Skip to main content

Náisiún
Ildánach

An chruthaitheacht le dul i ngleic leis an mbás: Deontais SEED Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

Scroll
3 min read

An chruthaitheacht le dul i ngleic leis an mbás: Deontais SEED Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

3 min read

16/03/21

An chruthaitheacht le dul i ngleic leis an mbás: Deontais SEED Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

In 2021, roghnaíodh Fondúireacht Ospíse na hÉireann chun Clár Deontais SEED, a chur i bhfeidhm i gcomhpháirt le Clár Éire Ildánach. Leis an gclár seo, thug 11 thionscadal pobalbhunaithe guth do théamaí an chaillteanais agus an mhéala le linn phaindéim Covid-19.

Gabhann an scannán álainn seo spiorad na dtionscadal álainn tochtmhar seo.

Irish Hospice Foundation SEED Grants

Open Video

Marthaz Urns (Corcaigh

Rinne Martha Cashman, ealaíontóir/dealbhóir i gCorcaigh síothal adhlactha dá deartháir “theastaigh uaidh a bheith créamtha,’’ a dúirt sí, ‘’ach mar gheall ar mo mháthair, atá  92, ní dhéanfadh sé é sin ach thabharfadh sé an t-adhlacadh traidisiúnta di a bhfuil clleachtadh aici air”. Léirigh an síothal an grá a bhí aige do ghluaisrothair agus don dúlra.

Above:

Above:

Meallann Scéal Scéal Eile (Gaillimh)

Thug Hazel Greene agus Kathy Hyland, comhordaitheoir seirbhísí tacaíochta méala agus teiripeoir ealaíne i bhFondúireacht Ospíse na Gaillimhe, deis do dhaoine ina bpobal a d’fhulaing caillteanas le linn COVID-19 a dtaithí a roinnt i bhfocail, i gceol agus i bhfilíocht, agus roinneadh iad ansin i bhfoirm físeáin.

Above:

House of Memory (Gaillimh agus ar fud na tíre)

Rinne Frank Monahan agus an fhoireann ag Architecture At The Edge iniúchadh ar ról na hailtireachta agus ar an tionchar a bhíonn aige ar ár saol, trí shuiteáil shealadach a thógáil, ar mholadh ón ailtire David Kelly, chun plé a dhéanamh ar an teorainn idir an saol agus an bás. Tugann sé moltaí maidir le bealaí ar féidir an bás a chaoineadh nuair a fhaigheann duine atá gar dúinn bás, in ainneoin na srianta a bhaineann le scaradh sóisialta agus le tionól. Suiteáladh é i nGaillimh i mí an Mhárta agus tugadh cuireadh do chuairteoirí comhartha cuimhneacháin nó tabhartas a fhágáil sular baineadh as a chéile é.

Above:

Sorry for Our Troubles (Luimneach agus ar fud na tíre)

Theastaigh ó Jennifer Moran Stritch ó Ghrúpa Taighde Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh agus Grief/Death Café Luimneach, in éineacht le Jantien Schoenmakers, Comhairleoir Margaíochta, agus David O’Neil ó Raidió Pobail Chathair Luimnigh comhléiriú bróin a dhéanamh. Próiseáladh teachtaireachtaí gutha, a seoladh chuig seirbhís thiomnaithe de chuid Whats App, trí bhogearraí fuaimthoinn chun íomhá ar leith a chruthú de gach taifeadadh anaithnide.

Above:

Journey through the ritual of lament and caoineadh (Corcaigh)

Bhí an t-ealaíontóir Michelle Collins i gceannas ar chónaitheoirí Ospidéal agus Ospís Ollscoile Marymount agus iad ag féachaint ar an gcaillteanas, an brón, an machnamh agus an cuimhneachán trí cheardlanna dírithe ar an gcaoineadh. Thacaigh Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Chontae Chorcaí leis an tionscadal seo freisin.

Above:

Murmurations: A Song Cycle (Cill Dara)

D’fhorbair Sharon Murphy agus Sadhbh Murphy ó Embrace Music sraith de thrí amhrán ag machnamh agus ag tarraingt ar fhairsinge agus ar dhoimhneacht an mhéala sna pobail cúraim cónaithe lena n-oibríonn siad. Fuair sé tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chill Dara agus tagraíonn an teideal don chomhbhá a bhí follasach le linn na paindéime, agus tá na saothair deiridh ar fáil i bhfoirm taifeadtaí digiteacha ar líne.

Above:

Above:

Dying to Know (Luimneach)

Is ealaíontóir amharclainne í Joanne Ryan atá ina speisialtóir ar shaothair a chruthú faoi ábhair a bhfuil geis orthu agus atá toirmiscthe. Le tacaíocht ó Amharclann Lime Tree Luimnigh, agus i gcomhar leis an dream a dhéanann staidéar ar an mbás agus le staraithe báis, d’fhorbair sí codanna de thaispeántas nua, ina gceanglaítear dírbheathaisnéis, clár faisnéise agus taighde le chéile, chun saincheisteanna a bhaineann leis an mbás a fhiosrú.

Above:

Lily’s Grandpa is an Angel (Dún na nGall)

Is ealaíontóir Spáinneach í Maria Gasol atá ina cónaí i nDún na nGall agus fuair a hathair bás ó COVD-19 in Barcelona mí Aibreáin seo caite. Mar thoradh ar a hiníon 6 bliana d’aois a bheith ag iarraidh sólás a thabhairt di le cúram, neamhurchóid agus samhlaíocht, tháinig dán scéalaíochta. Agus í ag obair mar oibrí deonach i ngníomhaireachtaí áitiúla cúram cónaithe agus tacaíochta pobail in Iarthar Dhún na nGall, chuaigh sí i gcomhar le grúpaí pobail chun an dán a léiriú agus leabhar digiteach maisithe a chruthú. Ina dhiaidh sin, bhí an leabhar ina uirlis chun tús a chur le plé ar an mbás.

Above:

Mural of Remembrance Project (Port Láirge)

Tá Club CLG na Gailltíre fréamhaithe go domhain sa phobal. Fuair baill den chlub agus den phobal áitiúil bás le COVID-19. In éineacht leis an gcathaoirleach Richard Finnegan, chruthaigh siad múrmhaisiú cuimhneacháin i bpáirt le healaíontóir graifítí áitiúil ar bhalla atá os comhair Bhóthar Chathair Dhún Mór Thoir-Phort Láirge chun misneach a thabhairt agus comóradh a dhéanamh.

 

Stay up to date

×