Skip to main content
Fulbright Ireland-USA Picture Conor McCabe Photography.


Nuacht

37 Dámhachtaí Fulbright as Éirinn do 2023-2024 fógartha

Scroll
min read

37 Dámhachtaí Fulbright as Éirinn do 2023-2024 fógartha

min read

12/06/23

37 Dámhachtaí Fulbright as Éirinn do 2023-2024 fógartha

Is údar ríméid don Roinn Gnóthaí Eachtracha, don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, do Chargé d'Affaires na Stát Aontaithe chun na hÉireann, Mike Clausen, 37 Dámhachtaí Fulbright as Éirinn do 2023-2024 a fhógairt. Bronnadh na dámhachtainí ar an lucht faighte ag searmanas in Áras Cónaithe Ambasadóir na Stát Aontaithe an 8 Meitheamh.

Freastalóidh acadóirí, gairmithe, mic léinn agus cainteoirí Gaeilge ar 17 n-institiúid cheannródaíocha i Stát Aontaithe Mheiriceá chun dul i mbun taighde, staidéir, teagaisc agus comhoibrithe le saineolaithe ina réimsí ó Lúnasa 2023 go Lúnasa 2024.

Tá clár malartaithe déthaobhach Fulbright aitheanta as iarratasóirí den scoth a roghnú ar fud Oileán na hÉireann chun dul i mbun staidéir agus oibre le hinstitiúidí sna Stáit Aontaithe ar fud gach disciplín ó shláinte, eolaíocht, teicneolaíocht agus gnó go healaíona agus cultúr. De réir mar a théann dámhachtaithe Fulbright chun tosaigh leis na deiseanna spreagúla seo, tá fairsinge a gcaidreamh sna Stáit Aontaithe éagsúil agus éachtach.

Tá na ceangail idir Éire agus na Stát Aontaithe níos láidre ná mar a bhí riamh le cuairt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden ar Éirinn, tabharfaidh 37 dámhachtaí as Éirinn aghaidh ar na Stáit Aontaithe le smaointe agus eolas a mhalartú agus chun feidhmiú mar ambasadóirí cultúrtha. Agus an méid sin á dhéanamh acu treisíonn siad na ceangail idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Éire chun tuiscint agus comhbhá a theastaíonn go géar i saol an lae inniu atá níos deighilte ná mar a bhí riamh a chruthú.

San áireamh i roghnú na bliana seo tá beirt de na buaiteoirí ó Fulbright-Éire Cruthaitheach Susan Boyle agus an Dr Kevin McDermot.

Is taighdeoir deochanna agus drámadóir í Susan Boyle. Tá a cuid taighde PhD ag an Ollscoil Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath i Staidéar Deochanna agus baineann sé le feidhmíocht, scéalaíocht agus céadfach eispéiris deochanna tumoideachais. Faigheann sí tacaíocht ó Scoláireacht Sármhaitheasa TU Bhaile Átha Cliath agus maoiniú ón Centre for Franco-Irish Studies. Mar Chomhaltacht Músaem Fulbright-Creative Ireland ag Dámhachtain Smithsonian, cuirfidh Susan tús le comhaltacht ag Músaem Smithsonian de Stair Mheiriceá, Washington DC ag fiosrú tionchar na n-inimirceach Eorpach ar ghrúdaireacht agus driogadh réamh-thoirmeasc sna S.A.

Is scríbhneoir seanbhunaithe ficsean leanaí é an Dr Kevin Mc Dermott, cleachtóir ealaíon san oideachas a bhfuil taithí aige, agus tacadóir don scríbhneoireacht chruthaitheach san oideachas. D’oibrigh sé ar roinnt cónaitheachtaí scoilbhunaithe scríbhneoireacht chruthaitheach, le tacaíocht ó Éigse Éireann agus Tionscadal Leabharlann Taispeána an TSCS. Mar Scoláire Comhaltachta Gairmiúla Fulbright-Éire Cruthaitheach, ag obair leis an Tionscadal Náisiúnta Scríbhneoireachta in Berkeley, forbróidh sé an teoiric agus an cleachtas a bhaineann le casadh le scríbhneoirí óga i gceardlann na scríbhneoireachta cruthaithí d’fhonn iad a éascú lena dtaithí a fhiosrú, a cheistiú agus a cheiliúradh, i gcúinsí agus sainiúlacht a ndomhan féin, ina bhfocail féin.

Taistealóidh na dámhachtaithe chuig 17 stát ar fud Stát Aontaithe Mheiriceá á neadú féin in institiúidí a théann ón Dana-Farber Cancer Institute i mBastún, Poets House Nua-Eabhrac agus Ollscoil Hawaii, go dtí an Smithsonian Institution agus an East Los Angeles College – an coláiste pobail is mó in California. Beidh Scoláirí agus Mic Léinn Fulbright as Éirinn agus Cúntóirí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA’nna) rannpháirteach freisin le sochaí na Stát Aontaithe agus ag comhroinnt a gcuid eolais agus saineolais ar fhilleadh abhaile dóibh.

 

 

1 Dámhachtaí Cónaitheach as Éirinn

An Comhollamh Tom Felle

10 Mac Léinn Fulbright as Éirinn

Susan Boyle; Conall Geoghegan Moore; Luke Gibbons; Eoin Oude Essink; Áine McBride/Mac Giolla Bhríde; Terence McSweeney; an Dr Lukas O’Brien; Andrew Ó hEachteirn; Jessica O’Neill; an Dr Daniel O’Reilly

9 FLTA Fulbright

Abaigéal Drummy; Niamh Hetherington; Annie Mary Jowett; Conchobhar Mac Giolla Bhríde; Caoimhe Ní Chonghaile; Shauna Ní Dhochartaigh; Eibhlín Seoige Nic Cormaic; Seán Ó Coistealbha; Niall Páirc

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus sa Roinn Oideachais, Thomas Byrne TD:

“Tá ár stair chomhroinnte agus ár luachanna coitianta mar bhonn taca leis an dlúthchaidreamh idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Is teistiméireacht é Coimisiúin Fulbright agus na Fulbrighters, san am atá caite agus san am i láthair, ar na traidisiúin is fearr den mhalartú acadúil agus cultúrtha agus tá cáil thar barr orthu ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn. Tá Rialtas na hÉireann mórtasach a dtacaíocht a thabhairt don chlár seo, ag a bhfuil ról ríthábhachtach ó thaobh cur le tuiscint trasatlantach agus ceangail acadúla iontacha a chruthú tríd an Roinn Gnóthaí Eachtrach agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Comhghairdeas ó chroí agus gach dea-ghuí ar Dhámhachtaithe Fulbright na hÉireann 2023-2024.”

Dúirt Mike Clausen, Chargé d’Affaires na Stát Aontaithe chun na hÉireann:

“Is ionann an Clár Fulbright agus tionscnamh malartaithe oideachais agus cultúir idirnáisiúnta mór le rá rialtas na Stát Aontaithe. Tá ról ríthábhachtach ag an gclár ó thaobh an dlúthchaidrimh uathúil idir na Stáit Aontaithe agus Éire a chothabháil agus a chur chun cinn. Malartaíonn dámhachtaithe Fulbright taighde, eolas, smaointe agus cultúr agus cuireann le fadhbanna tábhachtacha domhanda a réiteach. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le dámhachtaithe na bliana seo agus gach rath a ghuí orthu sna Stáit Aontaithe agus níos faide ar shiúl.”

Dúirt an tOllamh Diane Negra, Cathaoirleach Choimisiún Bhord Fulbright na hÉireann:

“Táim ag labhairt thar ceann Choimisiún Bhord Fulbright na hÉireann go léir agus comhghairdeas á dhéanamh agam leis na 37 dámachtaí Fulbright ar a ndámhachtainí a fháil. Is ionann Fulbright agus taighde ardleibhéil, barr feabhais acadúil agus comhoibriú traschultúrtha agus is mian liom gach rath a ghuí ar na dámhachtaithe agus iad ag taisteal chuig na Stáit Aontaithe, beidh siad ag bualadh le líonra bríomhar d’alumni gairmiúil agus beidh taithí á fháil acu ar mhalartú cultúrtha agus oideachais atá saibhir agus uathúil a chuimsíonn dámhachtain Fulbright.”

Dúirt an Dr Dara FitzGerald, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Choimisiún Fulbright in Éirinn:

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na dámhachtaithe nua ar an onóir mhór seo agus Dámhachtain Fulbright bainte amach acu. Tá an Coimisiún bródúil as dámhachtaithe na hÉireann a bhíonn ag gabháil den rannpháirtíocht sna Stáit Aontaithe agus a fhilleann abhaile agus a chomhroinneann an méid atá foghlamtha acu. Is mian liom buíochas a ghlacadh leis na comhpháirtithe, leis na páirtithe leasmhara agus leis an lucht urraíochta a thacaigh linn le blianta anuas. Ní féidir luach a chur ar an tacaíocht atá a chur ar fáil acu i láthair na huaire agus atá curtha ar fáil leis na blianta.

Is mian liom aitheantas a thabhairt don chaidreamh atá againn, caidreamh atá ag dul i méid leis na hOllscoileanna Teicneolaíochta, lena n-áirítear, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre, An tIarthar Láir, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Is mian linn gach rath a ghuí orthu agus iad ag forbairt agus soláthróimid tacaíochtaí dá dtionscnaimh.”

Osclófar an chéad bhabhta iarratais eile ar Dhámhachtainí Fulbright in Éirinn an 28 Lúnasa 2023.

Ba cheart d’iarratasóirí leasmhara cuairt a thabhairt ar www.fulbright.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Stay up to date

×