Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Comhdháil na nGael ag Oireachtas na Samhna

Beidh an fhéile náisiúnta ealaíon agus cultúir ar siúl i gCill Airne ón 1-5 Samhain. Mar cheiliúradh bliantúil d’amhránaíocht, damhsa, litríocht agus teanga na hÉireann agus tuilleadh, tugann Oireachtas na Samhna 2017 an tionól beoga cultúrtha seo go Cill Airne, Contae Chiarraí.

Ós rud é go dtiocfaidh thart ar 10,000 duine le chéile chun togha na gcomórtas amhránaíochta agus damhsa sean-nóis, cumadh amhrán agus litríochta, taispeántais iontacha aithriseoireachta agus scéalaíochta, díospóireachtaí ollscoile, an chéad léiriú de scannáin, seoltaí leabhar, ceardlanna do dhaoine óga anuas ar na gradaim bhliantúla litríochta agus mheán a fhiosrú agus a fheiceáil, is amhlaidh go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus á ceiliúradh ar go leor bealaí i gCill Airne i mí na Samhna i mbliana.

Tá tríocha bliain imithe thart ó reáchtáladh an fhéile chultúrtha seo den chéad uair i gCiarraí. Reáchtáladh an chéad Oireachtas riamh i Rotunda Bhaile Átha Cliath i 1897 agus is cúis iontais gur fhreastail os cionn 1,000 duine ar an bhféile leathlae sin.

Tá taibhithe agus imeachtaí ar chlár iontach na bliana seo dírithe ar rannpháirtíocht daoine óga mar aon leis na healaíona béil traidisiúnta atá mar chuid lárnach dár gcultúr, teanga agus oidhreacht shaibhir Éireannach. Freastalóidh daoine as gach réigiún Gaeltachta agus níos faide i gcéin ar an Oireachtas, atá lán go béal le comórtais shóisearacha agus shinsearacha, seisiúin fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla cheoil agus amhránaíochta, taispeántais, seimineáir, drámaíocht agus raon imeachtaí imeallacha.

Beidh TG4 ag craoladh ón bhféile freisin, mar sin beidh na daoine sin nach féidir leo freastal ar an ócáid in ann taitneamh a bhaint as an gcraic chultúrtha.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×