Skip to main content
Isabella, Eva, Jessica and Lily

Náisiún
Ildánach

The B!g Idea: Buaiteoirí Móra 2022

Scroll
3 min read

The B!g Idea: Buaiteoirí Móra 2022

3 min read

2/06/22

The B!g Idea: Buaiteoirí Móra 2022

Tá buaiteoirí 2022 an chláir nuálaigh Idirbhliana, The B!G Idea, fógartha!

Cuireann The B!G Idea an chruthaitheacht in aithne do na daltaí mar scil bhunriachtanach agus luachmhar a bhfuil buntáistí easpónantúla aici don tsochaí i gcoitinne, agus nach iontach go deo an bailiúchán de bhuaiteoirí atá againn in 2022! Chuir iontrálaithe na bliana seo roinnt tionscadail dhochreidte ar fáil, ó spásanna do dhéagóirí le bheith ag caitheamh ama iontu, go dtí aipeanna a thacaíonn le meabhairshláinte agus moil chairdis, go dtí caiféanna faoi cheannas déagóirí. Bhí rud éigin ann do gach duine go cinnte.

Tá buaiteoir móriomlán an B!G Idea, Trash Scan, urraithe ag Éire Ildánach agus is iad Coláiste Naomh Leo, Ceatharlach a bhí ina bhun. Ar an bhfoireann tá Isabella, Eva, Jessica agus Lily agus is é an B!G Idea ná breathnú ar réimse an mhearfhaisin agus táirgí eile, agus moltaí a thabhairt faoi bhealaí chun iad a athchúrsáil nó a uaschúrsáil trí bharrachód a chur leis an táirge. Nuair a scanfar isteach in aip é, beidh moltaí ann faoi bhealaí chun an táirge a athchúrsáil go hinbhuanaithe trí chóid QR a úsáid agus luachanna saothair le fáil as é sin a dhéanamh. Is iontach an smaoineamh é gan aon dabht!

Winners Isabella, Eva, Jessica and Lily of St Leo’s College, Carlow

Bhí cúig bhuaiteoir catagóire i gceist san iomlán. Ógtheagmháil Chill Chainnigh a bhuaigh an catagóir Meabhairshláinte, urraithe ag Aerogen, in éineacht le The Lounge. Léiríonn an tionscadal seo na príomhriachtanais dheartha d’ionad óige, ina bhfocail féin, deartha ag déagóirí do dhéagóirí. Bhain an fhoireann úsáid as coincheap laoich ag cur a dtaithí phearsanta isteach sa smaoineamh.

Coláiste Chiaráin, Luimneach a bhuaigh an catagóir Cúram Sláinte, urraithe ag Netwatch, lena dtionscadal Dr Disease. Ba é an B!G Idea anseo ná úsáid chliste a bhaint as an struchtúr reatha atá sa rianaire Covid chun aip níos cliste a fhorbairt a bheidh in ann scaipeadh galair eile a mhapáil agus a chuirfidh ar chumas údaráis sláinte áitiúla na ráigeanna a bhainistiú agus a sháinniú. Tugann an tionscadal léiriú ar smaointeoireacht córas chomh maith le breis forbartha a dhéanamh ar theicneolaíochtaí reatha chun cúram sláinte a fheabhsú.

teenager jumping with balloons

Is Coláiste Naomh Seosamh, Tiobraid Árann, a bhí i mbun an tionscadail bhuacaigh, Spark Youth, don chatagóir Comhionannas, urraithe ag CJ Fallon. Suíomh gréasáin inspioráideach é seo do dhéagóirí LGBTQ chun nascadh lena chéile. I bhfocail na foirne, ní suíomh gréasáin é seo a fhriothálann ar an bpobal, ach freastalaíonn sé go fíréanta ar a riachtanais. Nascanna an aip freisin le suíomhanna eile trí shuíomhanna gréasáin atá ann cheana.

Ní raibh aon easpa caighdeáin ar an gcatagóir Tithíochta ach oiread, urraithe ag RIAI, agus is iad Coláiste Dheasmhumhain, Luimneach, a bhí i mbun tionscadail bhuacaigh an chatagóra seo Geodesic Homes. Dhírigh an B!G Idea ar thithíocht chruinneacháin inmharthanach ísealchostais.  Bhí fianaise shoiléir ann gur dearnadh cuid mhór taighde don tionscadal seo agus forbraíodh roinnt fréamhshamhlacha den scoth. An bua tuillte go maith, gan aon dabht.

Agus ar deireadh, cá mbeimis gan an catagóir Athraithe Aeráide, urraithe ag MSD, a bhuaigh Gairmscoil na Buiríse, as Buiríos, Ceatharlach le Portable Wind Turbine. Ba é an B!G Idea anseo ná díriú ar tháirge leacphacáilte a d’fhéadfaí a úsáid chun cuidiú le cumhacht a ghiniúint. Rinneadh an táirge agus áit mar an Eiritré san Afraic ar intinn – tír the le rochtain neamhsheasmhach, theoranta ar fhuinneamh agus an spleáchas ar fhuinneamh in-athnuaite gaoithe ag dul i méid.

Tá sé an-soiléir ó gach aon tionscadal ar leith, atá ar fad le fáil chun breathnú orthu tríd an nasc seo, go raibh an glacadh le teachtaireachtaí The B!G Idea thar cionn ar fad. Tá fiosrú, ríomhfhoghlaim, súgradh, taighde, forbairt déanta, agus meantóireacht faighte, ag na daltaí agus a lán taitnimh bainte acu as freisin tá súil againn, i rith 16 seachtainí an chláir más aon chomhartha iad na tionscadail seo.

Mar sin, cuir uait an rud atá tú a dhéanamh agus seiceáil caighdeán na smaointe atá ginte ag na smaointeoirí a bheidh againn sa todhchaí. Tá na tionscadail go léir a chruthaigh scoláirí an B!G Idea 2022 ar taispeáint anseo agus is fiú cuairt a thabhairt orthu.

Seiceáil na tionscadail mhóra a bhuaigh ag B!g Idea 2022 anseo.

Stay up to date

×