Skip to main content

The Dock

Creative Counties - Sé Ionad Ealaíne, Ceithre Chontae, Aon Chóras Amháin

Togra náisiúnta faoi Éire Ildánach is ea Creative Counties, cónaidhm sé cinn d'ionaid i gceithre cinn de contaetha a bhfuil trí cinn de thograí babhtála tugtha chun cinn acu.  Dock a dhéanann ceannródaíocht maidir leis an togra lena mbaineann Hawks Well Theatre, Backstage Theatre, Ionad Ealaíon Ros Comáin, The Glens Centre agus Leitrim Sculpture Centre i Liatroim, Sligeach, Ros Comáin agus sa Longfort.  Oibríonn na hionaid ealaíne le chéile maidir le hacmhainní, scileanna agus deiseanna a chur i gcomhar gan bheann ar theorainneacha contae ionas go gcuirtear le saol na cruthaitheachta i  measc an phobail i réimsí éagsúla, mar shampla, oideachas, forbairt uirbeach/tuaithe, sláinte agus folláine agus daoine óga.  Tá mioneolas ar fáil ar www.creativecounties.ie

Performing North Leitrim Togra idirdhisciplíneach i gcomhar idir Leitrim Sculpture Centre & The Glens Centre i gCluainín Uí Ruairc.  Scáth-theideal is ea Performing North Leitrim ar réimse tograí ar fud chomharsanachtaí éagsúla i dtuaisceart Liatroma faoi stiúir na n-ealaíontóirí Little John Nee agus Sandra Corrigan Breathnach. Cuirtear deiseanna nua léiriúcháin ar fáil faoin togra sa dá Ionad trí acmhainní agus saineolas a chur i gcomhar.

Both Sides Of The Lough Rinne an Dock agus Hawk’s Well Theatre coimisiúnú i gcomhar ar thogra mórscála ceoil ar fud Shligigh agus Liatroma.  Trí leas a bhaint as flúirse ceoltóirí, cothaítear an traidisiún sa dá chontae leis an togra seo i gcomhar le ceannródaithe sároilte i saol na cruthaitheachta ina measc: Michael Rooney, Niamh Crowley, Kellie Hughes agus Stephan Doherty. Trí shraith ceardlann a eagrú i réigiún Shligigh agus Liatroma, cuireann dhá ghrúpa ceoltóirí óga traidisiúnta aithne ar mháistrí sa chaoi is go bhfoghlaimítear scileanna agus go leathnaítear a dtaithí ar an gceol  ionas gur fairsinge an tuiscint atá ag an gcéad ghlúin eile ar an gceol traidisiúnta.

Luminaria and Playmaking Faoi cheannródaíocht cruthaitheachta Maisie Lee agus Fionnuala Gygax a d'oibrigh an comhar páirtnéireachta seo idir Ionad Ealaíon Ros Comáin agus Backstage Theatre an Longfoirt.  Eagraíodh sraith de cheardlanna do leanaí maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach, déanamh puipéad agus amharclannaíocht i dtrí cinn de scoileanna i gContae Ros Comáin agus i gContae an Longfoirt faoi scéim ‘Luminaria’.  Leis an dara céim den scéim chónaitheach, tugadh deis do dhaoine óga idir 9 mbliana agus dhá bhliain déag d'aois foghlaim faoi dhrámaí a scríobh.  Scríobh na leanaí dráma gairid dá gcuid féin agus oibríodh le foireann aisteoirí agus dearthóirí gairmiúla chun a saothar a léiriú go gairmiúil ar an stáitse sa dá ionad. www.thedock.ie www.theglenscentre.com www.backstage.ie www.leitrimsculpturecentre.ie www.roscommonartscentre.ie www.hawkswell.com

The Dock PDF

Stay up to date

×