Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Togra ó Age and Opportunity d'fhonn ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

Scroll
4 min read

Togra ó Age and Opportunity d'fhonn ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

4 min read

11/03/21

Togra ó Age and Opportunity d'fhonn ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

Fógraítear tionscnamh nua le Age and Opportunity trína gcuirfear ócáidí spreagúla spéisiúla nua ealaíne ar siúl don lucht cónaithe, don lucht foirne agus do na daoine muinteartha in ionaid cúraim le cistíocht faoin scéim Críonna Ildánach atá ina chuid den chlár Éire Ildánach agus le cúnamh taca ón gComhairle Ealaíon.

Le Tionscnamh na Lárionad Sárfheabhais Ealaíne & Cruthaitheachta 2020/2021 cothófar scileanna ealaíne agus cruthaitheachta i sé réigiún ar fud na hÉireann, le socrúchán cónaithe ag ealaíontóirí ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh ionas go mbíonn buntáiste ó rannpháirtíocht i gcúrsaí ealaíne ag suas le 125 duine aosta a bhfuil cónaí orthu sna hionaid cúraim nó a thugann cuairt ar na hionaid sin, chomh maith le 125-250 duine eile den lucht foirne, de dhaoine muinteartha, d’ealaíontóirí agus den phobal i gcoitinne.

  • Cuirfidh Liz Clark tús leis an tionscnamh ceoil Homeplace i gcomhar le rannpháirtithe as Ionad Cúram Lae Oileán Chiarraí, Co. Chiarraí agus Ospidéal Pobail an Ráithín, Co. an Chláir. Cumfar amhrán maidir leis an gceangal atá againn leis an áit dúchais.  Cuirfear críoch leis an togra trí chór pobail nó ceoltóirí áitiúla a chur ag canadh an amhráin ionas go gcuirtear an saothar i láthair don phobal i gcoitinne.
  • Déanfaidh Maud Hendricks agus Bernie O’Reilly (Outlandish Theatre Platform) cíoradh leis na hothair i dhá ionad cúraim sláinte, Ospidéal Pobail Naomh Eoin, Co. Shligigh agus Ospidéal Pobail na gCealla Beaga, Co. Dhún na nGall,ar thráth cinniúnach i saol na n-othar.  Tríd an scrúdú ar an tráth sin, cruthóidh siad le chéile saothar suite is féidir a chur ar taispeáint i measc a gcuid gaolta, a gcairde, an lucht cúraim agus don phobal i gcoitinne.
  • Beidh Philippa Donnellan agus Olwyn Lyons, ag obair in éineacht le hAonad Altrachta Pobail Chluain Sceach, Baile Átha Cliathagus Ionad Cúram Lae Nás na Rí, Co. Chill Dara, ag moladh don uile dhuine athrú ó bhonn agus cos a bhualadh ar bhealach nua nó cor agus casadh nua a bhaint as an gcolainn agus a thaispeáint do dhaoine eile.  Tabharfar deis aclaíochta do dhaoine chomh maith le caidreamh a chothú i mbun ealaíne – agus ceiliúradh a dhéanamh ar an saol trí shaothar cóiriúcháin lena mbaineann scéalaíocht, amhránaíocht agus damhsa.

Tapóidh an lucht ealaíne malairt modhanna chun na haidhmeanna leis an tréimhse cónaithe a thabhairt i gcrích murar féidir leo na hionaid cúraim a thaobhú chomh mór nó chomh minic agus ba mhaith leo.  Cothófar an caidreamh le deiseanna cumarsáide agus le cuairteanna aonair de réir mar a cheadaítear faoi threoirlínte an rialtais.

Ag trácht di ar an gclár cónaitheachta, dúirt Bainisteoir an Chláir Ealaíne, Críonna Ildánach, an Dr Tara Byrne: “Táthar ag tnúth go mbeidh, faoin tráth a dtagann deireadh leis an tsraith tréimhsí cónaitheachta seo i mí Bealtaine 2021, rannpháirtíocht i gcúrsaí ealaíne cothaithe mar dhlúthchuid den chultúr sna sé ionad cúraim, ceangal á chothú in athuair idir an lucht cónaithe agus an pobal agus, mar gheall ar an oiliúint atá á chur ar fáil don lucht foirne agus d’fhorais cultúir an cheantair, lárionad sárfheabhais maidir le healaín agus le cruthaitheacht curtha ar bun i ngach réigiún.

Beidh cur isteach ag Covid-19 orainn go ceann tamaill ach is mian linn go mbeadh leas as na tréimhsí cónaitheacha seo mar chuid den phróiseas a chuidíonn linn an saol a mhíniú, teacht slán uaidh agus caidreamh a chruthú lena chéile arís agus sinn ag éalú ó scáth na bliana 2020.”

Cistíocht faoin scéim Críonna Ildánach, gné den chlár Éire Ildánach, le cúnamh taca ón gComhairle Ealaíon.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×