Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Why Arts?, Art of the People agus It’s All In Your Head! Clár Well Festival of Arts and Wellbeing 2020 á sheoladh

Scroll
6 min read

Why Arts?, Art of the People agus It’s All In Your Head! Clár Well Festival of Arts and Wellbeing 2020 á sheoladh

6 min read

12/10/20

Why Arts?, Art of the People agus It’s All In Your Head! Clár Well Festival of Arts and Wellbeing 2020 á sheoladh

Tá Why Arts?, Art of the People agus It’s All In Your Head! le háireamh ar roinnt de bhuaicphointí fhéile na bliana seo den Well Festival of Arts and Wellbeing. Beidh an fhéile ar siúl i bPort Láirge ó Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn, an 10 Deireadh Fómhair le clár spleodrach beagnach 50 imeacht á gcur ar siúl saor in aisce ar mhaithe le spraoi, spreagadh agus caidreamh ag óg agus aosta.

Don ochtú bliain den fhéile, tá ceoltóirí, ealaíontóirí agus filí, lucht amharclannaíochta, scannánaíochta agus damhsa, clár Wellies, imeachtaí na féile do dhreamanna níos óige, agus Renew, sruth nua ar an gclár do dhreamanna níos sine, á gcur i láthair ag an bhféile.  Is féidir Clár na Féile a bhreathnú ar www.wellwaterford.com Féach freisin blaisín bolscaireachta Well Festival anseo

Is féile an Well Festival of Arts and Wellbeing lena dtarraingítear aird ar an mbuntáiste ó thaobh na sláinte as páirt a bheith ag an uile dhuine i gcúrsaí ealaíne. Mar gheall ar chás Covid-19 agus ag teacht leis na treoirlínte maidir leis an tsláinte phoiblí, beidh cuid mhór de na himeachtaí á gcur ar siúl ar líne, rud a fhágann deis ag daoine taobh amuigh de theorainneacha Phort Láirge den chéad uair tairbhe a bhaint as an bhféile a bhíonn ar siúl ar fud an chontae.  Beidh fáilte roimh lucht na healaíne i gcéin agus i gcóngar.   Beidh seans lá i ndiaidh an lae imeachtaí ceoil, ealaíne, scannánaíochta, damhsa agus litríochta a thapú a mbeidh ábhar iontais, sásaimh agus machnaimh iontu agus an spraoi a bhaineann le saothrú na samhlaíochta agus na cruthaitheachta a thaithí ag ceardlanna éagsúla agus deiseanna idirghníomhaíochta eile d’óg agus aosta.

Well Festival of Arts & Wellbeing 2020: blaisín

Open Video

Buaicphointí Fhéile na Bliana 2020

Áirítear ar bhuaicphointí fhéile an Well Festival of Arts and Wellbeing 2020 Art of the People, ceiliúradh ar ealaín agus ar ealaíontóirí Phort Láirge, arna chóiriú ag an léiritheoir ealaíne T.V. Honan, a cuireadh i láthair i bhfuinneoga na Príomhleabharlainne; Why Arts?, an chéad cheann de Phríomhócáidí Bhliantúla fhéile an Well Festival, leis an Dr Gabriel Scally, saineolaí maidir leis an tsláinte phoiblí, ina Phríomhaoi i mbun comhrá leis an iriseoir Jennifer O’Connell, agus freagra á thabhairt ag Anne Woodworth, Cathaoirleach Iontaobhas Ealaíne agus Íocshláinte Phort Láirge; It’s All In Your Head!, sraith de cheardlanna ar líne d’fhonn cíoradh a dhéanamh ar an scríbhneoireacht mar bheartaíocht ealaíne agus mar ábhar machnaimh, faoi stiúir Eimear Cheasty, scríbhneoir/léiritheoir; Renew: Arts for Older People, snáth nua ildánach lena mbaineann ceol beo, gleacaíocht, ealaín don tsúil, scríbhneoireacht chruthaitheach agus filíocht, le maoiniú ó Éire Ildánach; Courtyard Calibrations, fuaimréim amuigh faoin aer ag Ionad Ealaíne  Garter Lane, arna chruthú ag Peter Vogelaar, d’fhonn daoine a bheadh ag gabháil an bealach a mhealladh le hiad féin a thumadh san fhuaim go ceann cúpla nóiméad agus ‘athchóiriú’ a thabhairt orthu féin; clár bríomhar ceoil do dhreamanna óga arna chur i láthair ag Leabharlanna Cathrach agus Contae Phort  Láirge i gcomhar le Music Generation; seisiúin WHAT, le ceol clasaiceach, ceol traidisiúnta agus snagcheol á chur i láthair ag roinnt de na ceoltóirí gairmiúla is fearr i bPort Láirge; taispeántais spreagúla in Ionad Ealaíne Garter Lane agus in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge (OOPL), le saothar ó réimse leathan ealaíontóir ar fud cheantar an oirdheiscirt; Fluorescent Fish, saothar suiteacháin le tóirsí san oíche i bhfearann  OOPL. Do na dreamanna is óige, tugann clár Wellies deis do leanaí iad féin a thumadh i seinm an cheoil, in aimsiú fuaimeanna, in insint scéalta agus in obair maisiúcháin le léaráidíocht agus tugann an Mic Oscailte/Open Mic deis d’ógánaigh a gcuid amhránaíochta, filíochta agus scéalaíochta a chur i láthair dhaoine comhaois leo féin. Bíonn éileamh i gcónaí ar We haven’t had an earthquake lately, ócáid mhórshuntais na féile ar chur ar siúl i gcomhar le The Book Centre i bPort Láirge agus beidh sin á chur i láthair arís ag Catherine Drea ach gur ar líne a bheidh sé i mbliana.

Ag labhairt dó ag seoladh ar líne chlár na féile, dúirt an Comhairleoir Eddie Mulligan, Leas-Mhéara Phort Láirge “Déanaim gairdeas ó chroí leis an uile dhuine a bhí páirteach i bhféile an Well Festival a chur ar siúl i mbliana ainneoin a bhfuil de dheacrachtaí á gcur romhainn uilig sa saol.  Déanann sé maitheas domsa a bheith i láthair anseo inniu fiú agus táim ag tnúth go mór le páirt a ghlacadh i gcuid mhór d’imeachtaí na féile seo ar mhaithe le maitheas mhuintir Phort Láirge ar fad.”

Ghabh Claire Meaney, Stiúrthóir Iontaobhas Ealaín Íocshláinte Phort Láirge, buíochas leis an gComhairleoir Mulligan agus dúirt “Is breá linn gur féidir linn féile an Well Festival a chur i láthair bliain chomh hanróiteach leis seo.  Meabhraítear dúinn, nuair atá oiread anró sa saol, an tábhacht atá le cúrsaí ealaíne maidir leis an gcroí a thógáil agus meon an duine a chothú. Ar ndóigh, b’éigean athshamhlú áirithe a thabhairt ar an bhféile, ag teacht leis an treoir maidir leis an tsláinte phoiblí, ach tugann sin deis dúinn freisin imeachtaí nua a chur ar siúl ar bhealaí nua agus leas a bhaint as ar féidir a dhéanamh sa lá atá inniu ann mar gheall ar chúrsaí teicneolaíochta.”

Chuir Síle Penkert, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ionad Ealaíne Garter Lane leis an méid sin: “Is breá le hionad ealaíne Garter Lane go bhfuil deis leanúint leis an gcaidreamh le muintir Phort Láirge agus le lucht na healaíne trí fhéile an Well Festival. Seachas am ar bith, is gá faoi láthair ceangal a chothú le daoine agus deis a thabhairt d’ealaíontóirí saothar a chur le chéile agus a léiriú. Tá súil againn go gcuirfidh daoine suim sa chlár agus go gcaithfidh siad am linn ag féile na bliana seo.  Táthar ag tnúth le fáilte mhór a fhearadh roimh an uile dhuine ag na himeachtaí iomadúla”.

Tharraing Sinéad O’Higgins, Bainisteoir na Príomhleabharlainne aird ar roinnt d’imeachtaí Leabharlanna Cathrach agus Contae Phort Láirge: “Tá ceangal faoi leith ag muintir an phobail leis na leabharlanna, áit a mbíonn fáilte roimh cách agus cultúr an cheantair á chothú.  Táthar ag obair go dlúth, maidir le féile an Well Festival i mbliana, le Music Generation d’fhonn na bealaí éagsúla ina gcuidíonn ceol le meon agus méin an duine a léiriú agus feictear dúinn gur gníomh fónta an chomhobair le T.V. Honan maidir le Art of the People nuair atá oiread de chur isteach ag Covid-19 ar chúrsaí ealaíne agus ar ealaíontóirí. Táthar ag tnúth nach é amháin go gcothóidh na himeachtaí samhlaíocht na ndaoine ach go spreagfar caint, plé agus comhrá faoi maitheas is féidir a dhéanamh le beartaíocht ealaíne nuair atá oiread anró leis an saol faoi láthair.”

Cuireann an Chomhairle Ealaíon, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maoiniú ar fáil do The Well Festival of Arts and Wellbeing agus faightear cúnamh fial ó Sanofi. Tá maoiniú á dhéanamh ar Renew: Arts and Older People, snáithe nua i gclár na bliana 2020, ag Éire Ildánach faoin gclár Críonna Ildánach. Iontaobhas Ealaín Íocshláinte Phort Láirge, Ionad Ealaíne Garter Lane agus Leabharlanna Cathrach agus Contae Phort Láirge a chuireann an fhéile i láthair. Tá clár iomlán na féile ar fáil ar www.wellwaterford.com

 

Stay up to date

×