Skip to main content

Business To Arts

Clár Ealaíontóirí Cónaitheacha an Lucht Gnó ar son na hEalaíne san Iarthar

Is cúis áthais faoi leith dom go bhfuil bonn treise á chur againn faoi thionscnamh Ealaíontóirí Cónaitheacha an Lucht Gnó ar son na hEalaíne – scéim lena spreagtar agus a gcothaítear comhar gníomhach comhpháirtíochta idir an lucht gnó, an t-aos ealaíne agus an pobal i gceantair áitiúla An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan T.D.

Is comhar comhpháirtíochta idir an Lucht Gnó ar son na hEalaíne agus an Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta faoin gclár Éire Ildánach atá i gclár na nEalaíontóirí Cónaitheacha trína n-oibrítear leis an lucht gnó i mbun beartaíocht nua CSR a chothú.

Tagann réimse leathan beartaíochta faoi scáth an Chláir: rannpháirtíocht an phobail a chothú; spéis an lucht foirne a chothú agus bearta cruthaitheachta san ionad oibre arna riar ag na comhlachtaí eagair agus ar na healaíontóirí.

Beidh 3 shocrúchán d'ealaíontóirí cónaitheacha á n-eagrú i rith 2019/2020.

  1. SOAR (success overcoming all resistance) an clár de chuid LK Shields maidir le hEalaíontóir Cónaitheach atá á rith i gcathair na Gaillimhe.  Oibreoidh James Riordan, ealaíontóir amharclannaíochta, le Mic Léinn Rochtana in Ollscoil na hÉireann, Gaillimhe agus le baill foirne de chuid LK Shields i mbun ceardlanna bunaithe ar an oirfidíocht agus ar an oideachas a eagrú.  Tá d'aidhm leis an gclár oibre cuidiú leis na rannpháirtithe a gcuid scileanna ceannaireachta, cur i láthair agus comhoibre a fhorbairt.
  2. Tá an pianódóir clasaiceach Máire Carroll roghnaithe chun oibriú le teaghlaigh a chónaíonn i Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair.  Oibreoidh Máire i gcomhar le baill foirne de chuid BHP Insurances i mbun ócáidí bunaithe ar oirfidíocht agus bearta bunaithe ar an oideachas a eagrú chomh maith le ceardlanna atá leagtha amach chun tuiscint don cheol a chothú sna rannpháirtithe go léir.
  3. Oibreoidh Toma McCullim, an t-ealaíontóir as Corcaigh, le Club Lóin, Ionad Pobail Lae agus Ospidéal Pobail sa Sciobairín agus le baill foirne de chuid The Ludgate Hub.  Is clár seo a dhíríonn ar leas a bhaint as an teicneolaíocht chun ceangal a nascadh idir daoine aosta den diaspóra ar fud an domhain agus a gcomhaoisigh in Iarthar Chorcaí.

https://www.businesstoarts.ie/

Stay up to date

×