Skip to main content
Ardagh Hoard


Oscail

Oscail

Togra maidir le stórchiste téarmaíochta a chruthú i ndáil le cuntas a thabhairt ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann

Chuir Éire Ildánach ciste ar fáil don tionscadal OSCAIL i mí Deireadh Fómhair 2018.  An Chomhairle Oidhreachta agus an Clár Fionnachtana a rinne an togra a stiúradh.  Tá tábhacht mhór léirithe cheana féin leis an obair maidir le cuntais tuairiscíochta agus tuairiscí cartlannaíochta ar oidhreacht shaoithiúil seandálaíochta na hÉireann a choimeád go fadtéarmach.

Faoin togra píolótach, rinne an Clár Fionnachtana, i gcomhar le Roinn Seaniarsmaí na hÉireann san Ardmhúsaem, stórchiste téarmaí maidir le hearraí seandálaíochta a chruthú.  Go dtí seo, ní raibh stórchiste téarmaí ar earraí in úsáid ar fud na hearnála.  Tugadh easpa stórchiste dá shórt chun suntais le linn don Chlár Fionnachtana suirbhéireacht a dhéanamh sa bhliain 2014 mar chuid den togra ARIADNE le cistíocht ón AE.  Is é togra píolótach idir Éire Ildánach/OSCAIL san Ardmhúsaem an chéim tosaigh maidir le réiteach ar an deacracht sin.  Is é is fearr ar fad go mbeadh stórchiste ina chabhair maidir le hinnéacsú agus athaimsiú agus maidir le bunachair seandálaíochta a chónascadh agus a chumasc ionas gur féidir iad a chur ar fáil i bhfoirm Sonraí Nasctha Oscailte.

D’eagraigh an Clár Fionnachtana agus an Chomhairle Oidhreachta seimineár in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 22 Márta 2019.  Bhí d’aidhm leis an seimineár tús a chur leis an bpróiseas maidir le sonraí seandálaíochta a chur ar fáil ina Sonraí Oscailte.  Labhair ionadaithe ó earnálacha na seandálaíochta, na meán digiteacha, na cartlannaíochta agus oidhreacht an chultúir.  Ar na réimsí dúshláin a aontaíodh a bheith os comhair an uile dhream, sonraíodh iad seo a leanas:

  • nach bhfuil stórchiste téarmaí aontaithe ar fáil,
  • gur gá polasaí meastóireachta a leagan amach maidir le hábhar cartlainne a choimeád, cartlanna páipéir nó digiteacha a chaomhnú,
  • oiliúint ar dhaoine a chruthaíonn cartlanna maidir le meiteashonraí agus meastóireacht,
  • nach bhfuil dóthain acmhainní ar fáil ná dúthracht á chaitheamh go fadtéarmach le straitéis náisiúnta mar ba chóir a thabhairt i gcrích maidir le cúrsaí digiteacha agus an oidhreacht chultúir,
  • an gá leanúint den chaidreamh agus béim a leagan ar an ngá atá le straitéis fhadtéarmach, bunaithe ar an eolas agus ar na hacmhainní a theastaíonn, ionas gur féidir le dreamanna éagsúla an tairbhe a bhaint as cartlanna seandálaíochta na hÉireann a d’fhéadfaí a bhaint astu.

Léiríodh sraith ceithre chlár podchraolacháin d’fhonn an ceangal idir iarsmaí seandálaíochta agus an t-eolas ina leith atá ar coimeád i gcartlanna éagsúla a thaispeáint.  Scrúdaíodh sonraí faoin gcaoi ar thángthas ar roinnt de na seoda seandálaíochta is iomráití in Éirinn, Cailís Ardach, Dealg na Teamhrach agus Bachall Inis Faithleann (nó Bachall na Leamhna). Seoladh na cláir i mí Meitheamh 2019 agus tá siad ar fáil ar an láithreán gréasáin ag Éire Ildánach agus ag an gClár Fionnachtana.  Beidh siad ina n-acmhainn oideachais ag scoileanna a thugann cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann nó ar iarsmalanna eile ar fud na tíre.

www.heritagecouncil.ie

www.discoveryprogramme.ie

Stay up to date

×