Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Rannpháirtíocht an Phobail maidir leis an Athrú Aeráide – Ról Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta

Scroll
5 min read

Rannpháirtíocht an Phobail maidir leis an Athrú Aeráide – Ról Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta

5 min read

25/03/21

Rannpháirtíocht an Phobail maidir leis an Athrú Aeráide – Ról Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta

I rith na bliana 2019, thosaigh an clár Éire Ildánach ag scrúdú modhanna ina bhféadfadh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ról níos tréine a bheith leo i ndáil le rannpháirtíocht an phobail maidir leis an athrú aeráide.

Tosaíodh le tuarascáil lena mbaineann

  • athbhreithniú ardleibhéil ar an lón litríochta (cúrsaí beartais, ábhar léinn, réimsí idir eatarthu)
  • beart scóipeála d’fhonn tionscadail a shonrú agus a mhapáil
  • agallamh le 32 geallsealbhóir éagsúil

Tá an tuarascáil ar fáil anseo

AN DEIS

Is tréan agus is tréan a chothaíonn earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir spéis an phobail.  Is é an cultúr a mhúnlaíonn an ceangal a bhíonn ag dream daoine lena dtimpeallacht maidir le:

  • Gnáis tomhaltóireachta,
  • An tuiscint ar an dúlra
  • An ní a mheastar a bheith tábhachtach
  • Tuiscint ar an ní is féidir agus an ní nach féidir.

Thángthas ar an gcuma sin ar an gcomhairle, más athrú cultúir atá de dhíth maidir leis an athrú aeráide, nach fearr dream a d’oibreodh air sin ná earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Clár an Rialtais

Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais go gcuideofar le hÉire Ildánach spéis an phobail a chothú san athrú aeráide trí thionscnamh earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir.

Mar gheall ar Chlár an Rialtais, d’eagraigh an clár Éire Ildánach agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ceardlann i gcomhar i mí na Samhna 2020. Rinne an tAire Catherine Martin agus an tAire Eamonn Ryan fónamh don obair maidir leis an réimse seo.

Bhí 70 duine i láthair, lucht ceaptha beartais sna Ranna Rialtais agus sna gníomhaireachtaí a oibríonn ar ghnóthaí maidir leis an athrú aeráide agus ionadaithe ó mhórearnálacha na healaíne, an chultúir agus na cruthaitheachta (lena n-áirítear cúrsaí oidhreachta, ailtireachta agus dearthóireachta) i mbun deiseanna comharoibre a phlé.

Cuireadh samplaí i láthair de thionscadail le tamall anuas a bhaineann leis an gcoincheap, ina measc Páirc Dealbhadóireachta Loch na Buaraí, Co.Uíbh Fhailí, An Urgent Enquiry: Comhairlí Contae Bhaile Átha Cliath, Fhine Gall & Loch Garman agus Tograí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta le tamall anuas.

Páirc Dealbhadóireachta Loch na Buaraí, Co.Uíbh Fhailí

Open Video

Tugadh pointí áirithe i gceist mar ábhar léargais agus rinneadh plé orthu, ina measc:

  • An gá le hidirghníomhairí a chúiteoidh aon easnamh ó thaobh foclaíochta agus tuisceana idir lucht eolaíocht na haeráide agus lucht na cruthaitheachta
  • An bealach lena chinntiú go ndéantar earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir a rannpháirtiú go cothrom agus nach ndéantar ionstraimíocht orthu
  • An tábhacht atá le heolas ar an gceantar a úsáid agus le teachtaireacht an teagaisc ó dhaoine den phobal féin
  • Na deiseanna atá ann spásanna oscailte a chur ar fáil don uile dhuine
  • An gá atá le hathrú nósanna anuas ar chothú tuisceana
  • An gá atá le cúnamh d’earnálacha éagsúla ionas gur féidir leo oibriú i gcomhar lena chéile, bíonn tamall i gceist le tionscadail den sórt seo!
  • An ról bunúsach atá leis na hÚdaráis Áitiúla

An Urgent Enquiry – 'Creating Deeper Engagement on Climate Change'

Open Video

Físeáin eile maidir leis an gceardlann.

Tá beartaithe i rith na bliana 2021 ciste a sheoladh faoina gcuideofar le tionscadail ceannródaíochta trína gcothaíonn earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta spéis an phobail sa bheartaíocht maidir leis an athrú aeráide.

Admháil maidir leis an Íomhá: WESTERN FLAG (SPINDLETOP, TEXAS) Saothar le John Gerrard, ealaíontóir de chuid na hÉireann, ar taispeáint le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP25) Maidrid agus dánlann Thyssen-Bornemisza.

Tograí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta le tamall anuas

Open Video

Stay up to date

×