Skip to main content

Mol Sláinte Cruthaitheachta Helium Arts

Helium's Creative Health Hub, Crawford Art Gallery,Cork

Cuireann Helium deiseanna cruthaitheachta ildisciplíne ar fáil do leanaí a bhfuil míshláinte agus míchumas ar feadh a saoil rompu ar mhaithe lena gcuid riachtanas agus a sláinte sícshóisialta.

Le cúnamh taca ó Éire Ildánach, tá múnla nua maidir le Mol Sláinte Cruthaitheachta tugtha chun cinn ag Helium Arts trína gcuirfear a gcuid tograí cruthaitheachta ildisciplíne nuálacha ar fáil do bhreis leanaí agus déagóirí ar fur na hÉireann.

I ngach ionad ina bhfuil Mol Sláinte Cruthaitheachta, is féidir le healaíontóir de chuid Helium clár beartaíochta leanúnach a chur ar fáil atá ina cheangal idir ospidéil, ionaid i measc an phobail agus ionaid phoiblí. Tabharfaidh an clár oibre cúnamh do leanaí agus do dhaoine óga scóip a ligean lena gcuid cruthaitheachta agus cuirfear ar a gcumas na buntáistí éagsúla maidir le sláinte meabhrach a thaithí atá as páirt a ghlacadh i mbearta cruthaitheachta ag leanaí a bhfuil na deacrachtaí sóisialta agus mothúchán á gcur rompu a bhaineann le tinneas ainsealach.

Tríd an gcur chuige claochlaitheach "ealaín de réir oideas", buaileann Helium le leanaí san ospidéal agus cuirtear i leith shraitheanna ceardlann ansin iad in ionaid pobail nó in ionaid phoiblí.

Seoladh Mol Sláinte Cruthaitheachta i gCorcaigh agus i Luimneach i mí Eanáir 2019. Tá na moil sin á n-eagrú i gcomhar le hOspidéal Ollscoile Chorcaí agus le hOspidéal Ollscoile Luimnigh agus le comhpháirtíochtaí pobail agus comhpháirtíochtaí cruthaitheachta sa dá cheantar.

www.helium.ie

Stay up to date

×