Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Portráidí an Chomhrá

Scroll
2 min read

Portráidí an Chomhrá

2 min read

13/10/20

Portráidí an Chomhrá

I rith na bliana 2020 d'oibrigh Comhairle Chontae Ros Comáin leis na Comhairlí i Sligeach, i Liatroim agus i nDún na nGall ar thogra a raibh toradh álainn air lenar cruthaíodh léargas agus tuiscint agus, an ní is tábhachtaí, ceangal nua le bearta cruthaitheachta ag roinnt de na daoine críonna inár measc.

Eisíodh gairm scoile do dhaoine a bhfuil 70 bliain slán acu a bhí ag déanamh cocúin ag an am agus a mbeadh suim acu suí do phortráid ach iad féin agus an t-ealaíontóir ar dhá láthair éagsúla.  Andy Parsons, a fuair Dámhachtain Covid-19 ón gComhairle Ealaíon, i gcomhar le Críonna Ildánach, a phéinteáilfeadh na portráidí.

Roghnaíodh sé dhuine dhéag as na ceithre contae agus chuaigh Andy i mbun oibre.  Rinneadh trí sheisiún ar Zoom agus Andy Parsons ag péinteáil na portráide le linn don chomhrá a bheith ar siúl agus aithne á chur aige ar gach duine acu.  B’iontach an deis a bhí ann eolas a chur ar na bealaí a bhí ag na daoine críonna chun déileáil leis an saol ó tháinig an aicíd Covid-19 chun cinn.

I gcúiteamh ar a gcuid ama a chaitheamh leis an obair, tá socraithe ag Andy an saothar críochnaithe a thabhairt go dtí áras cónaithe na ndaoine críonna.  Táthar ag súil go mbeidh deis ag slám beag daoine, gaolta agus dlúthchairde agus baill foirne an phortráid a fheiceáil, ag brath ar na srianta atá i bhfeidhm ag an am maidir le Covid.

Cé gurb é an saothar inláimhsithe seo toradh na beartaíochta, deir Andy go raibh an comhrá chomh tábhachtach leis an bpéintéireacht, gur cothaíodh an caidreamh le himeacht aimsire go dtí gurbh fhéidir an tost agus an ciúnas féin a fhulaingt.  Táthar ag súil go mbeidh líon beag daoine muinteartha, cairde agus lucht foirne na n-áras in ann na portráidí a fheiceáil, ag brath ar shrianta maidir le Covid-19, ionas gur mó de ghníomh pobail a bhíonn i gcruthú na healaíne.

Tagann an togra seo a bhfuil meon sóisialta leis leis an tuiscint ar fud na tíre gur fiú cloí leis an ní atá againn, a bheith lánpháirteach sa saol mar atá agus ceangal in athuair lena raibh bac air ag an saol gnóthach roimh aimsir Covid.  Tugadh deis dóibh siúd a shuigh do na portráidí ceangal leis an saol taobh amuigh den áras cónaithe agus den ionad cúraim ar bhealach nach móide a bheith indéanta murach an togra.  Bhí éileamh ar ghlórtha na ndaoine críonna ar rófhurasta a tharlaíonn iad a ligean i ndearmad.

Above:

Feictear anseo Maisie atá 97 bliana d’aois agus cónaí uirthi i dteach altranais de chuid Sonas, Co. Ros Comáin. Ó thosaigh paindéim Covid-19 tá súil ghéar coinnithe ag Maisie ar a bhfuil ag tarlú í ar an eolas faoi na scéalta nuachta ar fad.  Is é meon an dóchais atá go seasta aici, tuiscint iomlán á léiriú aici ar a bhfuil ag athrú ina timpeall agus í ag cloí lena creideamh i gcónaí agus ag guí go bhfuil laethanta níos fearr ag teacht.  Dúirt an t-ealaíontóir, Andy Parsons, gur bean í a bhfuil spreagadh agus misneach inti.  Tá an phortráid anois ar crochadh ar an mballa ag Maisie.

Na daoine eile a shuigh do phortráid:

Noel Higgins, Mainistir na Búille. Tá Noel ag déanamh cocúin ó mhí Márta tar éis dul faoi scian mar gheall ar obráid mhór ar a chroí agus a dhroim a bhriseadh.  Choinnigh sé croí agus meanma ann féin ainneoin sin ar fad.

Paddy Horan. In Áras an Phluincéadaigh atá cónaí ar Paddy, fear maith cainte a bhí rí-oiriúnach don togra seo agus sásamh á bhaint ag an ealaíontóir, Andy Parsons, agus ag Paddy as na seisiúin péintéireachta.

Fágadh Rosaleen Callery as Cnoc Rois, Mainistir na Búille gan caidreamh sóisialta nuair a tháinig srianta Covid-19 i bhfeidhm. Bhí Rosaleen 87 mbliana d’aois i mí Deireadh Fómhair agus is trua a rá gur éag sí ó cuireadh tús leis an togra seo.  Cásaítear a bás lena muintir.  Tá súil againn go mbogfaidh an phortráid iarracht éigin den mhéala.  Guítear suaimhneas síoraí di.

D’fhostaigh Comhairle Chontae Ros Comáin Brian Farrell chun grianghraif a thógáil de lucht na bportráidí ina n-áras cónaithe in éineacht leis an bportráid tráthanna a bhféadfaí sin gan srianta Covid-19 a shárú agus is breá an toradh a tháinig ar an ngné sin den togra freisin.

Beidh na portráidí á gcur ar taispeáint ar láithreáin gréasáin na nÚdarás Áitiúil agus ar láithreán gréasáin Fhéile na Bealtaine agus ar an leathanach Facebook ag an scéim Críonna Ildánach.  Féach http://www.roscommoncoco.ie/en/Services/Community/Creative-Ireland/Conversations-in-Portrait/

Comhar páirtnéireachta idir na húdaráis áitiúla i Ros Comáin, i Sligeach, o Liatroim agus i nDún na nGall agus an scéim Críonna Ildánach atá á rith faoin gclár Éire Ildánach.

Stay up to date

×