Skip to main content

The Art of being Healthy & Well
Conference

Láithreoirí agus Painéalaithe

Scroll
min read

Láithreoirí agus Painéalaithe

min read

11/05/22

Láithreoirí agus Painéalaithe

22 Meitheamh 10.00AM go 22 Meitheamh 2:00PM am lóin san áireamh | Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Beidh an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Clár Éire Ildánach), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon i mbun siompóisiam náisiúnta a óstáil i gcomhair – The Art of Being Healthy and Well. Déanfaidh an siompóisiam beartas maidir le húsáid éifeachtach cruthaitheachta agus ealaíon a thacóidh le sláinte agus folláine a mheas fad is atá dea-chleachtais á gcur os comhair an phobail agus machnamh á dhéanamh ar an bhfoghlaim go dtí seo.

Is deis atá sa siompóisiam chun:

  • an bunús fianaise maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann le rannpháirtíocht sna healaíona cruthaitheacha a mheas;
  • na healaíona agus gníomhaíochtaí sláinte in ospidéil atá ábalta torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach d’othair, d’úsáideoirí seirbhíse agus dá gcúramóirí a phlé; agus
  • An ról oibríochta atá ag na hearnálacha ealaíon, cultúir agus cruthaitheachta i dtaobh cúram sláinte agus folláine a chur ar fáil sa phobal a scrúdú.
  • Beidh an lucht féachana ar an láthair comhdhéanta de lucht ceaptha beartas agus cleachtóirí sna hearnálacha sláinte agus cruthaitheachta, ag cur deiseanna ar fáil do phlé agus do mhalartú faisnéise.

Cuirfear lón beag ar fáil.

Láithreoirí agus Painéalaithe

Olivia O’Leary

Is iriseoir, scríbhneoir agus láithreoir ar chláir cúrsaí reatha í Olivia O’Leary. Thosaigh sí ag obair don Irish Times ina scríbhneoir gearrchuntais parlaiminte ag deireadh na 1970í. I 1972 thosaigh sí ag obair le RTÉ ina láithreoir cúrsaí reatha agus ina dhiaidh bhí sí ina láithreoir ar Today Tonight agus Questions and Answers. Ba í an chéad láithreoir sinsearach rialta mná ar chlár cúrsaí reatha an BBC, Newsnight, agus chuir sí First Tuesday, sraith faisnéise mhíosúil arna léiriú ag Yorkshire Television do ITV i láthair chomh maith. Bhuaigh O’Leary trí Ghradam Jacob le linn a gairme chraoltóireachta le RTÉ.  Bhuaigh sí an chéad cheann i 1973 as a gcuid oibre ina tuairisceoir nuachta raidió. Bhuaigh sí a dara Gradam Jacob i 1982 as a bheith ag cur Today Tonight i láthair. Bhain sí an tríú gradam amach i 1986 don chathaoirleacht a rinne sí ar Questions and Answers. Tá Gradam Sony buaite aici chomh maith dá clár ar BBC Raidió 4 Between Ourselves.

Bhí sí ina comhúdar ar an leabhar Mary Robinson:  The Authorised Biography, leis an Dr. Helen Burke, agus in 2004 scríobh sí Politicians and Other Animals, gearrchuntas ar chúrsaí polaitíochta na hÉireann.

Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chomóradh 20 Bliain Oifig an Ombudsman.

Is í Olivia a chuireann The Poetry Programme le RTÉ i láthair anois.

 

Alexandra Coulter

Tá Alexandra Coulter ina Stiúrthóir ar Lárionad Náisiúnta um Shláinte Cruthaitheachta na Ríochta Aontaithe a seoladh i Márta 2021. Bunaíodh é mar fhreagra ar Mholadh 1 sa tuarascáil Creative Health a foilsíodh in 2017 i ndiaidh fiosrúchán dhá bhliain a bhí ar bun ag an nGrúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Ealaíona, Shláinte agus Fholláine (APPG).  Is í Alex atá ag cur na rúnaíochta ar fáil don APPG ón mbliain  2015 agus tá sí ina bainisteoir tionscadail ar an bhfiosrúchán freisin. Chomh maith leis sin, tá sí ina Stiúrthóir páirtaimseartha ar Ealaíona & Sláinte Thiar Theas (AHSW), eagraíocht foghlama, abhcóideachta, líonraithe agus forbartha.  Chuir AHSW an Comhdháil Idirnáisiúnta Cultúir, Sláinte agus Folláine i láthair (ar líne) i mí an Mheithimh 2021 ar ar fhreastail os cionn 500 duine ó 30 tír uirthi.

 

Tom James

Is é Tom James ceann an Chláir Sláinte agus Folláine agus Éire Shláintiúil sa Roinn Sláinte. Tá freagracht bheartais ar fhoireann Éire Shláintiúil as gníomhaíocht choirp, cothú, murtall, sláinte ghnéis, folláine áitbhunaithe (clubanna sláinte, campais, ionaid oibre) agus dul i ngleic le neamhionannais sláinte. Bhí Tom ag obair roimhe sin leis na Coimisinéirí Ioncaim, áit a raibh roinnt róil cheannaireachta shinsearacha oibríochta aige agus ina raibh sé ina chathaoirleach ar Líonra Náisiúnta Folláine de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.  Tá céim mháistreachta in Anailís Bheartais ag Tom ón bhForas Riaracháin, Teastas Iarchéime i bhFolláine san Ionad Oibre ó Choláiste na Tríonóide, Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) i gCáin Fheidhmeach ó Ollscoil Luimnigh agus Baitsiléir Eolaíochta i bhFeidhmiúcháin Ríomhairí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

 

Tania Banotti

Tá Tania Banotti ina Stiúrthóir ar Chlár Éire Ildánach ó bhí 2018 ann. Is clár uile rialtais é seo ina bhfuil an chruthaitheacht agus an bhaint atá aici le folláine ina chroílár. I measc na ról a bhí aici roimhe seo bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar an Institiúid um Chleachtóirí Fógraíochta in Éirinn agus bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar Fhóram Amharclannaíochta na hÉireann.

 

Professor Rose Anne Kenny

Tá an tOllamh Rose Anne Kenny MD, FRCPI, FRCP FRCPE, FTCD, FESC, MRIA ina Cathaoirleach ar Gheirinteolaíocht Leighis agus tá sí ina Ceann ar an roinn acadúil Geirinteolaíochta Leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina stiúrthóir ar institiúid um thaighde cliniciúil  úrscothach nua d’aosú in Ospidéal Naomh Séamas-MISA agus bunaitheoir Príomhimscrúdaitheora ar an staidéar is mó ar an taithí atá ag daoine fásta ar dhul in aois in Éirinn – TILDA – Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois, ina 12ú bliain de bhailiú sonraí. Bhí sí ina comhúdar ar 500 foilseachán eolaíochta agus bhain sí go leor gradam amach as a cuid oibre. Is é Age Proof: the new science of living a longer and healthier life an leabhar is déanaí léi, a foilsíodh in 2022.

 

Dr. Mike O’ Connor

Is Geiriatraí Comhairleach é an Dr Mike O’Connor atá ag obair in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus in Ospidéal Naomh Fionnbarra ó 2001. Bhain sé céim amach in UCC i 1991 agus is in Éirinn agus i Londain a chríochnaigh sé a chuid ardoiliúna leighis sa Leigheas Geiriatrach agus sa Leigheas Ginearálta. Bhí sé ina Stiúrthóir Cliniciúil don Leigheas in CUH ó 2013 go 2019. Ar na hábhair spéise atá aige tá Feabhsú Caighdeáin, athchóiriú Seirbhísí Sláinte, cúram sláinte bunaithe ar luach, Sábháilteacht Othar agus Oideachas Leighis.

Thosaigh an Dr O’Connor sa phost Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannasaí grúpa do Ghéaroibríochtaí i Meán Fómhair 2021.  Is éard atá i gceist leis an ról sin comhairle agus treoir chliniciúil a thabhairt i ndáil le gach gné de ghéarchúram ospidéil lena-áirítear bainistiú teagmhas tromchúiseach, Caighdeán agus Sábháilteacht agus Feabhsú Próisis. Tá sé i gceannas ar 16 clár cliniciúil a bhfuil sé de shainchúram orthu samhlacha de chúram agus cosáin othar atá fianaise-bhunaithe, ar cháilíocht dhearbhaithe, indéanta agus pragmatach a leagan amach agus tacú lena gcur i bhfeidhm laistigh de shocrú éifeachtach rialachais.

Eilísh Hardiman

Tá Eilísh Hardiman ina Príomhfheidhmeannach ar Shláinte Leanaí Éireann ón mbliain 2013 (Grúpa Ospidéil na Leanaí roimhe seo). Is é Sláinte Leanaí Éireann (SLÉ) an foras a bunaíodh de réir an dlí in Eanáir 2019 chun seirbhísí cúraim sláinte leanaí a rialú agus a bhainistiú ina 4 ionad i mBaile Átha Cliath i gCromghlinn, Sráid an Teampaill, Tamhlacht agus Ospidéal Uí Chonghaile, ina eintiteas aonair i gcomhar le hinstitiúidí acadúla éagsúla chun seirbhísí, oideachas, taighde agus nuálaíocht cúraim sláinte péidiatraice comhtháite a chur ar fáil.

Gach bliain cuireann SLÉ cóir leighis ar bhreis is 334,500 leanbh agus duine óg agus tugann cúram dóibh leis an 4,000 ball foirne atá acu. Is leanaí iad 25% de dhaonra na hÉireann agus cuireann SLÉ a gcuid sainriachtanas péidiatraice náisiúnta ar fad ar fáil dóibh, cuid acu ar bhonn uile-oileáin, chomh maith le, cúram péidiatraice tánaisteach go léir don daonra i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Tá breis is 30 bliain taithí ar theagasc acadúil in ospidéil ghéarmhíochaine ag Eilísh, 20 bliain acu ag leibhéal ardbhainistíochta corparáide i róil éagsúla lena n-áirítear 3 phost ina Príomhfheidhmeannach, ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Príomhoifigeach Oibríochtaí agus ina Stiúrthóir Altranais. Tá baint dhíreach aici le cur chun cinn athchóiriú agus forbairt cúraim sláinte péidiatraice ón mbliain 2006 nuair a rinneadh an cinneadh beartais ar dtús ospidéal náisiúnta leanaí amháin a fhorbairt a bheadh i gcroílár líonra comhtháite de sheirbhísí péidiatraice in Éirinn. Is ionann
SLÉ agus cliant de chuid an ospidéil nua náisiúnta leanaí, ar tionscadal €1.7 billiún é, agus é ar an infheistíocht chaipitil is mó sa stát, a bhfuiltear i mbun tógála air faoi láthair ar an gcampas atá roinnte le hOspidéal Naomh Séamus.

Tá MBA Feidhmiúcháin ag Eilísh ó Scoil Ghnó Smurfit agus de bharr gur altranas an cúlra gairmiúil atá aici, tá cáilíochtaí altranais acadúla agus gairmiúla éagsúla bainte amach aici. Tá sí ina Iontaobhaí ar Fhondúireacht Shláinte na Leanaí ón mbliain 2020.

 

Nathalie Weadick

Is coimeádaí ailtireachta agus cleachtaidh spáis í Nathalie Weadick atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.  Tá sí ina Stiúrthóir ar Fhoras Ailtireachta na hÉireann ó bhí 2007 ann.  Trí Fhoras Ailtireachta na hÉireann tá go leor tionscnamh curtha ar fáil aici ag fiosrú thionchar na hailtireachta ar an tsochaí, ar an gcultúr, agus ar an stair.  Faoina stiúrthóireacht, thionscain Foras Ailtireachta na hÉireann clár náisiúnta de thionscadail dearaidh faoi stiúir an phobail darb ainm Reimagine a fhorbairt, bhunaigh siad Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí sna Scoileanna agus chuir siad Open House Dublin, an fhéile ailtireachta is mó in Éirinn a mheall na mílte gach bliain, i dtoll a chéile.

Ó 2013 go 2023 choimeád Weadick i gcomhar le Arup New Now Next sraith cainteanna i mBaile Átha Cliath a raibh aoichainteoirí idirnáisiúnta páirteach inti agus inár pléadh topaicí a bhain le tithíocht, an geilleagar ciorclach agus athrú aeráide.  Ó bhí 2007 ann, tá taispeántais faoi ailtireacht na hÉireann  coimeádta agus/nó curtha i dtoll a chéile aici ag Biennale Ailtireachta na Veinéise, Biennial Ailtireachta Chicago, Biennale Dhá-Chathrach Hong Cong/Shenzhen, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, VISUAL Cheatharlach, Ionad Ealaíon Solstice, Dánlann Chathair Luimnigh, The Glucksman, Dánlann RIBA agus Biennale Ailtireachta Tallinn.  Bhí sí ina Leas-Stiúrthóir sa bhForas Ailtireachta i Londain idir 2004 agus 2007 áit ar oibrigh sí ar Debate London sa Tate Modern in 2007. Roimhe sin, bhí sí ina stiúrthóir ar Dhánlann Butler i gCill Chainnigh ar feadh cúig bliana, áit ar choiméad sí taispeántais ó ealaíontóirí idirnáisiúnta.

In 2017 fuair sí Comhaltacht Onórach ón RIBA. Faoi láthair tá sí ag déanamh taighde do PhD ag Scoileanna Ailtireachta RMIT Melbourne agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Maureen Kennelly

Is í Maureen Kennelly Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon. Bhí sí ina stiurthóir ar Poetry Ireland ó 2013 go dtí Aibreán 2020. Roimhe sin bhí sí ina stiúrthóir ar Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh, Stiúrthóir Ealaíne ar an Ionad Ealaíon Mermaid, bainisteoir ginearálta le Compántas Amharclainne Fishamble, agus d’oibrigh sí chomh maith le Compántas Amharclainne Druid,  Féile Choiméide the Cat Laughs, An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann.  D’oibrigh sí ar bhonn féinfhostaithe le réimse leathan eagraíochtaí lena n-áirítear Theatre Forum, Sing Ireland, the Performance Corporation agus Age & Opportunity. Bhí sí ina Príomhléiritheoir leis an bhFéile Leabhar Mountains to Sea DLR agus Stiúrthóir Cláir le Féile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt.

Bhí sí ina ball den phainéal moltóireachta do Ghradaim Amharclannaíochta na hÉireann in 2002 agus in 2006 agus bhí sí ina cathaoirleach ar an bpainéal in 2003. Bhí sí ina comhalta boird ar Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh, Ionad Tyrone Guthrie, Dánlann Butler, Compántas Amharclainne Barabbas agus Ionad Ealaíon Dock.

Ceapadh í ar Choiste Comhairleach Saineolaithe Chultúr Éireann in 2013 agus bhí sí ina comhalta ar bhord rialaithe UCC ó 2014 go dtí 2018.

D’fhás Maureen aníos i mBéal Átha Longfoirt, Co. Chiarraí, agus is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í.

 

Yvonne O’Neill

Tá an-chuid taithí ag Yvonne ina ceannaire ardspreagtha a bhfuil breis is 30 bliain caite aici ag obair i seirbhísí cúraim shóisialta ar fud an HSE.   I gcaitheamh na mblianta sin, cuimsíodh ar a cuid ról, pleanáil straitéiseach agus seirbhíse, bainistiú feidhmíochta, feabhsúchán agus athrú, chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí a sheachadadh.

D’fhonn na róil sin a chomhlíonadh bhí gá le caidrimh láidre laistigh agus ar fud teorainn eagraíochta, chliniciúla, oibríochta agus bhainistíochta, chun tacú le seirbhís a sheachadadh agus chun comhpháirtíocht a fheabhsú le húsáideoirí seirbhíse agus leis an bpobal.  Tá stiúir glactha agus bainistiú déanta ag Yvonne ar athrú agus ar nuálaíocht ardphróifíle agus dhúshlánach a raibh comhthéacs agus cur chuige dírithe ar an duine mar thaca faoi.   Rinneadh sin trí cheannaireacht arna bhrú chun cinn ag luachanna, trí bhéim a leagan ar thorthaí agus trí thacú le comhghleacaithe a gcumas iomlán a bhaint amach.  Ar phríomhfhreagracht chomhuainíochta i gcaitheamh na mblianta sin bhí sí ag obair go solúbtha i gcórais chasta lenar bhain tosaíochtaí comhsháraitheacha agus bainistíocht/maolú riosca iomchuí fad a d’uasmhéadaigh sí comhlíonadh le réimse rialuithe acmhainne agus fad a chuir sí luach chun cinn.  Ina Stiúrthóir Náisiúnta Oibríochtaí Pobail di faoi láthair, tá sí freagrach as agus cuntasach as seirbhísí seasta agus sábháilte cúraim shláinte agus shóisialta pobalbhunaithe a sheachadadh ar bhonn tarmligthe arna stiúradh go náisiúnta lena foireann oibríochta pobail agus naonúr Príomhoifigeach.

Tá an-spéis ag Yvonne i gceannaireacht, i bhforbairt eagraíochta agus i meantóireacht/i gcóitseáil.  Nuair nach mbíonn Yvonne ag obair is breá léi a bheith ar an taobhlíne ag cluichí Camógaíochta ag tacú le hiarrachtaí Chlub Chill Droichid agus le Contae Chill Dara, is maith léi freisin a bheith ag cnocadóireacht in áit ar bith nach bhfuil an fána róghéar agus dul chuig ceol beo agus chuig an amharclann.

 

Justine Foster

Chaith Justine Foster roinnt blianta ag obair ina hamharc-ealaíontóir i gcomhthéacs poiblí agus pobail sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Faoi láthair tá sí ina Bainisteoir Cláir in Ionad Ealaíon Uillinn Iarthar Chorcaí áit a mbíonn sí ag obair chun deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí obair a dhéanamh agus don phobal chun páirt a ghlacadh sna healaíona. Sa ról seo, tá roinnt tionscadal i gcomhar forbartha aici agus béim ar chomhpháirtíochtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a chruthú. In 2002, rinne sí Clár Comhpháirtíochta maidir le hEalaíona don tSláinte a thionscnamh i gcomhar le FSS, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí agus Comhairle Chontae Chorcaí atá fós á bhainistiú aici. Tá Justine ina ball de Chomhordaitheoirí Ealaíon agus Sláinte na hÉireann.

Sceideal

10.00am – 10.05am               Taibhiú ceoil tosaigh

10.05am – 10.15am               Aitheasc tosaigh

10.15am – 10.45am               Díospóireacht phainéil  An Cás do Shláinte a Fheabhsú leis na hEalaíona agus leis an gCruthaitheacht

10.45am – 10.50am               Físeán: Cás-Staidéar 1

10.50am – 11.30am               Díospóireacht phainéil Leigheas a nascadh leis na hEalaíona agus leis an gCruthaitheacht

11.30am – 11.40am               Ráiteas clabhsúir an phainéil

11.40am – 11.45am               Sos

11.45am – 11.50am               Físeán: Cás-Staidéar 2

11.50am – 12.30am               Díospóireacht phainéil Na hEalaíona agus an Chruthaitheacht ina Straitéis d’Fholláine an Phobail

12.30am – 12.40am               Ráiteas Clabhsúir na Comhdhála

 

Stay up to date

×