Skip to main content

Civic Theatre Tenderfoot

“Rinne mé rud nár shíl mé a bheith ionam a dhéanamh. Is iontach na daoine a bhí ann. Tá cuid mhór cairde nua agam dá bharr. Ní raibh mé ag iarraidh go dtiocfadh deireadh leis ar chor ar bith". Ógánach a bhí páirteach sa chlár Tenderfoot

Clár printíseachta san amharclannaíocht, a bhfuil gradam bronnta ar Civic Theatre mar gheall air, atá in Tenderfoot, agus é á rith do dhaltaí na hidirbhliana i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Meon na printíseachta atá le Tenderfoot agus foghlaimíonn 'lucht na gcos éadrom' faoin amharclannaíocht trí oibriú i mbun na hamharclannaíochta iad féin. Mar chuid den chlár oibre, cuireann na hógánaigh eolas ar ghnéithe uile na hamharclannaíochta – scríbhneoireacht, dearadh seite, scannánaíocht don amharclannaíocht, ceol agus dearadh fuaime, dearadh cultacha, bainistíocht stáitse agus aisteoireacht – faoi stiúir dhaoine atá i mbun ghairm na hamharclannaíochta faoi láthair. Drámadóirí 15/16 bliana d'aois a scríobhann na bundrámaí nua ar fad a chuirtear ar stáitse mar chuid den chlár oibre agus tugann sin léargas sainiúil ar shaol na ndaoine óga agus iad ag cur a dtaithí féin ar an saol dáiríre i láthair.

Cor nua san obair, a bhfuil cúnamh taca á thabhairt ina leith faoin gclár Éire Ildánach, is ea an togra taighde, IMPACT – TENDERFOOT Going Forward, lenar tiomsaíodh lón eolais a fhágfaidh gur féidir an clár suntasach seo trína gcothaítear an acmhainn chultúir sna daoine óga a leathnú amach go dtugtar gach uile scoil i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath faoina scáth. Cuireadh na torthaí taighde i láthair ag fóram poiblí sa Civic Theatre, Tamhlacht i mí Meán Fómhair 2019, ag ar cíoradh a bhfuil á chur ar fáil do lucht féachana na ndaoine óga fásta den amharclannaíocht ghairmiúil ar na leibhéil éagsúla ar fad, spreagadh spéise, rannpháirtíocht agus an taibhréim san áireamh.

https://www.civictheatre.ie/about-us/what-we-do/tenderfoot/

Stay up to date

×