Skip to main content

Other People’s Practices

Other People’s Practices: Tréimhsí cónaithe ag ealaíontóirí  le hothair lae ón bPríomh-Ospidéal Meabhairghalair

Tá tábhacht leis an socrúchán cónaithe seo, faoi stiúir an ealaíontóra John Conway, ní amháin mar gheall ar na tionscadail ar thug triúr ealaíontóirí fúthu agus iad ag obair go díreach le roinnt de na daoine is mó atá i mbaol, ach mar gheall freisin ar a bhfuil i gceist maidir le tionscadail chruthaitheachta a thabhairt i gcrích leis an earnáil seo san am atá romhainn.

Chonacthas d'Éire Ildánach go bhféadfadh buntáiste a bheith go fadtéarmach leis an tionscadal nuair a tugadh cúnamh taca don chlár píolótach maidir le socrúchán cónaithe ag ealaíontóirí i gClinic Oileán Uiséir, ionad lae pobail de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí.  Bíonn an t-ionad sin in úsáid ag othair reatha de chuid an Phríomhospidéil Meabhairghalair atá ar shaoire lae ó fhearann an ospidéil sin agus iar-úsáideoirí seirbhíse atá ag maireachtáil le cúnamh i measc an phobail.

Thug triúr ealaíontóirí faoi thrí thréimhse cónaithe ceithre mhí faoi leith in imeacht 15 mí in ionad cúraim Oileán Uiséir.  Toghadh na healaíontóirí a roghnaíodh don obair in Oileán Uiséir mar gheall gur dhírigh siad ina gcuid saothair ghairmiúil roimhe seo ar phróisis an chomhair, ar cheangal le gnéithe sóisialta agus ar shaothair ealaíne géarchúiseacha neamhspleácha d'ardchaighdeán a cheapadh.

Tionscadal trialach dian é seo, ag tacú le daoine aonair a bhfuil deacrachtaí casta acu. D’fhéadfadh toradh dearfach a bheadh ar an tionscadail seo tionchar ollmhór a bheith aige ar na polasaithe a bhaineann le cuid den daonra atá go háirithe faoi mhíbhuntáiste.

Cuireann Éire Ildánach cistí ar fáil do Other People’s Practices ar comhar páirtnéireachta atá ann idir  an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearthóireachta, an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí agus Waterford Healing Arts Trust.

Stay up to date

×