Skip to main content
Kildare Covid19 notebook Documentary Film Online Launch

Náisiún
Ildánach

Dialanna Covid - Tionscadal de chuid Sheirbhís Ealaíne Chill Dara

Scroll
5 min read

Dialanna Covid - Tionscadal de chuid Sheirbhís Ealaíne Chill Dara

5 min read

29/09/20

Dialanna Covid - Tionscadal de chuid Sheirbhís Ealaíne Chill Dara

An déanamh amháin a bhí ar gach leabhar nótaí ach sin é a raibh de chosúlacht eatarthu.

Ar dhaoine aosta agus ar dhaoine a bhí ag déanamh cocúin i gCill Dara a díríodh leis an togra faoi leith seo. I mí Márta 2020, sheol Seirbhís Ealaíne Chill Dara níos mó ná 140 leabhar nótaí den chineál Moleskine chuig tithe ar fud an chontae agus spreagadh daoine lena gcuid smaointeoireachta, a gcuid ealaíne agus a gcuid scéalta an fhad a leanfadh na srianta i bhfeidhm a chur sna leabhair nótaí ionas go bhféadfaí iad a thabhairt le chéile i ndeireadh báire mar chuid den bhuanábhar cartlainne ag Comhairle Chontae Chill Dara.

Tá na leabhair nótaí ar ais anois ag Seirbhís Ealaíne Chill Dara go ndéanfar scanáil dhigiteach orthu agus go dtiomsófar taisce iontach de lón cuimhne na ndaoine i rith ré na srianta. Deir Lucina Russell, Oifigeach Ealaíne Chomhairle Chontae Chill Dara, go bhfuil réimse iontach aoise i gceist leis na daoine a ghlac páirt sa togra “sé bliana d’aois an duine is óige agus aon bhliain déag agus ceithre fichid an duine is sine“.

An Scannán 'The Covid Diaries'

Open Video

Tá siad ag teacht isteach anois le seachtain anuas.  Feictear go leor daoine a scríobh go raibh súil acu go mbeadh deireadh leis na srianta faoi Cháisc.  Tá go leor ag trácht ar an uaigneas, ar an iargúil, ar an anó, ach tá le tuiscint freisin go raibh dóchas ag daoine, an tuiscint gur seal a bheadh i gceist.  Tá go leor tagairtí freisin do na gníomhaireachtai cúnta agus tá roinnt de na daoine a ghlac le leabhar nótaí a mbeadh baint acu le Cúram na nAosach i Nás na Rí agus le seirbhísí a chuidíonn le daoine a mbeadh deacracht acu leis an tsláinte meabhrach.  Tá cuid mhór cainte acu sna leabhra nótaí faoi na seirbhísí, mar shampla an béile chuig an doras.  Ní haon iontas é a oiread a thagann cúrsaí bia i gceist sna leabhair nótaí.  Tá taitneamh á bhaint ag go leor as gnéithe den saol seo, tagairt go minic don éanlaith agus don gháirdín.  Tagann an gadhar agus an cat i gceist go minic chomh maith,” ar sí. “Is minic léargas ar an saol mór ón togra beag”.

Tá duine le lucht na gcín lae a fheictear sa scannán ar an té is sine a bhí páirteach i dtionscadal na leabhar nótaí.  Shocraigh Elizabeth Kenny, 91 bliain d’aois, gur súil siar ar a saol a bheadh aici sa dialann. “Ní raibh mé róchinnte.  B’fhéidir go raibh mé ag tarraingt rud éigin orm nár thuig mé roimh ré.  Déarfaidh mé gurbh é an lá dár gcionn, rug  mé ar an bpeann agus deirim liom féin, ‘Seo leat anois a Lizzy, peann le pár.  Níl an pheannaireacht go maith agam ach thosaigh mé ag scríobh agus choinnigh mé orm.  Agus an dtuigeann tú, bhí fáth agam lena dhéanamh, beidh mé dhá bhliain déag agus na ceithre fichid Aibreán seo chugainn, agus ar fhaitíos go gcaillfinn an beagán atá ansin i gcónaí,” ar sí ag ligean gáire aisti.

Tá ochtar clainne ar Elizabeth féin, 21 duine clainne ar a clann agus 19 ar chlanna a gclainne sin arís. Ba é ba dheacra a bhain leis na diansrianta dise go raibh sí uaigneach i ndiaidh a cuid cairde san ionad cúraim lae i Nás na Rí. “Is breá liom an saol agus gach duine de mo mhuintir.  Cé go mbíonn tú ceanúil ar do chuid daoine muinteartha, is breá le duine labhairt le cara freisin, nach breá? Tá rudaí is féidir a insint, deirimse leat”.

Feictear roinnt de na daoine aosta a scríobh cuntas cín lae i rith aimsir Covid sa scannán, a léiríodh le cúnamh ón gclár Éire Ildánach agus a stiúraigh David C Lynch ar as Cill Dara dó ó dhúchas.  Cuireadh ar taispeáint den chéad uair é ar líne i rith Oíche an Chultúir 2020

 

Stay up to date

×