Skip to main content
Artwork by Erin Darcy

Náisiún
Ildánach

Lá Fhéile Bríde - St Brigid’s Day 2023

Scroll
min read

Lá Fhéile Bríde - St Brigid’s Day 2023

min read

31/01/23

Lá Fhéile Bríde - St Brigid’s Day 2023

Ciallaíonn Bríd, naomh, bandia págánach miotasach ón gcúigiú haois, go leor rudaí do go leor daoine agus den chéad uair déantar an Luan seo, an 6 Feabhra a cheiliúradh mar lá saoire poiblí bliantúil nua in onóir an phearsa mór le rá seo.

Do roinnt daoine is í Naomh Bríd ó Chill Dara, bunaitheoir an chéad chlochair in Éirinn, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar Chros Bhríde, toibreacha beannaithe agus lasracha beannaithe agus ar ndóigh, a clóca míorúilteach. Do dhaoine eile, ciallaíonn Bríd bandia le trí bhua, leigheas, tine agus filíocht agus siombail ar chumhacht na mban.

Cibé ní a chiallaíonn Bríd duitse, tá imeachtaí ar siúl fud fad na tíre agus ina contae dúchais, Cill Dara, ar feadh Lá Fhéile Bríde, (an 1 Feabhra) agus ar an deireadh seachtaine saoire bainc (4-6 Feabhra).

Woman's hands making a St Brigid's Cross from rushes

Crois Thraidisiúnta Naomh Bríd

Taispeántas Leabhar Chill Dara, Cill Dara | 24 Eanáir – 28 Feabhra

Ón mbliain 2016, bhí an t-ealaíontóir agus an callagrafaí, Josephine Hardiman, i mbun athchruthaithe agus léamh eile ar Leabhar Chill Dara agus leas á bhaint aici as a stór mór buanna ealaíon. Faigheann an obair challagrafaíochta agus mhaisithe seo a thugann an breathnóir ar thuras trí oidhreacht shaibhir, logainmneacha, stair, topagrafaíochta agus eolas ar mhuintir Chill Dara, inspioráid ó scríbhneoireacht leis an scríobhaí ón dara haois déag, Gerald of Wales, i Leabhar Chill Dara atá caillte.

Tabhair cuairt ar an taispeántas i Leabharlann Chill Dara chun féachaint ar na leathanaigh ornáideacha atá ar taispeáint. Foilseofar an leagan críochnaithe den leabhar ar Lá Fhéile Bríde na bliana seo chugainn 2024.

Reáchtálfar ranganna callagrafaíochta an t-achar is a bheidh an taispeántas ar siúil de ghrúpaí den uile aois a bhíonn ag tabhairt cuairt ar an taispeántas.

Faigh tuilleadh faisnéise ag: brigid1500.ie agus déan cíoradh ar imeachtaí go léir Lá Fhéile Bríde i gCill Dara anseo

 

Ornate Celtic style symbols representing different saints in the Book of Kildare

Leabhar Chill Dara Josephine Hardiman

 

Féile Athbheochana Bríde, Ros Comáin, | 28 Eanáir – 5 Feabhra

Tá ceiliúradh á dhéanamh ar na mná ina nglóire i gContae Ros Comáin mí Feabhra seo le Féile Athbheochana Bríde. Déanfar óstach ar Lá Fhéile Bríde féin, le linn searmanas suiteála do Chros Bríde ar Dhroichead Thearmainn Bearaigh, an chros soilsithe is mó in Éirinn.

Thar an deireadh seachtaine, déanfar óstach in Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan agus i bPáirc Bhéal na mBuillí ar chainteanna ar ábhair ar nós an bhandé in Éirinn na luath-Chríostaíochta agus nósanna agus gnásanna na hÉireann chomh maith le seisiúin seanchais faoi sholas coinnle a shásóidh an uile aois.

Faigh tuilleadh faisnéise: strokestownpark.ie

Teilgean Poiblí ‘Í Féin’, Gaillimh | 4 Feabhra

Tá tionscadal teilgin phoiblí éachtach ar scála mór i lár an bhaile sa Ghort an Satharn 4 Feabhra, tugann na healaíontóirí Shona MacGillivray agus Jill Beardsworth, i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla, mná chun cuimhne a gcuimsíonn a saol agus a gcuid oibre cáilíochtaí uathúla atá cosúil le cáilíochtaí Bhríd.

Tugann ‘Í Féin’ léargas ar chothú, cosaint, leigheas agus éisteacht na mban a oibríonn go ciúin sa chúlra ionas go mbeidh an domhan mar áit níos fearr le maireachtáil ann.

Féach ar na híomhánna tarraingteacha seo le linn thitim na hoíche ar fhoirgneamh nuachlasaiceach ar chearnóg an bhaile sa Ghort.

Faigh tuilleadh faisnéise maidir le: Í Féin

 

Filíocht sa LexIcon, Dún Laoghaire | 6 Feabhra

Fáilteofar, mar cheiliúradh ar Lá Fhéile Bríde 2023, chuig Filíocht sa LexIcon, Dún Laoghaire, roimh thriúr filí Éireannacha – Tara Bergin, Dawn Watson agus Grace Wells – a bhfuil a gcuid saothar atá éagsúil agus fuinniúil lárnach ó thaobh scríbhneoireacht na mban sa lá atá inniu ann.

Déanfaidh an triúr filí agus an t-óstach, an file, Rosamund Taylor, cíoradh ar an iliomad bealaí maidir le maireachtáil le banúlacht chomhaimseartha agus ar mhacallaí mná casta na hÉireann, ar nós Naomh Bríd, anuas tríd an stair. Áireofar léamh filíochta agus díospóireacht ar stair, ar an nádúr agus an bealach a théann an t-am atá caite i bhfeidhm ar an am i láthair, le linn an imeachta.

Faigh tuilleadh faisnéise: libraries.dlrcoco.ie

 

Teilgean solais staire 2022 | Grianghraf: michaelorourkephotography.ie

Agus mura bhfuil ceachtar de na himeachtaí thuas i do thaobh tíre, fair amach do roinnt de na soilse iontacha Tionscadal Herstory i do cheantar.

Lá Fhéile Bríde shona daoibh!

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×