Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Folláine an Lucht Siúil 2022: The GAFF Luimneach

Scroll
min read

Folláine an Lucht Siúil 2022: The GAFF Luimneach

min read

21/02/23

Folláine an Lucht Siúil 2022: The GAFF Luimneach

Féach ar cheann de na hiarratais ar éirigh leo maoiniú a fháil in 2022 faoin scéim Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht, faigh amach cé hiad féin, agus a bhfuil curtha i gcrích acu le hÉire Ildánach i mbliana.

Ó 2014 i leith, tá The GAFF ag obair le pobail agus le healaíontóirí ó réimse leathan disciplíní chun cláir oibre chomhoibríocha a fhorbairt ar fud Luimnigh agus i gcodanna den Chlár. I measc na bpobal a rabhthas ag obair leo go dtí seo tá Maigh Rois, Páirc Mhuire, An Cnoc Theas, Garraí Eoin, agus Béal Átha na Cora chomh maith le cónaitheoirí ó na hIonaid Soláthair Dhírigh i gCnoc an Lisín agus i dTeach Griffin. In 2020/21 thosaigh an GAFF ag obair le healaíontóirí phobal an Lucht Siúil freisin.

Le tacaíocht ó chlár Éire Ildánach Traveller Wellbeing tríd an gCruthaitheacht d’oibrigh The GAFF le Mol Foghlama Luimnigh, an Chomhpháirtíocht Óige Ildánach Áitiúil agus Clár Sláinte Lucht Siúil Luimnigh, na healaíontóirí WILLZEE, Melanie O’Rourke, Frank McCarthy, Sean Horgan, Hazey Haze, Steo Wall agus Sharon Ward chun Guth na Mincéirí, ceiliúradh sé mhí ar chultúr an Lucht Siúil i Luimneach, a chruthú.

Above: Seo roinnt imeachtaí ar thacaigh Éire Ildánach leo le linn Guth na Mincéirí

Seo roinnt imeachtaí ar thacaigh Éire Ildánach leo le linn Guth na Mincéirí.

Comóradh
Tionscadal amharc-ealaíne ab ea Comóradh a rinne comóradh ar shaol na ndaoine muinteartha a fuair bás ró-óg nó a rinne féinmharú. Bhailigh an tionscadal le chéile déantáin a thug léargas ar shaol na ndaoine atá imithe ar shlí na fírinne. Cuimhneofar i gcónaí ar na daoine muinteartha seo. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal agus é críochnaithe feasacht a ardú, stiogma a laghdú agus slánú a chur chun cinn.

D’oibrigh Comóradh le 15 bean ón Lucht Siúil agus bhí an t-amharc-ealaíontóir, Melanie O’Rourke i gceannas air. Cuireadh pictiúir a roghnaíodh ó Comóradh san áireamh freisin san imeacht Travellers Together Preventing Suicide in Amharclann Uí Raghallaigh i mBaile Átha Cliath, ar an 28 Eanáir.

Above:

Being Put Back Together

Rinne an clár faisnéise gearrscannáin, Being Put Back Together iniúchadh ar ghnéithe den saol ar na láithreáin stad mar atá siad sa lá atá inniu ann agus rinneadh machnamh ar an saol ar an mbóthar, trí chuimhní cinn na mball níos sine den phobal a bhíodh ina gcónaí i vaigíní bairille sna 1960idí. Taispeánadh an gearrscannán seo mar chuid de thráthnóna scannáin agus plé maidir leis an léargas a thugtar ar an Lucht Siúil i scannáin. Mar chuid den chlár faisnéise, a bhí faoi stiúir an stiúrthóra scannáin agus ball den Lucht Siúil David McDonagh (an chéad duine a bhuaigh Sparánacht Scannán Misleór), chualathas guthanna dhaoine níos sine atá ina mbaill de phobal an Lucht Siúil. Tá an scannán á chur i láthair ag Féilte Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Above:

Ceolchoirm TravFest

Rinne an t-ealaíontóir Ceoil, WILLZEE léiriú beo a choimeád i Belltable mar chuid d’fhéile mhí na Samhna, TravFest. Bhí meascán eicléictiúil d’ealaíontóirí ann ón mball bródúil den Lucht Siúil, an rapper tíre Steo Wall agus an taibheoir a bhfuil níos mó éilimh uirthi gach lá, Sharyn Ward. Thug WILLZEE isteach freisin cuid de na guthanna níos nuaí atá ag teacht chun cinn ó shaol an rap i Luimneach.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi The Gaff, cliceáil anseo.

Stay up to date

×