Skip to main content

Náisiún
Ildánach

The Coiffured

Scroll
min read

The Coiffured

min read

1/03/23

The Coiffured

Is taispeántas aonair uathúil é The Coiffured de shaothar leis an ealaíontóir Amanda Jane Graham, atá ina cónaí i Liatroim.

Agus í ag nascadh greann le machnamh criticiúil déanann sí iniúchadh ar na sainchomharthaí suntasacha stairiúla a bhaineann le stair na gruagaireachta, ó na ceannbhearta a chaitheadh Farónna na hÉigipte go dtí an Bhanríon Marie Antoinette agus an parlaiminteoir de chuid na hÉireann ón 18ú haois, Edmund Burke. Scríobh Burke, ‘Ní féidir le gairm na gruagaireachta a bheith ina ábhar onóra do dhuine ar bith.’ Spreagann cur chuige cruthaitheach Amanda Jane Graham athluacháil ar an ealaín sa stair ó pheirspictíocht an ghruagaire, agus aitheantas á thabhairt don phróiseas comhoibríoch. Baineann Graham úsáid as trealamh agus teicnící a aithneofar láithreach, agus leagann sí béim ar an gcaoi go gcuireann gruagairí, ar bhealach suntasach, le stair na healaíne agus cuireann sí gairm na gruagaireachta san áireamh in imlár na bportráidí stairiúla.

Tá sraith fiche líníocht ghreannmhara sa taispeántas chomh maith le ceithre dhealbh chlóite 3D a fuair inspioráid ó na dealbha a bhí déanta idir 300 RC agus an 18ú haois. Tá suiteáil fuaime ann freisin, ina gcloistear sraith d’agallaimh a taifeadadh le gruagairí ó chúlraí éagsúla agus ó chéimeanna éagsúla ina ngairm bheatha chun  léargas á thabhairt ar shaol an ghruagaire ó lá go lá agus é déanta go spraíúil i bhfoirm triomadóir cochaill; móitíf a thagann ar ais arís agus arís eile sa saothar 2D, 3D, agus san obair fuaime.

Tá saothar Graham dírbheathaisnéiseach. Sular fhreastail sí ar choláiste ealaíne, d’oibrigh sí ar feadh blianta fada mar ghruagaire, rud a théann i bhfeidhm ar an saothar fíorshamhlaíoch seo agus a dhéanann eolas don saothar. Pléann sí lena stair phearsanta agus tarraingíonn sí amach cuimhní agus eispéiris, cuid acu dúshlánach ach is beag uair nach dtagann an greann tríd. Tugann an taispeántas stair na healaíne, stair na gruagaireachta agus an saineolas atá aici ar theicnící gruagaireachta le chéile sna saothair ealaíne, trí lionsa socheolaíoch.

Amanda Jane Graham, Ealaíontóir

"Déanann The Coiffured anailís ar shaothair ealaíne ón stair ó pheirspictíocht an ghruagaire de, chun tuiscint a fháil ar an ionchur gairmiúil a bhí ag gruagairí sa phortráidíocht leis na mílte bliain. Chun é seo a dhéanamh, déanaim mionscrúdú ar an stíl gruaige atá sa saothar ealaíne agus cuirim mo chur chuige féin i bhfeidhm agus úsáid á baint agam as trealamh nua-aimseartha. Is móitífeanna iad na triomadóirí cochaill agus na rollóirí freisin chun an gruagaire a chur in imlár na portráidíochta stairiúla. Is é seo an chéad uair agam ag obair le líníochtaí 3D agus le foirmeacha dealbhóireachta. Tá an-fhonn orm an cur chuige seo a fhorbairt chun comhrá a chruthú agus a spreagadh i dtaobh na bpróiseas comhoibríoch i saothair ealaíne ón stair, aitheantas a fháil maidir leis an gcruthaitheacht, agus an neamhaird ar cheirdeanna."

Glacann An Coiffured cur chuige an ghníomhaí, agus léargas tugtha ar an gcaoi a gcuireann gairm na gruagaireachta go mór leis na healaíona agus baintear úsáid as trealamh inaitheanta chun gairm na gruagaireachta a chur i gcroílár na bportráidí stairiúla.

Tá foilseachán dar teideal, The Coiffured, in éineacht leis an taispeántas agus déanann sé seo cur síos ar an saothar agus ar an taispeántas. Tá aistí ann ina ndéantar iniúchadh ar thionscal na gruagaireachta ó chomhthéacsanna stairiúla agus comhaimseartha de agus cuireann sé lenár dtuiscint ar gcruthaitheacht agus ar a luach. I measc na rannpháirtithe tá: an tEalaíontóir, Amanda Jane Graham, Philip Delamere, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Liatroma, Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach, Margaret O’Rourke Doherty, POF HABIC, An tOllamh Kerstin Mey, Uachtarán Ollscoil Luimnigh, an tOllamh Mary P. Corcoran, Ollamh le Socheolaíocht in Ollscoil Mhaigh Nuad, agus An tOllamh Don Herzog, Edson R. Sunderland Ollamh le Dlí in Ollscoil Michigan.

Is tionscnamh de chuid Spark é an tionscadal agus comhoibriú idir an tEalaíontóir, Oifig Ealaíon Liatroma, Oifig Fiontraíochta Áitiúil Image Skillnet, HABIC (Cónaidhm Tionscail Gruagaireachta agus Áilleachta na hÉireann) agus tá sé maoinithe go fial ag Éire Ildánach.

Stay up to date

×