Skip to main content

Náisiún
Ildánach

The B!G Idea: An Domhan a Athrú trí Dhearcadh Cruthaitheach

Scroll
4 min read

The B!G Idea: An Domhan a Athrú trí Dhearcadh Cruthaitheach

4 min read

3/08/21

The B!G Idea: An Domhan a Athrú trí Dhearcadh Cruthaitheach

Teastaíonn gach cineál scil chun fíor-athrú a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orainn. Creideann an tionscnamh The B!G Idea go bhfuil an chruthaitheacht ar cheann de na scileanna is tábhachtaí ar fad.

Cén chaoi a bhféadfaidh muid intinn an duine a leathnú, an chruthaitheacht a dhaonlathú agus na scileanna atá riachtanach a thabhairt don dream óg chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a mbeidh tionchar acu ar a nglúin féin? Bhuel, tosaíonn sé seo ar fad le smaointe móra agus neart acu.

Clár nuálach don idirbhliain is ea, The B!G Idea a chuireann an chruthaitheacht i láthair mar scil atá riachtanach agus luachmhar, scil a bhfuil buntáistí a thagann chun cinn an-sciobtha ag baint léi don tsochaí i gcoitinne.

De réir Tuarascáil ón bhFóram Eacnamaíoch Dhomhanda maidir le Todhchaí na bPost faoin mbliain 2025 beidh an chruthaitheacht ar cheann de na príomhscileanna riachtanacha, agus tá The B!G Idea – le tacaíocht ó Éire Ildánach – ag dúnadh na mbearnaí atá idir na tionscail chruthaitheacha agus an t-oideachas ag an dara leibhéal, ar bhealaí iontacha.

School student wearing mask and Lego glasses

Agus úsáid á baint as curaclam saindheartha de cheardlanna ar líne atá saor in aisce agus  áiseanna teagaisc agus foghlama, téann na daltaí i ngleic leis na príomhphróisis chruthaitheacha, le coincheapa smaointeoireachta dearaidh, an fhoghlaim atá bunaithe ar fhiosrúchán agus ar smaointeoireacht chriticiúil.

De bharr na ndúshlán taitneamhach a chuirtear os a gcomhair agus na fadhbanna a bhíonn le réiteach acu mar chuid den chlár. Cur chuige teagmhálach atá ann freisin.

Is é an toradh atá air sin ar fad ná timpeallacht foghlama atá cuimsitheach, cumhachtach agus spraíúil, áit a spreagtar an turgnamhaíocht fionnachtain agus a mbítear ag súil le fiontair agus fiú le botúin.

“De réir Tuarascáil ón bhFóram Eacnamaíoch Dhomhanda maidir le Todhchaí na bPost faoin mbliain 2025 beidh an chruthaitheacht ar cheann de na príomhscileanna riachtanacha”

Ó 500 dearcán…

Creideann The B!G Idea go bunúsach gur scil í an chruthaitheacht a bhfuil éileamh uirthi agus gur féidir í a mhúineadh agus chuir sé an choincheap seo i láthair 500 mac léinn ar fud na hÉireann idir Eanáir agus Bealtaine 2021. Cuireadh an clár ar fáil do réimse leathan mac léinn, múinteoirí agus pobal freisin, thar raon tíreolaíoch de scoileanna cathrach agus tuaithe, scoileanna measctha agus scoileanna aonghnéis chomh maith le scoileanna DEIS.

Agus iad ag úsáid treoracha a chruthaigh siad le chéile, bhí deis ag foirne na mac léinn dúshlán reatha sóisialta, comhshaoil nó eiticiúil a roghnú a raibh baint aige lena saol féin. I measc na ndúshlán sin bhí dul i ngleic le ciníochas, sláinte agus folláine, an ghéarchéim tithíochta, paindéimí a throid agus an daonra a bheith atá ag dul in aois.

Leathnaigh an clár go mór freisin tuiscint na ndaltaí ar fhíorchumhacht na cruthaitheachta, agus chuir na daltaí uile in iúl go bhfuil tuiscint níos fearr acu anois ar an gcruthaitheacht ná mar a bhí roimh thús an chláir, rud atá dochreidte.

“I ndáiríre tá mé níos cruthaithí ná mar a shíl mé” – Brian, Mac Léinn Idirbhliana – Ceatharlach

Cuireadh ócáid taispeántais ar bun le ceiliúradh a dhéanamh ar an sárobair a bhí curtha i gcrích ag na daltaí sna 15 seachtaine, rinneadh bronnadh ar chuid de na príomhthionscadail agus léirigh taispeántas nuálach ar líne obair na mac léinn uile atá dírithe ar fhíorscoth na cruthaitheachta. Breathnaigh ar an taispeántas anseo.

Above:

Teacht le chéile intinní óga agus meantóirí

Ní hamháin gur leathnaigh clár 2021 intinn an 500 ógánach agus gur thug sé a ndúshlán, ach chomh maith leis sin chruthaigh sé nasc le cuid den dream cruthaitheach is fearr atá sa tionscal. Bhí painéal iontach 101 meantóir ag The B!G Idea, a chuir comhairle dhíreach, ón bhfíorshaol ar fáil do na mic léinn le linn an chláir ar fad, agus iad ag roinnt a gcuid eolais luachmhar agus a dtuiscint ar an tionscal.

I measc cuid de na gairmithe cruthaitheacha a rinne meantóireacht ar dhaltaí bhí Dermot Bannon, Ailtire agus láithreoir teilifíse; Claire Dowling, Stiúrthóir Creative Deloitte Digital; Dr Alex Milton, Ceann Scoil an Dearaidh NCAD; Lorna Ross, Ceann Nuálaíochta ag VHI; Diarmuid Gavin, Dearthóir Gairdín agus láithreoir teilifíse; agus Celine Dee, Comhbhunaitheoir Richards Dee.

Mar thoradh ar an líon mór meantóirí le taithí a bhí ag cur comhairle agus tacaíocht ar fáil, bhí go leor eolais ag teacht go díreach ón dream le tallann a bhfuil taithí acu cheana féin chuig an dream nua atá ag teacht chun cinn. Agus 100% de na mic léinn a bhí rannpháirteach in 2021 ag deimhniú go bhfuil scileanna nua foghlamtha acu agus 90% díobh spreagtha anois chun obair dheonach a dhéanamh, ní haon ionadh gur chláraigh 137 scoil (díreach os cionn 10,000 dalta) chun dul ar liosta feithimh The B!G Idea do 2022 (liosta atá dúnta anois).

Agus ní hamháin go bhfuil na daltaí agus na scoileanna ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna cruthaitheacha, ach tá an painéal meantóireachta ardaithe ó 101 saineolaí go dtí 400 saineolaí, daoine a bhfuil fonn orthu a bheith páirteach in 2022.

Is cinnte go mbeidh an todhchaí níos gile agus is ag fás atá na smaointe.

Faigh tuilleadh eolais faoi The B!G Idea.

Stay up to date

×