Skip to main content
Kinia Creative Tech Fest Awards at The Guinness Enterprise Centre

Náisiún
Ildánach

An Clár Teicneolaíochta Cruthaithí, Kinia

Scroll
min read

An Clár Teicneolaíochta Cruthaithí, Kinia

min read

3/07/23

An Clár Teicneolaíochta Cruthaithí, Kinia

Beidh níos mó deiseanna ag oibrithe óige agus oidí rochtain a fháil ar chonairí chun cáilíochtaí i réimse teicneolaíochtaí cruthaitheacha, agus na scileanna seo a thabhairt do pháistí agus daoine óga.

In 2021 agus 2022, d’oibrigh an Clár Éire Ildánach i gcomhpháirt le Kinia ar chlár píolótach a thacaigh le tionscadail teicneolaíochta cruthaithí a chur ar fáil i suíomhanna taobh amuigh den scoil. Trí oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe óige agus d’oidí, chuidigh an chomhpháirtíocht le daoine óga (go háirithe déagóirí agus daoine atá i mbaol imeallaithe) páirt a ghlacadh i réimse tionscadal agus taithí teicneolaíochta.

I ndiaidh anailíse ar na riachtanais, cuireadh oiliúint ar 220 oibrí óige in 2021 – 2022, a d’fhreastail ar chóir a bheith 4,000 duine óg in 152 eagraíocht. Thacaigh an chomhpháirtíocht fosta le forbairt Cháilíochtaí Oide Kinia, cáilíochtaí d’fhoghlaimeoirí óga agus Sraith Uirlisí Teicneolaíochta Cruthaithí.

In 2023, déanfar an Clár Teicneolaíochta Cruthaithí a neartú níos mó i suíomhanna oideachais neamhfhoirmiúla agus ailtéarnacha, féachfar ar rannpháirtíocht d’fhoghlaimeoirí níos óige i suíomhanna óige iarscoile agus tacófar le daoine óga líonra comhpháirtithe i dtionscal na cruthaitheachta a thógáil chun obair na n-oidí teicneolaíochta cruthaithí a cheangal le deiseanna fostaíochta do dhaoine óga.

Chun níos mó a léamh faoin chomhar idir Éire Ildánach agus Kinia, is féidir an tuairisc iomlán a léamh anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×