Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Talking About A Revolution: Do Phodchraoladh féin a chruthú

Scroll
6 min read

Talking About A Revolution: Do Phodchraoladh féin a chruthú

6 min read

4/02/20

Talking About A Revolution: Do Phodchraoladh féin a chruthú

Is cosúil nach bhfuil aon deireadh ag teacht leis ardú gan teorainn atá tagtha ar phodchraoltaí sa tír seo. Léirigh tuarascáil de chuid Reuters le déanaí go bhfuil an tríú lucht éisteacht podchraoltaí is airde sa domhan ag Éirinn. Ach fad a leanann an lucht féachana ag baint taitnimh as an gcineál seo scéalaíochta nua-aimseartha, ní raibh sé riamh níos éasca do dhuine triail a bhaint é féin as áis chruthaitheach an phodchraoladh.

Spraíúil, pearsanta, thar a bheith léiritheach – Níl aon teorainneacha ná bacainní i gceist le healaín na podchraolta. Ón bhfíorchoiriúlacht go dtí na healaíona agus an cultúr, bunaithe ar an oibseisiún ar leith atá againn féin le gach rud a bhaineann leis an meitéareolaíocht, tá cruthaitheoirí de chuid na hÉireann ag déanamh podchraoltaí ar ábhair gan teorainn. Agus a bhuíochas le háis stiúideo nua ó Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath, is ag fás a bheidh an obair chruthaitheach seo.

Spás chun ábhair digiteach a chruthú is ea An Stiúideo Cruthaitheach atá lonnaithe i Leabharlann Bhaile Fhormaid. Tá sé saor in aisce agus déanann sé éascaíocht ar úsáid na bpodchraoltaí, na scéalta digiteacha agus an stair bhéil.  Admhaíonn Eddie Byrne, Leabharlannaí Rannáin um Sheirbhísí Digiteacha i Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath chomh tábhachtach is atá an spás mar seo, “Tá ríméad orainn an Stiúideo Cruthaitheach a chur ar fáil do na daoine ar fad a thugann cuairt ar an leabharlann. Anois, féadfaidh podchraoltóirí uaillmhianacha, ealaíontóirí taifeadta agus scannánóirí rochtain saor in aisce a bheith acu ar réimse de threalamh taifeadta agus bogearraí ardleibhéil in dhá bhothán taifeadta saintógtha. Go dtí seo ní bheadh áiseanna dá leithéid ar fáil ach do chorr dhuine a raibh an t-ádh orthu; anois tá Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath ag cur na háise seo don fhoghlaim dhigiteach agus don chruthú ar fáil mar chuid dá réimse seirbhísí, atá ag leathnú i gcónaí. Is deis é don lear mór úsáideoirí leabharlainne atá againn bheith ag cruthú agus ag foghlaim, cuimhní a ghabháil agus scéalta a insint, iad féin a chur in iúl. Is féidir leo é seo ar fad agus tuilleadh lena chois a dhéanamh anois in áit atá saor in aisce agus a bhfuil teacht air ag gach duine.”

Above:

Anois go bhfuil níos mó áiseanna mar seo ar fáil agus ag feidhmiú, is é an t-aon bhac atá ar chruthú na bpodchraolta ná an t-ábhar féin. Labhair muid le triúr cruthaitheoirí podchraolta Éireannacha faoin aoibhneas agus na dúshláin a bhaineann leis agus an fáth gur léiriú cruthaitheach fíor-uathúil é dóibhsean.

Chruthaigh Dave Hanratty an podchraoladh ceoil NO ENCORE in 2016 agus i rith breis agus 20 eipeasóid tá sé tar éis cuid den dream is mó le rá i saol an cheoil in Éirinn, lena n-áirítear Dermot Kennedy agus Villagers, a chur faoi agallamh.

“Sílim go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuil ‘tá podchraoladh agam’ anois tagtha in ionad ‘Tá úrscéal á scríobh agam’ mar cliche a déarfá nó a chloisfeá in 2020 agus cinnte le cúpla bliain anuas, ach baineann sé sin go dtí pointe le chomh machnamhach, coitianta agus bailí atá sé mar léiriú cruthaitheach.

Thosaigh NO ENCORE amach mar bhealach a thug cead do thriúr iriseoirí ceoil, a raibh frustrachas orthu, labhairt amach go hoscailte saor ó lancaisí agus leanúint ar aghaidh uaidh sin, go bunúsach. Anois, smaoiním air mar mo thríú banna – níor éirigh leis an gcéad dá cheann, faraor – sa mhéid is go bhfuil sé thar a bheith neamhspleách, go n-airím go minic gur obair atá ann, go mbraithim scaití gur beagán de chur ama atá ann agus go bhfuil sé ar nós dá mbeifeá dod chaitheamh féin isteach arís agus arís eile i bhfolús mór, ach airíonn sé freisin ar nós rud inláimhsithe a bhfuil tábhacht ag baint leis i ndáiríre, fiú mura bhfuil ann ach go bhfuil sé tábhachtach duitse agus do phobal pearsanta a gcloiseann tú uathu ó uair go chéile.

An bhfuil mé á dhéanamh sa gcaoi is go bhfuil sé diúltach? Mo leithscéal. Is dóigh liom gurb é an rud atá mé ag iarraidh a rá ná, ar nós aon obair chruthaitheach eile, gur gá a bheith tiomanta agus bíonn sé deacair breithiúnas a thabhairt ar an bhfuil rud ‘rathúil’ nó nach bhfuil, nó an é sin fiú an bealach ceart le breathnú air. Tá Éire lom lán de phearsantachtaí, go leor acu anois le micreafón ina mbois gach seachtain, ach is rud deacair fós féin é urraíocht, maoiniú agus aird fhiúntach a fháil don phodchraoladh. N’fheadar an ndúnfaidh an tír seo an bhearna seo agus mise fós ag óstáil podchraoladh.

Ó sea, an rud seo ar fad faoi bheith ag ‘óstáil’. Le bheith ionraic, is breá liom é.

Is breá liom spás a bheith agam ina dtéim i mbun díospóireachta go gnaíúil – agus tá súil agam go deisbhéalach-  faoin gceol, rud atá ina riachtanas daonna domsa agus do go leor daoine eile ar fud an domhain, chomh maith le go dtugann sé éirí croí iontach dom. Is breá liom agallaimh a óstáil nuair nach gá dom iad a thras-scríobh ina dhiaidh sin. Is breá liom an neasacht sin a bhaineann le bheith i láthair ar feadh nóiméid ar leith ina dtarlaíonn go bhfuil trealamh taifeadta ann freisin. Is breá liom gur thaistil NO ENCORE an domhan go litriúil le daoine a d’inis scéalta dom faoi bheith i bhfad ó bhaile in áiteanna nár chuala mé trácht riamh orthu, ag éisteacht linn mar bhealach le go mbraithfidís ceangailte leis an áit as ar tháinig siad ar an gcéad dul síos.

Is breá liom ceisteanna a chur. Is breá liom freagraí na gceisteanna sin a chloisteáil. Is breá liom comhrá ceart.”

Above: Ireland has the 3rd highest podcast listenership in the world

Chuir Podge Henry tús leis an Podgecast in 2019 agus níorbh fhada go raibh sé i Top 10 na gcairteacha podchraolta iTunes. I measc chuid dá aíonna bhí an réalta Rugbaí Robbie Henshaw agus an tionchaire ar na meáin shóisialta, James Kavanagh.

“Thosaigh mé mo phodchraoladh ar dtús mar go raibh mé ag déanamh físeáin YouTube ag an am ach go bhfuair mé amach go raibh siad ag tógáil suas i bhfad an iomarca ama.  Bhí mic yeti agam le haghaidh guthú a dhéanamh ach thosaigh mé ag éisteacht le podchraoltaí mé féin agus shíl mé gur cheart dom triáil a bhaint as, go háirithe tar éis smaoineamh ar an ainm. Cé gur thóg sé níos mó ama iad a chruthú ná mar a bhí mé ag súil, mhothaigh mé i bhfad níos compordaí agus mé á ndéanamh mar nach raibh ceamara dírithe ar m’aghaidh agus mar gheall air sin nach raibh mé buartha faoin gcaoi ar fhéach mé srl. Ansin de réir mar a bhí an podchraoladh ar dul ar aghaidh thuig mé de réir a chéile gur spás iomlán nua a bhí anseo dom le bheith cruthaitheach agus a bheith istigh liom féin.

Agus mé ag fás aníos, bhínn ag brionglóidí faoi bheith i m’óstach ar sheó cainte agus de réir mar a thosaigh mé ag fáil aíonna ar an bpodchraoladh bhí mé ar bhealach éigin ag baint amach mo mhian, ach á dhéanamh ar mo chomhairle féin. Sílim gurb é sin an rud is iontaí faoin bpodchraoladh, déanann tú féin cinneadh faoin bhformáid, socraíonn tú an treo a dtéann sé agus i ndeireadh na dála éiríonn leat rud éigin a chruthú as faic. Fiú go dtí an lá atá inniu ann tá mé ag teacht isteach ar an obair ach sin an rud is mó a thaitníonn liom faoin bpróiseas cruthaitheach, bíonn sé ag athrú de shíor agus leis an bpodchraoladh tá an lucht féachana ann an t-am ar fad freisin. Dá n-éistfinn leis na chéad phodchraoladh a rinne mé agus leis an gceann is déanaí atá agam – tá siad difriúil ar fad agus is breá liom é sin. Déarfainn le haon duine atá ag smaoineamh ar phodchraoladh a thosú tabhairt faoi. D’fhéadfadh sé a bheith scanrúil tú féin a chur amach ansin, go háirithe agus an oiread sin podchraoltaí ann ach gheobhaidh tú áit duit féin i gcónaí.

Is fearr le daoine áirithe an rud ar fad a bheith leagtha amach acu sula dtosaíonn siad, fios a bheith acu cén chaoi go díreach a rachaidh an seó agus cad a phléifear, rud atá iontach – ach i gcás an dream sin atá idir dhá chomhairle agus nach bhfuil cinnte faoin ábhar a bheidh acu ní gá dóibh ach triail a bhaint as rud ar bith agus tiocfaidh siad sa deireadh ar an rud is fearr a thaitníonn leo. Níl trealamh galánta, stiúideo ná aon rud mar sin de dhíth ort. Déanfaidh maidhc nó fón an gnó. Chomh fada agus a bhaineann sé le hábhar a chruthú tá sé réasúnta éifeachtach ó thaobh costais de agus féadfaidh tú a bheith chomh cruthaitheach agus is mian leat. Sin a rinne mise, agus tá ríméad orm faoin áit ar chríochnaigh mé.”

 

 

Is léiritheoir í Alex Cullen i dtionscal na fógraíochta agus díríonn an tsraith podchraolta dá cuid atá le teacht ar chúram máithreachais do mhná. Thosaigh sí ag cruthú na sraithe agus í ar shaoire mháithreachais agus tá sí á réiteach le go seolfar é in 2020.

“Bhí deireadh ag teacht le mo shaoire mháithreachais agus theastaigh uaim suailce a dhéanamh as mo thaithí ar bhealach éigin & mo thaithí féin a roinnt.

Tar éis do mo chailín beag teacht ar an saol, d’éirigh mé an-tógtha go deo le Sláinte na mBan sa Cheathrú Ráithe. Chuir sé iontas orm a laghad treorach a bhí ann do Mhná ag an gcéim seo. Ní raibh an oiread fáil ar eolas domsa & agus a bhí do mo  o leanbh beag bídeach. Sa lá atá inniu ann, chuir sé seo mearbhall orm. Ach choinnigh mé orm á chuardach agus nuair a fuair mé é, tháinig mé ar na daoine, ar an gcomhairle agus ar léargais a bhí thar barr.

Thuig mé go raibh rud amháin a d’fhéadfainn a dhéanamh, agus tá mé fós á dhéanamh, agus sin a bheith ag cainte (ag deanamh go leor cainte) faoin stuif seo ar fad. Dá bhrí sin, nuair a tháinig sé go dtí ardán a aimsiú chun é a roinnt, bhí ciall leis an bPodchraoladh. Fad is atá daoine sásta páirt a ghlacadh, is féidir leis an gcomhrá dul treo ar bith agus is é an toradh a bhí air go hiondúil ná caint scaoilte a bhí an-oideachasúil agus a rinne dearbhú agus cumasú

Thaitin an smaoineamh liom a bheith á thabhairt ó choincheap go dtí táirge críochnaithe. Rinne mé teagmháil leis na haíonna ar fad mé féin. Creidim gurb í an ghné ba lárnaí áfach, ná an spéis leanúnach atá agam, spéis atá ag fás i gcónaí sa mhéid atá le rá ag na saineolaithe, agus sna scéalta atá le roinnt ag mná eile. Gach uair a bhuailim le duine nua agus a mbím ag comhrá leo, spreagann sé smaointe don chéad aoi eile… Mura mbeadh sé seo agam, tá mé cinnte go gcaillfí an podchraoladh. Seo an draíocht a thugann é ar fad ina chéile, tá súil agam!

Is iad na chéad chéimeanna eile domsa ná an tsraith a chur amach ar ardán (ACAST, ITUNES, SPOTIFY etc). Dúradh liom go gcaithfidh mé láithreacht a bheith agam freisin ar na meáin shóisialta! Dá bhrí sin is iad an dá thasc mhóra seo na chéad dúshláin eile domsa. B’fhéidir go bhfaighidh mé roinnt cabhrach leis seo san áit a dteastaíonn sé…

Faoi dheireadh thiar beidh an taithí agam chun an próiseas a dhéanamh athuair le haíonna nua agus leanúint orm ag uaslódáil!”

Anois go bhfuil tú tar éis cloisteáil ó na cruthaitheoirí féin, tá sé in am duit a bheith cruthaitheach agus tosú ag taifeadadh! Tabhair cuairt ar www.dublincitylibraries.ie chun níos mó a fhoghlaim.

 

Stay up to date

×