Skip to main content
Creative Island Creative Future OFFSET 2019

Náisiún
Ildánach

Oileán Ildánach, Todhchaí Ildánach: OFFSET 2019

Scroll
min read

Oileán Ildánach, Todhchaí Ildánach: OFFSET 2019

min read

11/03/21

Oileán Ildánach, Todhchaí Ildánach: OFFSET 2019

Tá príomhchomhdháil deartha na hÉireann, OFFSET, a bhíonn spreagúil i gcónaí, ar ais den deichiú bliain le sraith bhríomhar de dhíospóireachtaí faoi stiúir Éire Ildánach.

Tá sé de cháil anois ar OFFSET go bhfuil sé ar cheann de na comhdhálacha is eagnaí, is spéisiúla agus is oideachasúla dá bhfuil ann do na earnálacha cruthaitheacha agus beidh an deichiú leagan de OFFSET ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an 5 agus 7 Aibreán 2019.

Freastalaíonn breis agus 2,500 duine caidéiseach air gach bliain agus bíonn gach saghas mórphearsa le feiceáil ar stáitse na comhdhála; ón dearthóir Iodálach Massimo Vignelli go dtí Sir Peter Blake, fear mór na  pop-ealaíne as an mBreatain, chomh maith leis an dearthóir grafach cáiliúil as Meiriceá, Milton Glaser. Tá clár na bliana seo chomh bríomhar agus a bhí sé riamh agus leithéidí Steve SimpsonJoe CaslinAnna GinsburgFuchsia MacareeVicto Ngai agus Rich Gilligan réitithe lena gcuid próisis cruthaitheacha agus a bhfoinsí inspioráide a roinnt.

Tá Éire anois ar cheann de chéad thíortha an domhain chun tús áite, i ndáiríre, a thabhairt don chruthaitheacht mar ghné atá riachtanach don tsláinte phearsanta agus don tsláinte chomhchoiteann agus beidh an Clár Éire Ildánach i bhfeighil ar an tsraith díospóireachta trí lá Oileán Ildánach: Todhchaí Ildánach, de chuid OFFSET, ar an Stáitse Buí. Tá sé mar fhís bhunaidh againn gur tír a bheadh againn anseo in Éirinn a chuirfeadh an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí; ina mbeadh deis ag gach duine sa tír barr a chumas a bhaint amach ó thaobh na cruthaitheachta de; ina  gcuideodh rannpháirtíocht in imeachtaí cultúrtha  agus cruthaitheacha le sláinte an duine aonair, an phobail agus na tíre trí chéile. Agus an fhís seo san áireamh acu, pléifidh painéal díospóireachta OFFSET réimse leathan ábhar ó chruthaitheacht na hÉireann ar an scála domhanda go dtí uaillmhian uathúil na hÉireann mar a bhaineann le dearadh.

Ar an Aoine (15 Aibreán, 11in) beidh an t-ailtire Kirk McCormack ag stiúradh na bpainéalaithe Linda King, Anike Tyrrell, Andrew Bradley agus David Smith agus iad ag plé an ábhair: What We Talk About, When We Talk About Irish Design.

Ar phainéal an tSathairn (6 Aibreán, 11in) beidh Charley Stoney, Stephen Hughes, Ciarán Ó Gaora agus Doireann De Buitléar ag déanamh a machnaimh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí seirbhísí cruthaitheacha a easpórtáil in No Packaging. No Postage – Exporting Creativity.

Ar an Domhnach (7 Aibreán,12in) le linn na díospóireachta OFFSET 10+10 beidh Éire Ildánach ag iarraidh a fháil amach, in éineacht leis na painéalaithe John Newham, Rossi McAuley, Aliette Dörflinger agus  Bob Gray, cé chomh huaillmhianach agus is féidir linn a bheith mar a bhaineann leis an dearadh in Éirinn.

Toisc go gcuireann tionscal na cruthaitheachta go mór le heacnamaíocht na hÉireann, agus é ag fás i rith an ama, tá sé mar aidhm ag an gClár Éire Ildánach  deiseanna a sholáthar i gcomhpháirt le Creat an Rialtais: Poist sa Todhchaí – Éire, chun cultúr nuálaíochta agus inbhuanaitheachta a fhorbairt ar fud an gheilleagair. Chun gur féidir é seo a chur i gcrích teastaíonn uainn plean a leagan amach a thacóidh agus a fheabhsóidh ár dtionscail chruthaitheacha.

Is ar an gcúis sin go bhfuil muid ag tabhairt aghaidh ar OFFSET 2019.

Oileán Ildánach. Todhchaí Ildánach. Cén cineál todhchaí atá uaitse?

Tá tuilleadh eolais ag Offset

OFFSET 2019

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×