Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Old House New Home

Tugann gach seanfhoirgneamh réimse de dheiseanna cruthaitheachta nach bhfuil aon deireadh leo ach mar a mhíníonn Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) ina ríomhfhoilsiú nua Old House New Home tá sé deacair sean fhoirgneamh a chaomhnú agus úsáid nua a bhaint as mar áit mhaireachtáil don lá atá inniu ann. Mar sin féin sna lámha cearta is deiseanna a spreagann nuálaíocht agus fiontraíocht ailtireachta iad na deacrachtaí seo.

Le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Chlár Éire Ildánach, cuireann Old House New Home CLICEÁIL ANSEO CHUN FÉACHAINT AIR treoir agus comhairle ar fáil maidir le foirgnimh stairiúla a dheisiú agus a athúsáid. Míníonn sé conas gnéithe ón seanré a chaomhnú agus iad a chur in oiriúint don 21ú haois le maireachtáil agus oibriú iontu, agus ag an am céanna an carachtar agus an cheardaíocht iontach a bhaineann leis na foirgnimh stairiúla á chothabháil.

Cuimsíonn Old House New Home tionscadail cás-staidéir ina dtugtar léargas ar thoisí, ar choinníollacha, ar thréithe agus ar shuíomhanna éagsúla – idir a bheith ag cur in oiriúint tithe atá lonnaithe i suíomhanna uirbeacha agus i mbruachbhailte agus na clóis agus na foirgnimh i gcoimpléasc feirme a athchóiriú.

I scannán a théann leis an bhfoilseachán, insítear na scéalta iontacha a bhaineann le cúig thionscadal éagsúla – dhá áit chónaithe os cionn siopaí i gcathracha, Teach Bó laistigh de chlós feirme i gCill Mhantáin, Teach Seoirseach atá foroinnte agus Bialann na nOifigeach a bhíodh i gcroílár cheann de na beairicí airm ba cháiliúla i mBaile Átha Cliath. Bíonn na tionscadail seo éagsúil óna chéile ó thaobh scála, buiséid agus castachta de. Rinneadh iad ar fad a athshamhlú le haghaidh maireachtáil iontu sa 21ú haois, ach ag an am céanna tá an carachtar ailtireachta uathúil a bhaineann leo coinnithe slán. Ní mar gheall ar dhearadh an tsaothair nua amháin gur éirigh chomh maith sin le go leor de na cás-staidéir seo ach freisin toisc  gur deisíodh agus gur caomhnaíodh an fhabraic stairiúil agus gur coinníodh an carachtar.

Tugann scannán eile a thagann le Old House New Home sonraí faoin obair chaomhnaithe a rinneadh thar ceann Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath ag 18 Cé Urumhan. Déanann an scannán seo cur síos ar an saineolas a bhí ag na máistircheardaithe ar chúrsaí caomhnaithe agus a chúramaí a bhí siad agus draíocht  agus galántacht á thabhairt ar ais acu arís chuig foirgneamh Seoirseach, ar bhruach Abhainn na Life, a bhí ligthe i léig.

Kathryn Meghen, CEO of the RIAI

Is acmhainn thábhachtach nua ar líne é Old House New Home d'úinéirí na maoine atá ann cheana féin, lena n-áirítear struchtúir chosanta. Cuireann sé ar fáil comhairle ailtireachta bunaithe ar an dea-chleachtas agus cás-staidéir atá maisithe go hálainn d’fhonn tacaíocht a thabhairt d'úinéirí tí agus iad a spreagadh le hathsmaoineamh a dhéanamh ar na foirgnimh seo. Tugann oiriúnú foirgneamh atá tréigthe nó folamh deiseanna iontacha ach d’fhéadfadh sé a bheith scanrúil má bhíonn na tréithe a bhain leo i dtosach ceilte, mar gheall ar dhrochbhail a bheith orthu nó toisc gur athraíodh iad roimhe sin. Is próiseas casta é foirgneamh atá ann cheana féin a chaomhnú nó a chur in oiriúint agus is gá comhairle ailtireachta a fháil ón tús. Tá na scileanna riachtanacha ag Ailtirí Cláraithe chun go mbeidh do thionscadail in ann barr feabhais a bhaint amach."

What the Buildings Told us

Open Video

Stay up to date

×