Skip to main content

100 Cartlann den saothar dearthóireachta cumarsáide in Éirinn an lae inniu

'It Stops Now' campaign Designed by Victoria Brunetta Conor Buckley at Piquant Media

Tarlaíonn géarú bíse gach bliain ag fanacht go bhfeictear an saothar a chuirtear faoi bhráid, agus is breá na féiríní a bhíonn agam bliain i ndiaidh bliana.  Is ábhar dóchais borradh agus forás a fheiceáil faoin tionscal.  Tá éagsúlacht níos mó ag baint leis an gcur chuige agus le hábhar na hoibre.  Tá an obair dearthóireachta níos fite anois in inneach na tíre, ní amháin ag lucht gnó, ach ag an lucht feachtasaíochta atá ag éileamh athrú sóisialta agus polaitíochta chomh maith.

—John Gavin, Ball de Phainéal Chartlann 100

Is ardán atá sa chartlann 100, a chuir cumann na ndearthóirí cumarsáide ar bun sa bhliain 2012, chun saothar dearthóireachta a chur ar taispeáint ann.  Is í an phríomhbheartaíocht a dhéanann siad 100 saothar suntasach a fhoilsiú ar an idirlíon gach bliain ar iad a roghnú tar éis gairm scoile oscailte.  Roghnaítear an cnuasach cartlainne gach bliain ó réimsí níos iomadúla de réir a chéile den dearthóireacht cumarsáide (dearthóireacht grafaice, eagarthóireachta, clóchuradóireachta, brandála, digiteach, reatha) do chineálacha éagsúla úsáide: póstaeir d'oíche i gclub nó athbhrandáil ar chomhlacht idirnáisiúnta, cló gnó do ghnólachtaí beaga nó feachtais do ghluaiseachtaí móra sóisialta.

Le cúnamh ó Éire Ildánach, rinneadh ransú ar chartlann 100 ina bhfuil níos mó ná 2300 saothar dearthóireachta tiomsaithe faoin tráth seo agus cíoradh ar na sonraí a ghabhann le gach saothar d'fhonn an chaoi a dtéann an dearthóireacht i bhfeidhm ar shaol an duine, ar chúrsaí tráchtála, ar chultúr agus ar phobal na hÉireann a léiriú.  Is é Map Irish Design, a bheidh á sheoladh i dtús na bliana 2020, toradh na hoibre sin.  Tugtar le chéile anailís sonraí, agallaimh, ábhar eagarthóireachta, staidéar cásanna, soiléiriú sonraí agus físeáin chun pearsana, ionaid, ábhair, tráthanna agus cúiseanna a bhaineann leis an dearthóireacht in Éirinn le deich mbliana anuas a chur i láthair.  Is léir ón togra seo nach é amháin go dtugann an t-ábhar dearthóireachta léiriú ar chultúr na tíre ach gur cuid thábhachtach den chultúr sin atá ann, go gcuidíonn sé le leathnú aigne, go múnlaíonn sé an tuiscint ar an ngnáthshaol agus go dtéann sé i bhfeidhm ar athrú meoin chomh maith lena léiriú.

100archive.com

Stay up to date

×