithe i nDún Laoghaire agus sa cheantar máguaird. Cuireann an toradh sonraí ar fáil a chuirfidh bonn eolais faoin taighde agus faoin rannpháirtíocht mar a bhaineann leis an ngeilleagar cruthaitheach amach anseo.”

Ar cheann de na gnólachtaí cruthaitheacha a ghlac páirt sa taighde bhí an stiúideo maisíocht físe EGG VFX, a d’athlonnaigh ó lár chathair Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire i mí na Bealtaine 2022. Ag tagairt don athlonnú dúirt stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta, Dhruba Banerjee: “Le linn an tsamhraidh d’earcaíomar 25 céimí a chríochnaigh le déanaí agus mic léinn reatha, agus is ón IADT beagnach leath acu. Bhí an-bhaint ag an athlonnú anseo lena chóngaraí atá an t-ionad barr feabhais seo, atá aitheanta ar fud an domhain don oideachas cruthaitheach. Is buntáiste mór freisin don fhoireann óg ealaíontóirí atá againn go bhfuil lear mór bialanna, tithe tábhairne agus rudaí le déanamh i nDún Laoghaire anuas ar an suíomh álainn cois farraige.”

Is féidir an tuairisc iomlán a íoslódáil anseo.

Stay up to date

×