Skip to main content
Paper T rex, Kilkenny

Cill Chainnigh

Is é a fhágann suntas ó thaobh cúrsaí cultúir le Contae Chill Chainnigh seachas áiteanna eile in Éirinn is ea go mbíonn rudaí ar siúl don uile dhuine, óg agus aosta, agus fáilte roimh an uile dhuine a theacht i láthair. Tá saoithiúlacht agus sainiúlacht ag baint leis an oidhreacht i gCill Chainnigh, timpeallacht iléagsúil faoi leith maidir le cúrsaí ealaíne agus is lárionad atá ann maidir le ceardaíocht agus dearthóireacht, cultúr agus cruthaitheacht.

Tuigtear an ról claochlaitheach a bhíonn ag cúrsaí cultúir i saol an duine, an tairbhe a dhéantar don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta uileghabhálach agus don fhorbairt inmharthana. Is é dúshlán a chuirtear romhainn ar fad saol an chultúir sa Chathair agus sa Chontae a chothú agus a fheabhsú trína chinntiú go mbíonn gnéithe infreastruchtúir agus cistíocht ar fáil lena ndeimhnítear an leas is fearr á ghnóthú ag an bpobal agus a mbíonn súil ag daoine leis maidir le beartaíocht cultúir agus forbairt á chur ar fáil.

Tá traidisiún leathanréimseach, iomráiteach, bríomhar i gCathair agus i gContae Chill Chainnigh maidir le cúrsaí Cultúir, Oidhreachta agus Ealaíne agus iad ar fad ina ndlúthchuid den saol i gCill Chainnigh. Bíonn ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus daoine a bhfuil suim ach sa chultúr, san oidhreacht agus sa chruthaitheacht ag tarraingt go tréan ar an áit. Is fada cúrsaí oidhreachta agus ealaíne, den uile chineál, á gcothú agus á gcur ar taispeáint i gCill Chainnigh rud a fhágann go mbaineann saoithiúlacht láidir leis an gcontae. Is gnéithe suntasacha i gcónaí an ealaín, an chruthaitheacht agus an oidhreacht i saol Chill Chainnigh agus cuireann siad go mór leis an dul chun cinn i gcúrsaí sóisialta, cultúrtha, cruthaitheachta, eacnamaíochta agus polaitíochta i gCill Chainnigh.

Tá réimse leathan d'ionaid agus d'eagraíochtaí cultúir ar fáil i gCill Chainnigh agus tá clú agus iomrá ar na féilte a eagraítear ann, ina measc Féile Ealaíne Chill Chainnigh, Féile Grinn Cat Laughs, Féile Bia Savour Food, Féile Kilkenomics, Féile Scannán Idirnáisiúnta le Fotheidil, Féile Anamúlachta Chill Chainnigh agus féile ceoil TradFest. Is i gCill Chainnigh atá an Chomhairle Oidhreachta, Dánlann na mBuitléireach, Comhairle Náisiúnta Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, an Dánlann Náisiúnta Dearthóireachta agus Ceardaíochta, stiúideo anamúlachta Cartoon Saloon agus Iarsmalann Mhíle na Meánaoise suite.

Tá saoithiúlacht agus sainiúlacht ag baint leis an oidhreacht ealaíne agus cultúir i gCill Chainnigh, timpeallacht iléagsúil faoi leith ann maidir le cúrsaí ealaíne agus é ina lárionad maidir le healaín, dearthóireacht, ceardaíocht, cultúr agus cruthaitheacht. Is contae é ina dtuigtear an ról claochlaitheach a bhíonn le cúrsaí cruthaitheachta, ealaíne, oidhreachta agus cultúir i saol an duine.

Tá Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chill Chainnigh dírithe ar an bprionsabal faoin gclár Éire Ildánach go gcruthaíonn rannpháirtíocht i mbearta cultúir cruthaitheacht an duine agus cruthaitheacht an phobail. Ón mbliain 2017 i leith, eagraíodh tionscadail agus tionscnaimh faoi scáth chlár Éire Ildánach i gCill Chainnigh d'fhonn an tionchar a léiriú a bhíonn ag rannpháirtíocht i gcúrsaí cultúir agus i gcúrsaí sóisialta ar shláinte an duine go ginearálta. Leis na tionscadail a cuireadh i gcrích go dtí seo faoin gclár Éire Ildánach, cuidíodh leis an bhfiúntas atá ó nádúr leis an gcultúr a chur chun cinn, chomh maith le haird agus tuiscint ar an gcultúr agus ar an gcruthaitheacht i gContae Chill Chainnigh.

Image ALT text

Knitted Together Project

Open Video

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Anne Marie Shortall

Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Majella Keating

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Lar Power

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Mary Mulholland

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Martin Prendiville

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Denis Malone

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Tim Butler

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Mary Butler

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

Josephine Coyne

Leabharlannaí Contae

Teagmháil

Francis Coady

Oifigeach um Chaomhnú Ailtireachta

Teagmháil

Laura Murphy

Oifig Oidhreachta agus Ealaíon, An Roinn Pobail

Teagmháil

Martina Comerford

Oifigeach Turasóireachta

Teagmháil

Jan McIntyre

Ailtire Feidhmiúcháin

Teagmháil

Ronan Ryan

An Roinn Pobail

Teagmháil

Catherine Cooney

Gnóthaí Corparáideacha

Teagmháil

Janette Boran

Comhordaitheoir Éire Shláintiúil

Teagmháil

Frank Stafford

Innealtóir Sinsearach Gníomhach

Teagmháil

Aileen McGrath

Oifigeach Sinsearach Forbartha Fiontair, An Oifig Fiontair Áitiúil

Teagmháil

Bernadette Moloney

Oifigeach Comhshaoil

Teagmháil

Dearbhala Ledwidge

Climate Action Coordinator

Teagmháil

Regina Fitzpatrick

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Ár Straitéis

Kilkenny County’s Culture and Creativity Strategy enhances cultural, artistic and literacy participation throughout the county. Our programmes support individuals and their communities in County Kilkenny. Our goal is to promote community and civic participation, social inclusion and a better sense of place and identity.

Kilkenny-1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×