Skip to main content


Nuacht

Comrádaithe Cultúir an Chláir

Scroll
min read

Comrádaithe Cultúir an Chláir

min read

15/01/22

Comrádaithe Cultúir an Chláir

Craobhchóras caidrimh faoi Chríonna Ildánach atá i gComrádaithe Cultúir an Chláir faoina dtagann daoine aosta le chéile ag freastal ar imeachtaí ealaíne agus cultúir.

Tá de chuspóir leis deis a thabhairt do dhaoine críonna páirt a ghlacadh in imeachtaí ealaíne agus cultúir agus a dtaithíonn siad ar an gcaoi sin a phlé le daoine eile.

Tagann na Comrádaithe le chéile gach re mí chun freastal ar ócáid faoi leith.  Bíonn am i gcónaí le haghaidh sóláistí freisin. Tá áisitheoir a oibríonn go deonach le Clár Áisiúil do Sheanóirí an Chláir ag leagan amach sraith imeachtaí do na comrádaithe.  Ar na himeachtaí a reáchtáladh go dtí seo, áirítear cuairt ar ionaid stairiúla, mar shampla Iarsmalann Hunt i Luimneach, Inis Cathaigh, Co. an Chláir, ceolchoirmeacha i nGlór, Inis, maidineacha caifé, léitheoireacht filíochta agus ceardaíocht le haghaidh na Nollag.

Tionscnamh trasearnálach Comrádaithe Cultúir an Chláir a bhfuil cúnamh taca á thabhairt ina leith ag Éire Ildánach Chontae an Chláir, Oifig Ealaíne Chontae an Chláir agus Comhairle Sheanóirí Chontae an Chláir. Tá ardú tagtha ar líon na mball ó 83 comrádaí sa bhliain 2019 go dtí 241 sa bhliain 2022.

Is suntasach an toradh ar Chomrádaithe Cultúir go mbraitear ceangal sóisialta níos dlúithe lena chéile.  Tarlaíonn feabhas ó thaobh dea-bhail ar an tsláinte meabhrach agus sásamh sa saol ag daoine a thagann le chéile mar gheall ar spéis acu uilig i réimse faoi leith, mar shampla in imeachtaí cultúir.  Tá le tuiscint ó thorthaí taighde go bhfuil ceangal sóisialta le háireamh ar na príomhriachtanais síceolaíochta maidir le sásamh sa saol.  Tá buntáiste faoi leith ag daoine aosta, a d’fhéadfadh a bheith uaigneach agus scoite ó dhaoine eile, as páirt a ghlacadh in imeachtaí de leithéid na gComrádaithe Cultúir.

Tá brí faoi leith i réimsí sóisialta agus ealaíne agus taitneamh le baint astu ag daoine atá eolach ar imeachtaí, ábalta taisteal chucu agus comrádaithe acu leis na réimsí spéise céanna.  Sin é díreach atá agat leis na Comrádaithe Cultúir.

 

Is féidir breis eolais faoi Chomrádaithe Cultúir Chontae an Chláir a fháil ó Helen Moloney, Forbairt Tuaithe agus Pobail Chontae an Chláir, Comhairle Chontae an Chláir,  hmoloney@clarecoco.ie.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×