Skip to main content
Sandra Oman, Soprán, ag canadh ag Ceolchoirm Covid ag Teach Altranais Chárthaigh Naofa i Lios Mór, Co. Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne.

Náisiún
Ildánach

Sult agus spórt á bhaint as ceol beo ag na saoránaigh is mó atá i gcontúirt

Scroll
2 min read

Sult agus spórt á bhaint as ceol beo ag na saoránaigh is mó atá i gcontúirt

2 min read

12/03/21

Sult agus spórt á bhaint as ceol beo ag na saoránaigh is mó atá i gcontúirt

Le cabhair ón gclár Éire Ildánach, chuir tionscnamh suntasach maidir le ceol beo ar siúl ag Mobile Music Machine agus Féile Ceoldrámaíochta Ghleann Abhainn Mhór na Mumhan in 80 áras cúraim cónaithe ar fud na hÉireann i rith mhí Lúnasa agus mhí Mheán Fómhair. Gerald Peregrine, dordveidhleadóir, atá i mbun Mobile Music Machine agus é de rún acu ceol clasaiceach den scoth a chur ar fáil do na daoine is mó atá i gcontúirt agus dóibh siúd is géire a dtéann paindéim COVID19 i bhfeidhm ar an saol acu.

Ó maolaíodh na srianta maidir le Covid-19 i mí Meithimh, tá ar chumas fhoireann Gerald ceoldrámaíocht agus ceol clasaiceach a chur ar fáil beo do líon is mó ná 1,500 duine a bhfuil cónaí orthu in ionaid cúraim i bPort Láirge, i Loch Garman, i dTiobraid Árann, i gCiarraí chomh maith le hionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire. Tarlaíonn na ceolchoirmeacha ar fad de réir na dtreoirlínte maidir le Covid, taobh amuigh a chruinníonn an lucht cónaithe agus na baill foirne nó bíonn siadsan taobh istigh leis na fuinneoga agus na doirse oscailte ag éisteacht leis an gceol ón taobh amuigh. Is mór an taitneamh atá á bhaint as na ceolchoirmeacha agus cuid mhór de na hárais cúraim ag iarraidh go dtabharfaí cuairt arís orthu.

Above: Sandra Oman, Soprán, ag canadh ag Ceolchoirm Covid ag Teach Altranais Chárthaigh Naofa i Lios Mór, Co. Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne.

Sandra Oman, Soprán, ag canadh ag Ceolchoirm Covid ag Teach Altranais Chárthaigh Naofa i Lios Mór, Co. Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne

Deir Gerald Peregrine, stiúrthóir agus bunaitheoir Mobile Music Machine “Má tá tairbhe ar bith a tháinig de bharr na paindéime, tá aird ar an ngéarghá atá le caidreamh a dhéanamh níos seasta rialta leis na daoine is mó atá ar an iargúil.  Trí chuairteanna agus athchuairteanna leis na coirmeacha ceoil, tá súil againne cairdeas dlúth a cheangal go buan leis na daoine a bhfuil cónaí orthu in árais cúraim ar fud na tíre.  Dúirt cuid mhór linn gur ábhar iontais dóibh ceoltóirí chomh maith a theacht ar cuairt ar an áras ina bhfuil siad ach is mian linne go mbeadh sin ina ghnáthrud feasta.  Is léiriú na Ceolchoirmeacha Covid ar an dúthracht leanúnach maidir leis an bpobal go háitiúil agus táthar buíoch den chlár Éire Ildánach agus de na húdaráis áitiúla éagsúla a chuidigh linn an tionscnamh buntábhachtach seo a chur ar siúl”.

Tuairiscíonn Gerald “Tá ar tharla maidir le haon bhean amháin ina léargas ar an tionscnamh ar fad.  Tá sí 92 bliain d’aois agus bhí trí seachtaine caite ar an leaba aici sular tháinig an cheolchoirm i mí Meithimh.  D’éirigh leis an lucht cúraim í a mhealladh as an leaba gur ghléas sí í féin agus gur tháinig sí amach taobh amuigh.  Bhí an-spéis aici i gceol ar feadh a saoil agus d’inis sí dúinn nach raibh aon súil aici le deis an ceangal sin a bhrath arís. Ba léir an t-athrú a tháinig ar a meon agus deir sí gur fada léi go mbítear ar ais leis an gcéad cheolchoirm eile!“.

Mar a chéile le hárais cúraim ar fud na tíre, tá míonna fada imní agus eagla curtha isteach ag daoine i HavenWood.  Deir Regina Power, Ceannasaí Altrachta i HavenWood, go gcuidíonn an ceol beo le daoine a shuaimhniú agus an strus a scaipeadh. “Nuair a thosaigh Covid in Éirinn i mí Márta, ní raibh a fhios cad a bhí amach romhainn.  Dúnadh na doirse ar an 6 Márta.  Céadaoin na seachtaine sin, bhí gnáthlá ag gach duine, gaolta agus cairde istigh ar cuairt.  Déardaoin, bhí orainn dul timpeall ag míniú faoin dianghlasáil, go mbeadh orainn tosú ar chaidreamh a dhéanamh ar iPads nó ar an fón. Níl dabht faoi, bhí sé an-deacair orthu,” ar sise. “Níl aon rud níos fearr ná ceol beo, an bhfuil?” a bhí d’aguisín aici leis an gcuntas.

Bhain Peggy Dunphy agus Bernie Quinn, a bhfuil cónaí orthu in áras cúraim HavenWood sásamh as an gceolchoirm.  Deir Peggy Dunphy go gcoinníonn ceol beo “draíocht sa saol“. I gcás Bernie Quinn, is caitheamh aimsire an ceol a chuidigh léi cur suas leis an dianghlasáil, “Tá an ceol mar a bheadh sé do mo thabhairt i saol eile uilig“.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×