Skip to main content

Glucksman The Classroom Museum

An tIarsmalann sa Seomra Ranga.  An Ealaín Chomhaimseartha a thabhairt amach as an Iarsmalann isteach i Scoileanna Tuaithe

Dánlann Glucksman agus an Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta faoin gclár Éire Ildánach is bun le Seomra Ranga na hIarsmalainne a fhorbairt, clár foghlama ag daoine óga i dtrí cinn de scoileanna tuaithe i dTuaisceart Chorcaí (Scoil Náisiúnta Ghleannúir, Scoil Náisiúnta Choill an Mhaignéaraigh agus Scoil Bhríde, Rath Chormaic) atá bunaithe ar bhailiúchán suntasach Choláiste na hOllscoile, Corcaigh de shaothair ealaíne comhaimseartha.

Trí shraith d'iasachtaí gearrthéarmacha agus de bhearta comharoibre, thug Seomra Ranga na hIarsmalainne deis do dhaoine óga agus do mhúinteoirí taitneamh a bhaint as saothair ealaíne ina dtimpeallacht féin.

Níor shíl mé riamh agus mé i mbun an tsaothair seo go gcuirfí ar taispeáint é i seomraí ranga faoin tuath agus go spreagfaí cruthaitheacht i leanaí leis. Fiona Kelly, Ealaíontóir

http://www.glucksman.org/projects/the-classroom-museum

Stay up to date

×