Is iomaí buaicphointe ag baint leis an gclár reatha. Áirítear orthu sin tochailt seandálaíochta i gcomhar le hIarsmalann an Chláir ar theach ó aimsir an drochshaoil, sraith de cheardlanna i Leabharlann Contae an Chláir maidir le Filíocht Leanaí, cúnamh taca maidir le Comhar Ealaíne idir Glór agus na Scoileanna agus ceardlanna maidir le Cuimhní Cinn agus le Scríbhneoireacht Chruthaitheach i Leabharlann Contae an Chláir chomh maith le cúnamh taca i ndáil leis an tionscadal nuálaíochta de chuid na hOifige Ealaíne Vision Symphony.
Déanann an Stiúrthóireacht maidir le Forbairt Tuaithe Compánaigh Cultúir an Chláir a eagrú – craobhchóras sóisialta do shaoránaigh aosta an Chláir trína gcuirtear ar chumas dhaoine freastal ar imeachtaí in éineacht mar ghrúpa. Is é atá d'aidhm leis go gcuirtear breis deiseanna ar fáil do dhaoine aosta páirt a ghlacadh i saol bríomhar cultúir agus cruthaitheachta an Chláir agus go gcuirtear in aghaidh aonrú sóisialta. Ainmníodh an togra maidir le Gradam Sárfheabhas Chumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann sa Rialtas Áitiúil sa bhliain 2019.
Ceadaíodh naoi gcinn de dheontais maidir le Tionscadail Poiblí i rith na bliana 2019 i ndáil le tionscadail a bhfuil caidreamh leis an bpobal/rannpháirtíocht an phobail i gceist leo. Áirítear orthu sin Tionscadal maidir le hAthrú Aeráide i Meánscoil Mhuire gan Smál i Lios Dún Bhearna, Féile Scannánaíochta Óige Sparks, tionscadal maidir le saoirseacht bád le Foghlaim Ghníomhach Choill Raithín d'Ógánaigh ALFA agus togra maidir le maitheas an duine i scoileanna Bhoirne maidir le leigheasanna, sean-nósanna agus gnáis sláinte.
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae an Chláir i mbun tionscnamh iCan Chraobhchóras Chartlanna Pobail na hÉireann a stiúradh. Tá cúig cinn de ghrúpaí oidhreachta áitiúla páirteach ann chomh maith leo siúd atá ar an gcúrsa dar teideal “Reading the Local Landscape” agus tá de chuspóir leis an tionscnamh níos mó ábhair maidir leis an stair agus an oidhreacht áitiúil a chur ar fáil ar an idirlíon. Tionscnamh eile de chuid na hOifige Oidhreachta is ea an cúrsa “Reading the Local Landscape” a cuireadh ar siúl i gceithre ionad i gContae an Chláir i rith na mblianta 2018 agus 2019.