Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Músaem na nAmhrán ó oileán go hoileán

Scroll
3 min read

Músaem na nAmhrán ó oileán go hoileán

3 min read

14/10/20

Músaem na nAmhrán ó oileán go hoileán

Mar a tharla le cuid mhór tionscadal i réimse na healaíne a raibh leagtha amach tús a chur leo i mí Aibreán 2020, ba ghá Músaem na nAmhrán - tionscnamh bailiúcháin maidir le hamhránaíocht thraidisiúnta faoi stiúir na n-ealaíontoirí Tess Leak agus Sharon Whooley - a chur ar malairt treo nuair a tháinig srianta na paindéime i bhfeidhm.

In ionad seisiúin a eagrú i ndiaidh a chéile sna hospidéil phobail in iarthar Chorcaí, sheol Tess agus Sharon pacáistí ar an bpost chuig na rannpháirtithe sna hospidéil sin a bhí lán le hábhar filíochta agus amhránaíochta. Isteach leis na pacáistí freisin, cuireadh clúdaigh litreach le stampaí orthu chomh maith le cuireadh do na rannpháirtithe amhrán a sheoladh ar ais a raibh cuimhne acu air ó laethanta na hóige.

I rith earrach agus samhradh na bliana 2020, d’iarr siad ar dhaoine roinnt de na hamhráin ab ansa leo a sheoladh chucu.  Iarradh Amhráin mo Mháthar agus Amhráin m’Athar, Amhráin na Talún, Amhráin ag Imeacht agus Amhráin ag Teacht ar Ais, Amhráin na mBláth agus Amhráin na nÉan agus an Glór ab Áille.  B’ábhar ríméid, ainneoin an ghéarchéim ag an am, níos mó ná 150 amhrán a theacht ar ais chuig Tionscadal Iarsmalann na nAmhrán ar an bPost.  Seoladh clúdaigh chuig an Ospidéal Pobail i mBaile Chaisleáin Bhéarra, i nDún Mánmhaí, sa Scoil agus sa Sciobairín, chuig Ospidéal Ginearálta Bheanntraí agus chuig daoine den seandream i nDrom Dhá Liag.

Tá Tess agus Sharon anois i mbun na hamhráin sin ar fad a chruinniú le chéile ionas gur féidir iad a chur sa timpeall arís i bhfoirm ‘Leabhar Amhrán Mhúsaem na nAmhrán’.  Ar cheann de na hamhráin beidh an ceann corraitheach ‘This is My Homeland’ a chuir Mary as an Sciobairín ar fáil.  Dúirt sise gur ábhar áthais di an t-amhrán mar gheall gur ag teacht abhaile chuig a áit dúchais atá an fear, ag filleadh ar an nádúr.

The lights of London are far behind,
My thoughts of homeland are crowding my mind,
Familiar places come into view,
I see my home now, soon I’ll see you.”

Bhain an togra seo leis an gClár Ealaín agus Sláinte in Iarthar Chorcaí.  Níorbh fhéidir a chur i gcrích murach na hothair agus an lucht foirne sna hospidéil pobail a rinne beart go staidéarach cúramach nuair ba ghéire cúrsaí.  Le cabhair ó Éire Ildánach, cinnteofar anois go leathnaítear an togra aoibhinn seo ionas go dtugtar faoina scáth na n-othar sna ceithre ghleann thart ar Bheanntraí agus daoine ar oileáin éagsúla, Inis Arcáin, Cléire, an tOileán Mór, Inis Uí Dhrisceoil, Baoi, Faoide agus Inis Fada.

Tá de chuspóir le Tionscadal Poist Mhúsaem na nAmhrán caidreamh a chothú le daoine sa phobal a bheadh i mbaol a bhfágáil go haonarach agus iad ag dul in aois, daoine a mbeadh éagsúlacht eatarthu ó thaobh cognaíochta san áireamh.  Tá d’aidhm leis an tionscnamh chomh maith bailiúchán amhrán a thabhairt i gcrích ar an bpost ar bhealach a chruthaíonn fonn sna daoine seo páirt a ghlacadh i mbailiúchán amhrán is fairsinge.  Déanfar an tráth céanna, plé agus comhrá a spreagadh faoi amhráin agus faoin amhránaíocht mar bhealach ina gceanglaítear cónascadh idir comharsanachtaí chomh maith le deiseanna a chruthú don mhachnamh, don tsamhlaíocht agus don suaimhneas.

Sheol na healaíontóirí pacáiste amach gach re seachtain faoi théama ar leith.  Bhí litir, focail amhráin, dán agus cárta poist sa phacáiste don uile dhuine a bhí páirteach.  Ar na téamaí, bhí a leithéid seo a leanas: ‘Amhráin mo Mháthar agus Amhráin m’Athar’, ‘Amhráin ag Imeacht agus Amhráin ag Teacht ar Ais’, ‘Amhráin an Earraigh’, ‘Amhráin na mBláth’, ‘An Té ab Áille Glór’ agus ‘Amhráin na Talún’. Cuireadh clúdach litreach le stampa ar fáil chomh maith mar aon le bileog a spreagfadh daoine chun an t-amhrán ab ansa leo maidir le téama an phacáiste a sheoladh ar ais chuig na healaíontóirí. Sheol roinnt de na daoine liosta amhrán ar ais agus bhí daoine eile a d’inis scéal a bhí ceangailte le ceann amháin de na hamhráin a roghnaigh siad. Dá thoradh sin ar fad, bailíodh 160 amhrán i rith chéim tosaigh an tionscnaimh. Seoladh Imleabhar 1 de Leabhar Amhrán Mhúsaem na nAmhrán i mí Eanáir 2021 agus seolfar Imleabhar 2 in am tráth leis an mbailiúchán amhrán ó mhuintir na ngleann agus na n-oileán.

Tá breis eolais faoin gclár comhpháirtíochta Ealaíon agus Sláinte ar fáil ar artsforhealthwestcork.com

Stay up to date

×