Skip to main content
Grianghrafadóireacht ar léiriúcháin Night Shift le Avi Ratnayake

Náisiún
Ildánach

Folláine an Lucht Siúil 2022: Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe

Scroll
min read

Folláine an Lucht Siúil 2022: Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe

min read

23/01/23

Folláine an Lucht Siúil 2022: Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe

Féach ar cheann amháin de na hiarratais ar éirigh leo i scéim Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht 2022, faigh amach cé hiad féin agus a bhfuil curtha i gcrích acu i mbliana le hÉire Ildánach.

Bunaíodh Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe (GTM) sa bhliain 1994 chun aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas struchtúrtha a mbíonn ar phobal an Lucht Siúil cur suas leis agus freagairt dó. Baineann an eagraíocht úsáid as cur chuige forbartha pobail, agus mar bhonn lena gcuid oibre, chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste, an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a bhaineann le saol an taistealaí, tá tiomantas don rannpháirtíocht, don chumhachtú agus don chomhghníomhaíocht. Bhí a gcuid oibre bunaithe riamh anall ar thuiscint ar an gcultúr ar leith agus an fhéiniúlacht eitneach atá ag an Lucht Siúil agus meas dá réir léirithe air.

Above: Ceardlann Beochana Stop Motion - Grianghrafadóireacht le Emilija Jefremova

Ba é cuspóir an mhaoinithe roinnt imeachtaí a chuireann folláine an Lucht Siúil chun cinn a éascú. Ar chuid de na buaicphointí tá:

Athmhachnamh Samhlaíoch ar Shaol ar an mBóthar 
Siar sna blianta nuair a bhídís ag campáil, chaitheadh baill den phobal am i gcomhluadar a chéile agus iad ag dul siar ar bhóithrín na smaointe faoina gcultúr tríd an scéalaíocht agus amhránaíocht, chomh maith le go mbídís páirteach i ngníomhaíochtaí eile. “Baineann sé le scileanna a thabhairt ó ghlúin go glúin”, mar a luaigh Comhordaitheoir Cúram Sláinte Príomhúil, Kathleen Sweeney i rith na gcampaí lae i mBéal Átha na Sluaighe. “Go háirithe i gcás na ndaoine is sine… tugann sé go leor cuimhní cinn ar ais.” D’oibrigh na laethanta campála seo mar spás ina bhféadfadh baill de phobal an Lucht Siúil a gcultúr a cheiliúradh lena chéile. Bhí na laethanta lán le haoibhneas agus le spraoi, agus iad ag nascadh agus ag ceangal athuair lena bhféiniúlacht. “Is é an rud a thagann ar ais chugam ná an fáth go dteastaíonn níos mó tionscadail mar seo uainn, an fáth go gcaithfimid ceangal athuair lenár bhfréamhacha agus níl bealach níos fearr chun é sin a dhéanamh ná teacht ar ais go dtí an áit ina mbíodh ár dteaghlaigh, cosúil leis na campaí,” a dúirt an tOibrí Forbartha Pobail, Nora Corcoran.

Athmhachnamh Samhlaíoch ar Shaol ar an mBóthar

Open Video

The Night Shift.

Ócáid an-speisialta ab ea an dráma nua a scríobh Rosaleen McDonagh, Night Shift. Dráma é seo a scríobh agus a stiúir baill de phobal an Lucht Siúil agus a raibh siad féin ag aisteoireacht ann, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh. Bhí próiseas cleachtaidh pearsanta ann ar feadh coicíse agus chomh maith leis sin bhuail na haisteoirí le chéile cúpla uair ar Zoom roimh ré chun rith trí na línte. Ócáid do bhaill de phobal an Lucht Siúil amháin, in éineacht le roinnt ionadaithe ó chomhlachtaí maoinithe, a bhí in oíche na hoscailte. Cuireadh na hoícheanta ina dhiaidh sin i láthair mar chuid d’Fhéile Misleór. 73 duine a bhí i láthair ar oíche na hOscailte agus baill de phobal an Lucht Siúil ab ea 59 acu sin. Toisc nach raibh cuid mhaith acu riamh roimhe sin in Amharclann an Druid, ná go deimhin in amharclann ar bith, d’éirigh thar barr leis ó thaobh an pobal a thabhairt isteach i spásanna cultúrtha áitiúla agus a gcultúr féin a bheith le feiceáil acu léirithe ann.

Chomh maith leis sin, rinne Ollscoil na Gaillimhe teagmháil le GTM chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhainfeadh le léiriú iarnóna a chur ar siúl le go bhfeicfeadh mic léinn an choláiste Night Shift. Bhí seisiún Ceisteanna & Freagraí ann leis an gcliar ina dhiaidh sin agus bhí an lucht féachana an-tógtha leis seo.

Above: Grianghrafadóireacht ar léiriúcháin Night Shift le Avi Ratnayake

Stay up to date

×