Skip to main content
dfgdfgdfgdfgdfgdfgdfg dddfghdfg fhfgh d dfg d

Cruinniu Aiseolas

Cruinniú na nÓg

Lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga – deis do chách faoi 18 féith na cruthaitheachta a chur ag obair!

Beidh na céadta imeachtaí, ceardlann, taispeántas agus léirithe, ina ndíreofar go speisialta ar cheardlanna do thosaitheoirí len iad a spreagadh chun tabhairt faoi rud éigin nua. Beidh go leor ar siúl idir sciatha a dhéanamh, cluichí a chódú, eitleoga na Seapáine a dhéanamh agus grianghrafadóireacht seomra dorcha agus ceardlanna fíodóireachta taipéisí, is iontach an deis é Cruinniú na nÓg do dhaoine óga an mhian rúnda atá acu a bhaint amach nó an chruthaitheacht atá iontu a scaoileadh!

Agus tá sé seo uilig ar fáil saor in aisce – agus i do cheantar féin. Socrófar clár na n-imeachtaí i ngach contae laistigh do do cheantar féin – agus is iad na Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta i ngach ceann de na húdaráis áitiúla a chuirfidh ar fáil iad.

Agus níos tábhachtaí arís, ní hamháin go mbaineann Cruinniú le nithe ar féidir leat tabhairt fúthu – ach gheobhaidh tú an deis cuidiú linn ár n-intinn a dhéanamh suas faoi nithe cruthaitheacha ar féidir le daoine óga ar fud na tíre a dhéanamh in 2021!

Inis dúinn faoi na nithe cruthaitheacha ar mhaith leat a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc Comhrá. Baileoidh an fhoireann anseo ag Éire Ildánach do chuid smaointe go léir agus roinnfidh siad na smaointe lenár gcomhordaitheoirí Cruinniú ar fud na tíre. Cuideoidh do thuairimí – na nithe ar mhaith leat iad a dhéanamh agus a thriail – linn go léir smaoineamh ar nithe iontacha a d’fhéadfaimis a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Is féidir leat féachaint anseo ar roinnt de na nithe cruthaitheacha iontacha a bhí ar bun ag Cruinniú na nÓg i mbliana





Stay up to date

×