Skip to main content
Davina Olufade, National Concert Hall Picture Credit: Andres Poveda

Coláiste Mhuire gan
Smál

Coláiste Mhuire gan Smál

Ar Lorg na nAmhrán i measc na ndídeanaithe in Éirinn.

Togra i gcomhar idir Coláiste Mhuire gan Smál, Sing Ireland agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann atá i gceist le Song Seeking.  Tá comhar breise i gceist chomh maith leis sin le sé cinn d’ionaid soláthar díreach, ceathrar áisitheoirí cóir, cumadóir ceoil, grúpaí amhránaíochta áitiúla, an Ceoláras Náisiúnta agus, an ní is tábhachtaí, na cantairí féin – daoine fásta, leanaí agus daoine óga – a bhfuil cónaí orthu in ionaid soláthar díreach.  Cothaíonn lucht an chomhair ar fad canadh agus amhránaíocht le chéile ionas go gcóirítear an bealach do phobail éagsúla chun teacht le chéile i mbun bearta cruthaitheachta.

Eniola Bamgbose, National Concert Hall Picture Credit: Andres Poveda

 

Andrey Antoniuk of Citadel

"Airím anois gur cuid de shaol álainn na hÉireann mé. Ar an gcéad dul síos, is mór an onóir dom, agus is ríspéisiúil an rud é le déanamh, ceol a sheinm i halla den sórt seo. Sin rud nár tharla cheana dom."

Chomh maith leis na ceardlanna slua-amhránaíochta, coimisiúnaíodh saothar nuachumtha do chór leis an Dr Seán Doherty arna cheapadh trí cheardlanna rannpháirtíochta leis na fir, na mná agus na leanaí a bhí páirteach sa togra agus eagraíodh ócáidí imeasctha leis an bpobal trí laethanta amhránaíochta le cóir áitiúla.  Ba dhlúthchuid den togra an obair thaighde a rinneadh lena linn a raibh tábhacht ar leith á leagan ann ar an dearcadh ó réimsí éagsúla tuairimíochta a thabhairt san áireamh.  Is comhar ilghníomhaireachtaí atá sa togra idir Coláiste Mhuire gan Smál, Sing Ireland agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann.

Performance National Concert Hall

Mar bhailchríoch ar an togra, eagraíodh ceolchoirm The Big Sing sa Cheoláras Náisiúnta ar an 9 Meitheamh 2019.  In éineacht leis an sé chór ar an stáitse, bhí cóir pobail agus Citadel mar aíonna speisialta, banna ceoltóirí ón mBurúin, ón Afraic Theas, as an Ailgéir, as an mBanglaidéis, ón India, as an Úcráin, agus as an Rúis a bhfuil cónaí orthu in Ionad Soláthar Díreach Bhóthar Chionn tSáile.

Mary Immaculate College

Stay up to date

×