Skip to main content

Fondúireacht na
hAiltireachta

Fondúireacht na hAiltireachta

Tá beart á dhéanamh ag daoine, tá siad ag treabhadh leo, fios acu cén ní is mian leo, níl i gceist ach cúnamh beag a thabhairt dóibh lena thabhairt i gcrích. Anne Kearns, Oifigeach Rannpháirtíochta Fhondúireacht na hAiltireachta

Is é meon Fhondúireacht na hAiltireachta go mbeadh ar chumas an tsaoránaigh maitheas a dhéanamh maidir lena dtimpeallacht foirgníochta féin is bun le Athshamhlú. Le cúnamh taca ón gclár Éire Ildánach, d’oibrigh Fondúireacht na hAiltireachta le grúpaí pobail, lucht ailtireachta agus dearthóireachta agus údaráis áitiúla ar chlár oibre maidir le hocht gcinn de thograí a mbeidh toradh chun sochair orthu ar an bpobal agus ar an gcomharsanacht.

 

Cinntítear gurb iad riachtanais an phobail croí an phróisis leis an bpróiseas a bhaineann le hAthshamhlú. D’fhéadfadh gur ní simplí go maith a bheadh i gceist, mar shampla níos mó binsí do phobal atá ag dul amach sna blianta, áit shábháilte shoicheallach ag daoine óga le teacht le chéile ann, pailliún sealadach nó ócáid bhliantúil ag a dtarraingítear an pobal le chéile agus ag a ndéantar ceiliúradh ar mhuintir na háite.

 

Athshamhlú Thamhlachta: Tá de chuspóir le Melt the Walls go mbeadh straitéisí cruthaitheachta agus bearta ailtireachta in úsáid chun teacht ar bhealach níos fearr le ceangal a chothú idir na daoine, na háiteanna agus na heagraíochtaí i gCearnóg Sheomra na Comhairle agus sa cheantar máguaird i mbaile Thamhlachta.

 

Athshamhlú Chill Rois: Tá daoine de mhuintir na háite ag féachaint le hoibriú le comhlachtaí poiblí chun straitéis maidir leis an bhfearann poiblí a chruthú lena mbainfidh tograí áirithe ar féidir an tsluasaid a oibriú ina leith i rith na mblianta beaga amach romhainn.

 

Athshamhlú Mhaothla: Chonacthas go raibh gá le treoir achomair a chruthú i gcomhar maidir le foirgneamh folamh sa bhaile mór a athúsáid mar ionad lóistín a bheadh ar fáil ar chostas íseal ag daoine a bhíonn i mbun spóirt sa cheantar.

 

Athshamhlú Bhaile Locha Riach: Is mian le daoine den phobal treoir dearthóireachta a leagan amach maidir le beart sealadach ailtireachta leis na slite siúlóide stairiúla.

 

Athshamhlú Leitir Ceanainn: Feictear do dhaoine den phobal gur gá conair cultúir a chruthú idir trí áras cultúir bhaile Leitir Ceanainn.

 

Athshamhlú Cheanannais

Tá de chuspóir leis an togra Kells Creative Placemaking go n-eagrófaí comórtas do phleananna ailtireachta maidir le hathúsáid as dhá spás séipéil sa Chlochar mar spás do stáitse poiblí / pictiúrlann agus do chruinnithe.

 

www.architecturefoundation.ie

Irish Architecture Foundation

Open Video

Stay up to date

×