Skip to main content

Náisiún
Ildánach

An Taispeántas The Slow Camera Exchange & Friends triptych seolta ar Oíche Chultúir Chorcaí

Scroll
min read

An Taispeántas The Slow Camera Exchange & Friends triptych seolta ar Oíche Chultúir Chorcaí

min read

1/12/22

An Taispeántas The Slow Camera Exchange & Friends triptych seolta ar Oíche Chultúir Chorcaí

Leabharlann Chnoc an Chuilinn, 8–30 Meán Fómhair 2022.

Bunaíodh The Slow Camera Exchange i gcuimhne ar Hermann Marbe mar gheall ar  gur theastaigh uaidh go mbeadh na healaíona agus an chruthaitheacht níos inrochtana. Cabhraíonn The Camera Exchange le daoine ó gach réimse den saol an ghrianghrafadóireacht analógach a úsáid chun moilliú agus féachaint ar an domhan trí lionsaí éagsúla.

Mar chuid den taispeántas bhí sraith uathúil de mhiontaispeántais. Sa taispeántas  Shared Memories bhí íomhánna éagsúla le feiceáil a cruthaíodh in éineacht le cónaitheoirí ó Ionad Westgate. Agus iad faoi stiúir na n-ealaíontóirí Carmel Creaner agus Anne Kiely, bhain na rannpháirtithe úsáid as ceamara uathúil 4X5 ‘monorail bellow’ a d’úsáid Hermann san am a chuaigh thart. Cuireadh íomhánna a rinne baill den FProject Collective san áireamh sa taispeántas freisin.

Chun an taispeántas a chruthú bhain na grúpaí úsáid as trealamh ó bhailiúchán ina bhfuil breis agus seachtó ceamara analógach a bhailigh agus a d’úsáid an t-ealaíontóir Hermann Marbe le linn a shaoil. Bhí bailiúchán d’íomhánna Polaroid a thóg Hermann agus a theaghlach san áireamh freisin.

I bpáirt le hIonad Scannánaíochta Chorcaí, Seirbhís Leabharlainne Chathair Chorcaí agus le maoiniú ón tionscnamh An Cruthaitheacht agus Daoine Scothaosta de chuid Chlár Éire Ildánach, tá scéim iasachta ceamara bunaithe freisin ag an tionscadal i Leabharlann Chnoc an Chuilinn.

Tugann sé seo rochtain do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí idirghlúine ar rogha de cheamaraí analógacha agus ar threalamh atá éasca le húsáid. Mhínigh an bunaitheoir agus stiúrthóir ealaíne an tionscadail, Jessica Carson Marbe spriocanna an tionscadail: “Ní hamháin go raibh Hermann agus mé féin inár bpáirtithe saoil ach bhíomar ag comhoibriú go cruthaitheach. Bhí an-spéis againn sa léiriú cruthaitheach nach bhfeictear de ghnáth agus sna scéalta nach gcloistear go minic agus thaitin sé go mór linn a bheith ag obair i spásanna ina raibh an rannpháirtíocht sna healaíona leathan agus inrochtana. D’fhéachamar ar léiriú na cruthaitheachta mar cheart. Is rud cuí é go gcuirfí a cheamaraí ar fáil le húsáid agus go ndéanfaí ceiliúradh ar an  gcruthaitheacht a thiocfaidh chun cinn.”

Stay up to date

×