Skip to main content
Techinee Nawaing (19), Athlone

Náisiún
Ildánach

Ag ligean leis an gcruthaitheacht nádúrtha atá sna daoine óga: Junk Kouture

Scroll
5 min read

Ag ligean leis an gcruthaitheacht nádúrtha atá sna daoine óga: Junk Kouture

5 min read

8/12/21

Ag ligean leis an gcruthaitheacht nádúrtha atá sna daoine óga: Junk Kouture

Roimh an gCraobhchomórtas de chuid Junk Kouture, a bhfuiltear ag súil go mór leis agus a bheidh ar siúl Déardaoin an 9 Nollaig, is am feiliúnach é seo chun scrúdú a dhéanamh ar an mbealach a spreagann an comórtas deartha faisin réabhlóideach seo an chruthaitheacht sna rannpháirtithe óga.

Déantar iniúchadh ar an ábhar sin i gclár faisnéise atá ina oscailt súl ‘Junk Kouture – Waking the Muse.’  Rinne an Clár Ildánach agus Junk Kouture, an clár faisnéise seo a choimisiúnú agus ba é an scannánóir óg Éireannach Seán Treacy (17), a bhfuil gradaim buaite aige agus Comhordaitheoir Léiriúcháin Junk Kouture Órla Morris Toolen (21) a stiúir agus a léirigh é.

Is é Junk Kouture an comórtas faisin athchúrsáilte is mó ar domhan do dhaoine óga, áit a ndéanann daoine cruthaitheacha cumasacha as gach cearn d’Éirinn éadaí dochreidte a dhearadh, a chruthú agus a thaispeáint gach bliain agus iad déanta go hiomlán as ábhair atá athchúrsáilte.

Leanann an clár faisnéise trí alumni spreagúil de chuid Junk Kouture nuair a thugtar dúshlán dóibh oibriú le chéile chun ensemble uathúil a dhearadh, a aimsiú agus a chruthú agus mainicíneacht a dhéanamh air i Nua-Eabhrac do Sheachtain Aeráide NYC 2021, ar a raibh Junk Kouture ina chomhpháirtí Beo Inbhuanaithe. Agus iad ag taispeáint an chaoi ar fhorbair siad mar dhearthóirí de bharr a dtaithí le Junk Kouture, léirigh an comhoibriú eatarthu freisin an bealach ar féidir éiteas inbhuanaitheachta an chomórtais a chomhtháthú le saol an fhaisin.

Tugann an triúr, Niamh Porter (24), Cian Newman (20) agus Techinee Nawiang (19), le fios sa chlár faisnéise go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le turas Junk Kouture ná comórtas faisin. Rud an-luachmhar go deo a bhí ann don triúr cumasach seo, idir a fháil amach go raibh acmhainneacht chruthaitheach acu nár baineadh leas as go fóill agus lorg uathúil a fhágáil in áit nua, nach raibh cur amach acu air cheana.

Above:

Fuair Niamh Porter i nDún na nGall amach gur thug an comórtas “ardán agus an taithí chun rud éigin a dhéanamh nach mbíonn seans ag daoine san aoisghrúpa seo a dhéanamh i ndáiríre.’

Chonaic a múinteoir ealaíne Patrice Gallagher dó féin an t-athrú ó bhonn a chuir Junk Kouture ar Niamh – “Thug sé an muinín di le go raibh sí in ann a rá léi féin ‘is é seo an bealach ceart domsa’, agus freisin ‘tá mé ann é seo a dhéanamh, tá sé de chumas ionam.’’

“Tá daoine óga cruthaitheach ó nádúr, is fúinne atá sé mar mhúinteoirí é sin a mhúscailt,” arsa Patrice. “Is féidir an chruthaitheacht sin a thabhairt isteach i rud ar bith, in aon réimse. Agus seachas rud ar bith eile, déanann sé duine níos fearr díot’’.

“Ní dhéantar páistí cruthaitheacha, formhór an ama, a cheiliúradh agus ní bhíonn scéal mór déanta díobh mar a bhíonn i gcás spórt nó cúrsaí acadúla. ‘’Bhraith tú go raibh tú speisialta, sin an rud ab iontaí faoi”  arsa Niamh, atá imithe ó shin ar intéirneacht agus í anois ina chúntóir dearaidh i stiúideo Brooklyn, ag obair ar phíosaí do leithéidí Michelle Obama.

Above: Niamh Porter (24), Donegal

B’í an múinteoir ealaíne Deirdre McQuaid, a chuir Cian Newman, as Baile Átha Cliath, ar an eolas faoi Junk Kouture agus deir sé ina thaobh gur “mhúscail sé rud éigin ionam, bhí mé ag rá, ‘Ba mhaith liom é a dhéanamh, táim chun é a dhéanamh”. Spreag Ms. McQuaid é chun inspioráid a fháil ó gach aon rud a bhí ina thimpeall, agus thug an duine cumasach seo atá 20 bliain d’aois fogha faoi theach an teaghlaigh d’fhonn inspioráid a fháil, lena n-áirítear dallóga fuinneoige a mháthar!

Thug Ms McQuaid faoi deara freisin an fhreagairt a thug múinteoirí eile sa scoil ar rannpháirtíocht Chéin sa chomórtas agus an t-atmaisféar a chruthaigh sé, “is amhlaidh gur thug sé solas agus fuinneamh cruthaitheachta agus b’iontach an rud é a fheiceáil sa scoil.”

Cian Newman

Niamh Porter

"Ní dhéantar páistí cruthaitheacha, formhór an ama, a cheiliúradh agus ní bhíonn scéal mór déanta díobh mar a bhíonn i gcás spórt nó cúrsaí acadúla. ‘’Bhraith tú go raibh tú speisialta, sin an rud ab iontaí faoi"

Deir Techinee Nawiang, atá naoi mbliana déag d’aois – agus a dtugtar New uirthi – “tá an buíochas ar fad ag dul do Ms Kelly, chuir sí ar an eolas mé i dtaobh Junk Kouture”. Tar éis di bogadh go Baile Átha Luain ón Téalainn trí bliana ó shin, ba bhealach ríthábhachtach é an pháirt a ghlac sí sa chomórtas chun í féin a chur in aithne agus bealach freisin chun a cultúr a roinnt lena cairde agus lena pobal nua.

Mhínigh Oonagh Kelly, múinteoir ealaíne New: “Táimid páirteach [i Junk Kouture] le cúpla bliain maith, tá neart bealaí le rudaí a dhéanamh timpeall orainn anseo ach tháinig New ar ais le bealaí chun rudaí a dhéanamh nach raibh feicthe agam riamh cheana.”

Techinee Nawiang

I measc na mbealaí sin bhí úsáid a bhaint as píosaí a bhí gearrtha de chrann bambú Ms Kelly agus teicníc scafall a chur i bhfeidhm ina dearadh – agus aithris á dhéanamh aici ar an gcaoi a dtacaítear le foirgnimh in ailtireacht na Téalainne. “Sílim go raibh an-chumha ar New […] agus í ag déileáil le scoil nua agus le cairde nua, bhí go leor ar siúl ansin. An rud beag a d’fhéadfá a dhéanamh di, tríd an ealaín agus Junk Kouture, ní mórán a bhí ann ach bhí sé ina chuid an-tábhachtach d’fhorbairt an charachtair, an duine agus an chailín álainn atá inti. Tá sí an-speisialta.”

Chun léargas spreagúil a fháil ar an gcaoi a bhfuil an chruthaitheacht agus na modhanna chun é a ligean amach in ann intinn agus todhchaí an duine óig a mhúnlú, breathnaigh ar ‘Junk Kouture – Waking the Muse’ ar agus tiúnáil isteach chuig Craobh Chomórtas Junk Kouture ar RTÉ2 agus ar Sheinnteoir Rté ag 7in, Déardaoin an 9 Nollaig.

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×