Skip to main content

Náisiún
Ildánach

On the Wireless podcast: An chruthaitheacht & bóithrín na smaointe nuair atá daoine ag dul in aois

Scroll
8 min read

On the Wireless podcast: An chruthaitheacht & bóithrín na smaointe nuair atá daoine ag dul in aois

8 min read

1/03/22

On the Wireless podcast: An chruthaitheacht & bóithrín na smaointe nuair atá daoine ag dul in aois

B'fhéidir go gceapfá gur beag baint atá ag sean-drisiúr cistine, leabhar leabharlainne a bhfuiltear ag dréim go mór leis nó amhrán a foghlaimíodh roinnt blianta ó shin lena chéile ach sa phodchraoladh iontach On the Wireless tá siad fite fuaite ina chéile.

Agus é á léiriú ag Tadgh Ó Meachair agus Joanna Hyde i gcomhar le Comhairle Chontae Chorcaí agus Éire Ildánach, tá an tsraith cúig chlár seo de chomhráite i dtaobh na  cruthaitheachta agus daoine a bheith ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus iad ag dul in aois, dírithe ar an tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht a léiriú agus ar na bealaí ar féidir linn an chruthaitheacht a chothú.

Ón gcaoi a n-éiríonn leis an litríocht daoine a thabhairt slán agus iad ag úsáid Leabharlann Taistil Chorcaí agus an tábhacht an bhaineann leis an gceol, leis an amhránaíocht agus an chuimhne sna suíomhanna cúraim baile, go dtí na rudaí sin is ansa linn a bhfuil scéalta faoin teaghlach agus faoin óige coinnithe iontu, agus na cleachtais ríthábhachtacha atá againn, le fada an lá, a thugann cúnamh dúinn smaoineamh ar na daoine atá imithe uainn, tá gach cineál ceangal cruthaitheach curtha san áireamh, trí shúile na ndaoine aosta.

Above: Seán, the Cork Mobile Library driver

“Tá neart ama againn do gach duine”

Is iad na naisc phobail a chothaíonn an ceangal idir daoine in Eipeasóid 1, nuair a thugtar léargas dúinn ar thaithí mhuintir na háite, go háirithe na baill is sine sa phobal, ar Leabharlann Taistil Chorcaí.

Déanann Zillah Ni Loideoin, cúntóir sinsearach leabharlainne le Seirbhís Leabharlainne & Ealaíon Chomhairle Chontae Chorcaí, a bhfuil 15 bliana caite aici ag obair le Leabharlann Taistil Chorcaí, cur síos ar an gcaoi a ndéanann an tseirbhís i bhfad Éirinn níos mó ná grá an léitheora do leabhair a shásamh.

“Bíonn cion agat orthu toisc go bhfuil aithne agat orthu le fada an lá […] bíonn dáimh agat le daoine toisc go bhfeiceann tú iad uair sa choicís […] fiú nuair a bhí an dianghlasáil i bhfeidhm, bheifeá ag glaoch orthu gach ré seachtain chun a fháil amach conas a bhí ag éirí leo.”

Tá feidhm shóisialta ag baint leis chomh maith le feidhm chultúrtha, agus i gcás na n-úsáideoirí leabharlainne atá níos sine go háirithe, bíonn siad ag dréim chomh mór leis an gcaidreamh rialta a bhíonn acu le Seán, tiománaí na leabharlainne soghluaiste, agus a bhíonn siad ag súil leis an ábhar léitheoireachta féin. “Tá neart ama againn do gach duine” arsa Seán, a thuigeann go maith go bhféadfadh gur fada ó bhí aon chuairteoir ag go leor de na baill scothaosta.

Éist le hEipeasóid 1

“Rud beag dearfachta agus caidrimh”

In Eipeasóid 2, thug an turas ceoil a rinne Jimmy Crowley agus Eve Telford chuig tithe cúraim i gCorcaí cumhacht na hamhránaíochta, an cheoil agus na smaointe do lucht féachana a bhí an-bhuíoch as. “Bhí na cónaitheoirí thar a bheith sásta,” a dúirt Mary Lou Leahy, atá ina comhordaitheoir ar ghníomhaíochtaí in Ionad Cúraim Cónaithe an Sciobairín. “D’fhéadfá é a fheiceáil ar a n-aghaidheanna – sa bhualadh bos, bhí deora áthais againn le linn chuid de na hamhráin. B’iontach go deo an rud é do gach duine i ndáiríre.”

Mhínigh Maeve Mulrennan, oifigeach cúnta ealaíon le Comhairle Chontae Chorcaí, go raibh sé mar aidhm ag na taispeántais “iarracht a dhéanamh rud beag dearfachta agus caidrimh  a thabhairt isteach. Díreach nuair a bhí áiteanna ag tosú ag oscailt, bhí na daoine aosta i measc an chéad dream a fuair na vacsaíní in Éirinn agus mar gheall air sin bhí siad ar an gcéad dream a d’fhéad fáilte a chur ar ais roimh na healaíona ar bhonn pearsanta, ar ais isteach ina dtithe altranais agus ina n-ospidéil phobail”.

Mar chuid de thaispeántais spreagúla Crowley agus Telford, ina raibh cuid de na foinn is mó a thaitníonn le daoine agus foinn thraidisiúnta, labhair cónaitheoir amháin le Tadhg agus Joanna freisin faoin dán ab fhearr a thaitin leis, agus rinne sé é a aithris focal ar fhocal, 80 bliain nó mar sin tar éis do é a fhoghlaim.

Éist le hEipeasóid 2

Above: Cork Mobile Library member

Na hEalaíona don tSláinte

Ó thionscadail chomhoibritheacha ar nós ceol a bheith curtha ag veidhleadóir/cumadóir leis an dán is ansa le cónaitheoir amháin in Ospidéal na Scoile agus é léirithe ar Zúm, go dtí athshamhlú ar an suantraí Spáinnise ba ghnách lena hathair a chasadh do chónaitheoir eile agus í ina leanbh,  tá sleachta ceoil agus fileata in Eipeasóid 3 sna cláir nuálacha  Na hEalaíona don tSláinte , cláir ar minic leo a bheith tochtmhar.

Cheap an clár ealaíon seo do dhaoine aosta, atá lonnaithe in Iarthar Chorcaí, na tionscadail Bringing Art Home agus Museum of Song, atá curtha in oiriúint don phaindéim. Tugadh cuireadh do dhaoine a bheith rannpháirteach tríd an bpost go háirithe ach úsáideadh seisiúin Zúm, ceolchoirmeacha agus taifeadtaí freisin le naisc a chruthú, borradh a chur faoin bhfolláine agus na hamhráin ab fhearr leis na rannpháirtithe, chomh maith lena gcuimhní cinn luachmhara agus dánta a scríobh siad féin a roinnt:

“Long ago when I was young and barely in my teens

I rambled ‘round the hedgerows and the fields so fresh and green

My siblings too, along with me

We always had such fun

And ran around the farm to the setting of the sun”

Éist le hEipeasóid 3

Above: The Irish Dresser Project. Credit: Michael Fortune

Part of the furniture

Tugtar cuimhní a bhaineann leis an teaghlach, an baile agus an óige chun beatha in Eipeasóid 4 tráth a ndéantar iniúchadh ar an ról ar leith atá ag an drisiúr cistine de chuid na hÉireann. Déanann an t-ealaíontóir agus an béaloideasóir Michael Fortune as The Dresser Project, cur síos i mbeagán focal ar stair an phíosa troscáin seo de chuid na hÉireann ar díol spéise é agus an ról lárnach a bhí aige tráth sa saol ó lá go lá.

Bhain tábhacht an drisiúir le tráth den saol nach mbíodh mórán troscán sna tithe, agus bheadh gach uile rud ar an drisiúr ó chupáin, báisíní agus babhlaí, go dtí lóchrainn, billí, patrúin cniotála agus fiú, i roinnt leaganacha níos mó díobh, uibheacha a bhí díreach tar éis a bheith beirthe ag na géanna agus na cearca.

Agus é lán le stair an teaghlaigh, agus ina chúis mór bróid más duine den teaghlach a rinne é, insíonn rannpháirtí amháin sa phodchraoladh faoin tábhacht a bhain leis an drisiúr a rinne a athair agus é ina dhéagóir sna 1940idí. Níos déanaí ina shaol agus é ag fulaingt le néaltrú, choinníodh an drisiúr stuaim ina athair chuidigh sé lena chéadfa áite, tráth nach mbíodh a fhios aige i gcónaí cá raibh sé.

Agus na rannpháirtithe níos sine ag roinnt a gcuimhní beoga féin, míníonn an saineolaí ar throscán tuaithe na hÉireann, Davoc Rynne, an siombalachas a bhaineann leis an drisiúr agus an ról a bhí aige i ngach gné den saol, ó dhamhsaí croitheadh drisiúr sa chistin go dtí seisiúin scáfara scéalaíochta.

Éist le hEipeasóid 4

Artist Toma McCullim

"Is gá dúinn comhráite níos cruthaithí a bheith againn faoin gcaoi a maireann daoine aosta inár sochaí agus an bealach is fearr le hiad a chomhtháthú go hiomlán inár saol cultúrtha"

“Roinneamar amhráin agus chanamar in éineacht”

San eipeasóid dheireanach de On the Wireless déantar iniúchadh ar na cleachtais thraidisiúnta a bhaineann leis an mbás agus déantar oiriúnú ealaíonta ar an nós a bhaineann leis an gcaoineadh.

“Cleachtas gutha ina bhfuil rachtanna goil agus olagóin a chumtar lom láithreach”, atá sa chaoineadh, mar a mhínigh an t-ealaíontóir fuaime Michelle Collins, agus bhíodh sé á dhéanamh ag an mBean Chaointe, a bhí ina healaíontóir den scoth agus ról lárnach aici sa phobal.

“Filí, amhránaithe, a bhí iontu ag tobchumadh filíocht – ar an láthair […] trína nguth agus trína gcorp, bhraith agus léirigh An Bhean Chaointe na mothúcháin a bhí an teaghlach agus pobal ag aireachtáil.”

 

Old man looks out window

Threoraigh Collins cónaitheoirí Ospidéal agus Ospís Ollscoile Marymount agus iad ag  iniúchadh ar bháis, bhróin, an mhachnaimh agus an chuimhneachán i gceardlanna speisialta caoineadh. Le tacaíocht ó Fhondúireacht Ospíse na hÉireann i gcomhar le Comhairle Contae rinneadh an tionscadal uathúil síolta seo le linn an chuid ba mheasa de dhianghlasáil COVID-19.

San eipeasóid seo, déanann Collins cur síos ar a taithí ar a bheith ag obair go cianda le cuid de chónaitheoirí fadtéarmacha Marymount scrúdú a dhéanamh ar an gcaoineadh mar bhealach le machnamh a dhéanamh ar an mbrón, ar an mbás agus ar an méala agus an chaoi ar músclaíodh cuimhní cinn i dtaobh na seantraidisiúin a bhain leis an mbrón, cleachtais sochraide agus an bás.

“Is sa chomhrá a bhí an ‘ealaín’,” arsa Michelle, is é fíorthoradh na hoibre na comhráite a tháinig chun cinn agus na naisc bhuana a cothaíodh ansin idir na baill foirne agus na cónaitheoirí le linn an phróisis, toisc go raibh ról an-lárnach ag an bhfoireann mar a bhain leis an tionscadal íogair, seo a bhí déanta go cianda, a éascú.

Tá ionchur san eipeasóid seo freisin ag an ealaíontóir Arts for Health Toma McCullim, a thugann eolas i dtaobh a taithí ar bheith ag obair le baill níos sine LGBTQ + sa phobal agus a bheith ag tacú leo.

“Is gá dúinn comhráite níos cruthaithí a bheith againn faoin gcaoi a maireann daoine aosta inár sochaí agus an bealach is fearr le hiad a chomhtháthú go hiomlán inár saol cultúrtha.”

Éist le hEipeasóid 5

 

Léirithe ag Tadgh Ó Meachair agus Joanna Hyde i gcomhar le Comhairle Chontae Chorcaí agus Éire Ildánach, éist le gach ceann de na cúig eipeasóid de On the Wireless.

Stay up to date

×