Skip to main content
Cistin St Pats Sacreblues Band Photo Credit Kieran Frost

First
Fortnight

First Fortnight

féile ar mhaithe leis an meabhairshláinte don tír ar fad

Is í seo an deichiú bliain ó cuireadh tús le First Fortnight, carthanacht meabhairshláinte ealaínbhunaithe a chuireann féile ar siúl sa chéad choicís den bhliain féachaint le dul i ngleic leis an stiogma a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte. I mí Eanáir 2019 thionóil First Fortnight, le tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach, féile ealaíon meabhairshláinte na hEorpa in Éirinn agus reáchtáladh breis is 150 imeacht ar fud na tíre.

Cistin St Pats Sacreblues Band Photo Credit Kieran Frost

JP Swaine

"Tá na dúshláin a chruthaíonn cúrsaí meabharshláinte don tsochaí leagtha amach go maith i bpátrúin sheanbhunaithe agus is ar mhaithe leis na pátrúin sin a chur in aer, gan scáth gan eagla, agus chun níos mó a lorg a chuirtear First Fortnight ar siúl ag tús gach aon bhliain"

Ba ócáid nua í seo don tír. Bhain an pobal sult as ceol, as drámaíocht, as scannáin agus as an bhfocal labhartha a bhain le cúrsaí meabhairshláinte ó 16 thír (Éire, an Ungáir, Albain, Sasana, an Bhreatain Bheag, an Fhrainc, an Spáinn, an Phortaingéil, an Ghearmáin, an Eilvéis, an Pholainn, an Bheilg, an Rómáin, an Ghréig, an Iodáil agus an Liotuáin) a raibh sé mar aidhm leo tús a chur le 2019 thrí aghaidh a thabhairt ar an stiogma a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte agus ag úsáid imeachtaí ealaíon chun plé agus tuiscint oscailte a chruthú ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte.

Where Theres A Will Live Wood Quay Photo Credit Kieran Frost

Is carthanacht meabhairshláinte ealaíon í First Fortnight a thosaigh amach mar chomhrá i gcistin 10 mbliana ó shin agus a bhfuil forbairt tagtha uirthi ó imeacht amháin go dtí breis is 150 imeacht ar fud na tíre anois.

Stay up to date

×