Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Seimineár gréasáin TILDA ar líne: Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois

Scroll
min read

Seimineár gréasáin TILDA ar líne: Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois

min read

15/06/23

Seimineár gréasáin TILDA ar líne: Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois

Tugann Clár Éire Ildánach agus Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Dhul in Aois (TILDA), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cuireadh duit chuig seimineár gréasáin faoi stiúir saineolaithe chun foilsiú tuarascáil TILDA ar Ghníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois a sheoladh.

Fo-theideal: Gníomhaíocht chruthaitheach inár saol agus muid níos sine

Tá maoiniú déanta ag Clár Éire Ildánach ar Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Dhul in Aois (TILDA) chun iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chruthaitheach ar ár saol agus muid ag fáil níos sine. Is í an tuarascáil atá mar thoradh ar an staidéar an t-aon sampla ionadaíoch dá cineál in Éirinn. Cuirtear torthaí i láthair sa tuarascáil ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ealaíona, cruthaitheacha agus cultúrtha i measc daoine fásta níos sine in Éirinn agus úsáid á baint as sonraí ó Bhabhta 6 de TILDA.

Is féidir tuarascáil TILDA Wave 6 2023 a fheiceáil anseo

 

Bhí an seimineár gréasáin seo ar siúl ar líne Déardaoin 1 Meitheamh 2023 ó 1pm-2pm

 

 

 

“Ag déanamh imscrúdú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chruthaitheach ar ár saol agus muid ag fáil níos sine, tá tuarascáil TILDA atá mar thoradh air sin mar an t-aon sampla ionadaíoch dá chineál in Éirinn”

Tugann TILDA, staidéar ionadaíoch náisiúnta ar dhaoine fásta 50 bliain d’aois agus os a chionn atá ina gcónaí sa phobal in Éirinn, cuairt ar a gcuid rannpháirtithe gach uile dhá bhliain chun agallamh a chur orthu maidir lena gcúrsaí sóisialta, geilleagracha, sláinte agus airgeadais. Tagann an tuarascáil seo sna sála ar thuarascáil roimhe seo TILDA ar Ghníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois, trí iniúchadh níos mine a dhéanamh ar ghníomhaíocht, spreagadh agus bacainní i leith rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí ealaíona, cruthaitheacha agus cultúrtha.

Cuirfidh Rebecca Minch, Éire Ildánach; an tOllamh Cláir, Rose-Anne Kenny, an tOllamh le Geirinteolaíochta Leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; agus Catherine McGuigan, Príomhoifigeach, Aoisbhá Éireann le hábhar an tseimineáir atá á óstach ag Oliva O’Leary.

 

Stay up to date

×